Reachtaireacht Chearc.
Cad iad na héanlaithe circe is fearr le
haghaidh bídh? Tá trí cinn dá gcineálaibh nach
miste a luadh ann, An Dorcing, Indian Game
agus Old English Game. Éan ar fheabhas
'seadh an Dorcing. Tá déanamh maith uirthi agus
dá ndéanfaí a fuil a mheascadh le fuil an Indian
Game d'oirfeadh sí go maith chun ramharuighthe
le haghaidh an mhargaidh.
I n-aois a dá bhliadhan go leith sin é an uair
gur cheart an chearc do mharbhughadh nuair a
bhíonn áth-fhás ag teacht ar a clúmh. Tá an chuid
is fearr dá ré caithte aici i gceann na haimsire
sin agus beidh an fheóil ag dul chun dirigh innti
mar adhbhar bídh as son amach. An túisce
marbhuightear an chearc badh cheart an clúmh do
bhaint di an fhaid d'fhanann an teas innti. Mara
deintear soin is deacair a dhéanamh le haon
tslacht an tráth imthigheann fuaire an bháis uirthi.
Tá slighe áirithe chun a marbhuighthe agus badh
cheart a heolas do chur d'fhonn is go mbainfidhe
an t-anam aistí agus gan acht an pionós is
lugha dá breith le na dhéanta.
Ceangluightear na cos dá chéile go daingean
ar dtúis. Beirtear annsoin ar láimh chlé ar
cheann na circe agus baintear casadh go tapaidh
agus go haicilidhe as an muinéal leis an láimh
dheis. Is mór an déirc an chearc bhocht do chur
chun báis ar an nós soin seachas an marbhughadh
náireach d'imiruightear uirthi uaireannta. Ní
hannamh a chítear an duine ar aineolas na
slighe sin, scian mhaol na láimh aici i lár an
urláir, í ag gearradh agus ag státhadh go dtí
go stracann sí an ceann ó cholainn na circe.
Bíonn an chearc bhocht annsoin ar an úrlár ag
stracadh leis an mbás, í ag léimrigh agus ag
únfairt, fuil a croidhe dá tabhairt aici fé'n
gcéasadh a tugadh di. Truagh chroidhe le haon
Chríostuidhe bheith ag féachaint uirthi. Is
baoghalach go bhfuil an obair náireach seo ró-
choitchianta fós i gceanntaraibh áirthithe cé gur
fada anois ag guth na Críostuidheachta ag labhairt
nár measc.
An Chearc Breith.
Mo chomhairle do na daoinibh atá ag cuimh-
neamh ar ghabháil le tógaint chearc: gan acht an
cineál is oireamhnaidhe do thoghadh an chéad lá.
Gabhann tréithe fé leith le gach treibh agus ní
fuláir eolas do chur ar na tréithibh sin sara a
ndéanfar an toghadh. Is fuirist é sin a
dhéanamh an té théidheann na bhun i gceart. Cuir
i gcás go mbeadh duine ann go mbeadh áit
chumhang aici i gcóir chearc, 'sé is dóichighe go
mbeadh cuid de na héanaibh istigh sa chró aici ó
am go ham, agus má bhídh, is i ndorchadas a
bheidh siad. 'Sí an Minorca an treabh is fearr
fhuilingeann an cumgar slighe agus doircheacht
an chró. Is maith an chearc chun breith í agus is
annamh a thagann fonn guir ar cheann aca. Cearc
mhaith chun breith an Leghorn tráth is gur féidir
léi cur suas le fuacht agus le cruadhas
doininne, agus is annamh ná cuirtear i n-aon
ghaor leis an Mionarca í. Ghabhann sé de dhuthchas
an Plymouth Rock, Wyandotte, Orpington,
Hondan, Faveroller agus an Sussex a bheith
go maith chun breith i gcaitheamh an gheimhridh. Ní
hannamh a cloistear gearán, amh, nach ar
fonganamh i n-aon chor a dh'oireann cuid des
na héanlaithibh, atá luaidhte agam, don tí seo,
is deir na seaniúndúirí gur bhfearr a raghadh
sé chun leasa an gnótha dá bhféadfaidhe an
tseanfhuil a mheascadh leis an bhfuil nua.
Galar coitchianta i measc na gcearc, bogán
dá mbreith aca. Is gnáth dá thrúig leis an
ngalar soin agus is fuirist iad do leigheas.
An iomad bídh agus é ró-bhog dá chaitheamh ag na
cearcaibh is minicidhe fé ndeara na bogáin. Ní
gádh acht atharrughadh bídh den tsaghas cheart do
sholáthar dóibh chun é sin do leigheas. Minic
a ráinigheann i gcúrsaí siubhail na circe ná beir-
eann sí ar a sáith de bhiadh oireamhnach d'fhonn
clúdach cruaidh do sholáthar dá hubh. Chuige
sin ní mór earraí fé leith do chur na treó;
cuir i gcás gairbhéal, nó gainimh, nó aol. Ní
ró-mhaith d'oireann don chirc min bhuidhe d'fhagháil
mar adhbhar bídh, cé gur b'é an biadh is coitchianta
dá fhagháil aici. Do b'fhearr di beagán arbhar
bhruighte agus cruinneachta gach re lá, agus má
bhíonn fagháil ar bláthaigh nó bainne ramhar, nó
bainne ón deighiltheóir ba cheart a bheag nó a mhór
díobh a mheascadh sa bhiadh di.
Cait Ní Dhonnchadha.