Historical Irish Corpus
1600 - 1926
Historical Dictionary of Irish
Search the corpus
Browse the Text Archive 1600-1926
Cúis an Mháinséalaigh
Title
Cúis an Mháinséalaigh
Author(s)
Ní fios,
Composition Date
1912
Publisher
An Claidheamh Soluis
Téacs
Comhad TEI
Gnáth-Théacs
Comhad ePub
Search Texts
Enter word/phrase
Search Type
Headword
Standardised
Exact match
Phrase
Word Type
All
Adjective
Noun
Preposition
Pronoun
Verb
Verbal Noun
Poetry/Prose
Both
Prose
Poetry
Set Dates
1600
1926
Cúis an Mháinséalaigh. Tionóladh cruinniughadh de mhuintir Bhaile Átha Cliath i dteach an Árdmhaoir Dia hAoine na seachtmhaine seo caithte chun cúis na n-oidí sgoile do phléidhe. Cruinniughadh maith mór a bhí ann agus bhí misneach ina ghlór. Chuir briseadh an Mháinséalaigh fearg ar Ghaedealaibh agus b'shin é an fáth go rabhadar go líonmhar sa gcruinniughadh. Bhí an Craoibhín ar dhuine de na cainnteoiribh. Dubhairt sé go raibh sean-aithne aige ar an Máinséalach agus nach raibh aige ach árdmheas air. Atá trí rudaí ag goill ar oidíbh de réir baramhla an Chraoibhín; 1. Coinnightear cunntaisí na gcigirí fá rún agus ní tugtar faill do oide iad a bhréathnughadh nuair atá siad bréagach nó mícheart. 2. Nuair a tugtar breith a bhriste ar oide níl aon dul siar air sin. Déantar oidí do bhriseadh ós íseall agus ní leigtar dóibh sgéal iomlán i dtaobh na gcor atá curtha ina leith. 3. Cumhacht an chigire is cionnach leis an tíoran- tacht so. Is féidir le cigire oide ar bith do bhriseadh má thogruigheann sé é. Chuaidh an Craoibhín go dtí an cruinniughadh le taisbeáint do na hoidíbh go bhfuil Connradh na Gaedhilge ar a dtaobh sa troid seo i n-aghaidh an Bhuird Ghallda. Chuaidh sé ann freisn fá go raibh meas aige ar an Mháinséalach. Chaith an Máinséalach tamall maith ag obair ar son na Gaedhilge ar an gCoiste Gnótha i n-éinfheacht leis an gCraoibhín. Bhí sé ina dhalta de Choláiste na Mumhan tráth, agus tá sé anois ar Choiste na Coláiste. Thosuigh sé ar an nGaedhilg do mhúineadh ina sgoil bliadhanta ó shoin. Bhíodh sé ag cuidiughadh le craobhachaibh an Chonnartha. 'Deir an “Fear Mór” go raibh sé réidh i gcomh- naidhe chun cabhruighthe le Coiste Ceanntair 'Liaim Daill. Fear nach bhfuil sgáth ar bith air 'seadh é. Ba chuma leis an Bord gallda. Bhí sé féin Gaedhealach agus níor cheil sé an oileamhaint chóir ar dhaltaibh na sgoile. Is maith an comhartha an tír uile a bheith ag labhairt ar a shon agus i n-aghaidh an Bhuird. Tá meas ag Gaedhealaibh ar fhearmhalacht agus seasfaidh siad do na hoidíbh an fhaid is atáid ar thaobh a gcine féin. Is é ar mbaramhail go mba cheart do oidíbh Thiobruid Árann cur go dian i n-aghaidh an Chigire Welply. Má aontuigheann na bainis- teoirí sgoile go bhfuil éagcóir déanta ar an Máinséalach ba cheart dóibh na sgoltacha atá fá na gcúram do dhúnadh in aghaidh an chigire. Má dhiúltuigheann siad-san dó tá deireadh leis. Caithfidh an Bord é a chur as an gceanntar. Éireannaigh 's eadh na bainisteoirí sgoile chomh maith le Connradhthóiríbh agus oidíbh agus táthar ag súil le beart maith agus gníomh fearamhail uatha an t-am so. Chídhtear dúinn go bhfuil bainisteoir na sgoile a bhfuil an Máinséalach innti ar thaobh an mhúinteóra. Is maith an fear é agus ba chóir do bhainisteoiríbh an cheanntair seasamh leis i n-aghaidh an chigire. Ní bhéidh le déanamh aca ach diúltughadh do Welply agus sguabfar é. Is cinnte anois gur fá mhúisiam a chuir an Máinséalach ar an Starcach do briseadh é. Rinneadh cainnt ní ba láidre ná cainnt an Mháinséalaigh ag Coiste Gnótha na nOidí roimhe sin acht níor fríoth lucht ar bith uirthi. Gheall an Craoibhín do na hoidíbh go mbeadh an Connraadh leo sa troid. Is mian le Gaedhealaibh cóir cheart do bheith ag na hoidíbh. Is mian linn daoine a bhéas dílis d'Éirinn a bheith ins na sgoltacha. Is mian linn misneach a bheith ag na hoidíbh seasamh ar son na Gaedhilge mar do sheas an Máinséalach agus Seán Mac na Midhe. Ní mór linn tuarastal maith a bheith ag dul do oidíbh, agus ba mhaith linn an cumhacht atá anois ag cigiríbh do bhaint díobh. Is chun aigne agus inntleacht Gaedheal do dhaoradh do cuireadh an cruaidhcheangal ar oidíbh. Is chun an ceangal soin d'fháisgeadh ortha atá an Bord ann. Tá an Connradh ag bagairt briseadh ar an mBórd le fada. Tá áthas orainn anois go mbéidh oidí agus Connradhthóirí guala ar ghualainn sa troid ar son Buird a bhéas Gaedhealach agus fá smacht ag Gaedhealaibh.
19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services