Historical Irish Corpus
1600 - 1926

Cúis an Mháinséalaigh

Title
Cúis an Mháinséalaigh
Author(s)
Ní fios,
Composition Date
1912
Publisher
An Claidheamh Soluis

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926


Cúis an Mháinséalaigh.



Tionóladh cruinniughadh de mhuintir Bhaile
Átha Cliath i dteach an Árdmhaoir Dia hAoine
na seachtmhaine seo caithte chun cúis na n-oidí
sgoile do phléidhe. Cruinniughadh maith mór
a bhí ann agus bhí misneach ina ghlór. Chuir
briseadh an Mháinséalaigh fearg ar Ghaedealaibh
agus b'shin é an fáth go rabhadar go líonmhar
sa gcruinniughadh. Bhí an Craoibhín ar dhuine
de na cainnteoiribh. Dubhairt sé go raibh
sean-aithne aige ar an Máinséalach agus nach
raibh aige ach árdmheas air. Atá trí
rudaí ag goill ar oidíbh de réir baramhla an
Chraoibhín; 1. Coinnightear cunntaisí na gcigirí
fá rún agus ní tugtar faill do oide iad a
bhréathnughadh nuair atá siad bréagach nó mícheart.
2. Nuair a tugtar breith a bhriste ar oide níl
aon dul siar air sin. Déantar oidí do
bhriseadh ós íseall agus ní leigtar dóibh sgéal
iomlán i dtaobh na gcor atá curtha ina leith.
3. Cumhacht an chigire is cionnach leis an tíoran-
tacht so. Is féidir le cigire oide ar bith do
bhriseadh má thogruigheann sé é.



Chuaidh an Craoibhín go dtí an cruinniughadh
le taisbeáint do na hoidíbh go bhfuil Connradh
na Gaedhilge ar a dtaobh sa troid seo i n-aghaidh
an Bhuird Ghallda. Chuaidh sé ann freisn
fá go raibh meas aige ar an Mháinséalach. Chaith
an Máinséalach tamall maith ag obair ar son
na Gaedhilge ar an gCoiste Gnótha i n-éinfheacht
leis an gCraoibhín. Bhí sé ina dhalta de Choláiste
na Mumhan tráth, agus tá sé anois ar Choiste
na Coláiste. Thosuigh sé ar an nGaedhilg do
mhúineadh ina sgoil bliadhanta ó shoin. Bhíodh
sé ag cuidiughadh le craobhachaibh an Chonnartha.
'Deir an “Fear Mór” go raibh sé réidh i gcomh-
naidhe chun cabhruighthe le Coiste Ceanntair
'Liaim Daill. Fear nach bhfuil sgáth ar bith
air 'seadh é. Ba chuma leis an Bord gallda.
Bhí sé féin Gaedhealach agus níor cheil sé an
oileamhaint chóir ar dhaltaibh na sgoile. Is maith
an comhartha an tír uile a bheith ag labhairt ar
a shon agus i n-aghaidh an Bhuird. Tá meas ag
Gaedhealaibh ar fhearmhalacht agus seasfaidh
siad do na hoidíbh an fhaid is atáid ar thaobh
a gcine féin.



Is é ar mbaramhail go mba cheart do oidíbh
Thiobruid Árann cur go dian i n-aghaidh an
Chigire Welply. Má aontuigheann na bainis-
teoirí sgoile go bhfuil éagcóir déanta ar an
Máinséalach ba cheart dóibh na sgoltacha atá fá
na gcúram do dhúnadh in aghaidh an chigire.
Má dhiúltuigheann siad-san dó tá deireadh leis.
Caithfidh an Bord é a chur as an gceanntar.
Éireannaigh 's eadh na bainisteoirí sgoile chomh
maith le Connradhthóiríbh agus oidíbh agus táthar
ag súil le beart maith agus gníomh fearamhail
uatha an t-am so. Chídhtear dúinn go bhfuil
bainisteoir na sgoile a bhfuil an Máinséalach
innti ar thaobh an mhúinteóra. Is maith an fear
é agus ba chóir do bhainisteoiríbh an cheanntair
seasamh leis i n-aghaidh an chigire. Ní bhéidh
le déanamh aca ach diúltughadh do Welply agus
sguabfar é.



Is cinnte anois gur fá mhúisiam a chuir an
Máinséalach ar an Starcach do briseadh é.
Rinneadh cainnt ní ba láidre ná cainnt an
Mháinséalaigh ag Coiste Gnótha na nOidí roimhe
sin acht níor fríoth lucht ar bith uirthi.



Gheall an Craoibhín do na hoidíbh go mbeadh
an Connraadh leo sa troid. Is mian le
Gaedhealaibh cóir cheart do bheith ag na hoidíbh.
Is mian linn daoine a bhéas dílis d'Éirinn
a bheith ins na sgoltacha. Is mian linn misneach
a bheith ag na hoidíbh seasamh ar son na Gaedhilge
mar do sheas an Máinséalach agus Seán Mac
na Midhe. Ní mór linn tuarastal maith a
bheith ag dul do oidíbh, agus ba mhaith linn
an cumhacht atá anois ag cigiríbh do bhaint díobh.
Is chun aigne agus inntleacht Gaedheal do
dhaoradh do cuireadh an cruaidhcheangal ar oidíbh.
Is chun an ceangal soin d'fháisgeadh ortha atá
an Bord ann. Tá an Connradh ag bagairt
briseadh ar an mBórd le fada. Tá áthas orainn
anois go mbéidh oidí agus Connradhthóirí guala
ar ghualainn sa troid ar son Buird a bhéas
Gaedhealach agus fá smacht ag Gaedhealaibh.



19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services