Historical Irish Corpus
1600 - 1926
Historical Dictionary of Irish
Search the corpus
Browse the Text Archive 1600-1926
Reachtaireacht Chearc
Title
Reachtaireacht Chearc
Author(s)
Ní Dhonnchadha, Cáit,
Composition Date
1912
Publisher
An Claidheamh Soluis
Téacs
Comhad TEI
Gnáth-Théacs
Comhad ePub
Search Texts
Enter word/phrase
Search Type
Headword
Standardised
Exact match
Phrase
Word Type
All
Adjective
Noun
Preposition
Pronoun
Verb
Verbal Noun
Poetry/Prose
Both
Prose
Poetry
Set Dates
1600
1926
Reachtaireacht Chearc. Is beag duine a ghabhann chuici cearca a chimeád ná bíonn áit fé leith aici na gcóir. Bíonn ionad ann chun beirtha agus slighe siubhail leis aici. An “cúb” is mó a tugtar ar an ionad beirthe agus istigh sa chúb cuirtear nead féir thirim. Maran féidir an féar tirim do sholáthar dhéanfaidh tuighe nó raithneach an gnó go breagh. Tá tréithe ar fheabhas ag gabhail le raithnigh nár mhiste a luadh annso .i. ná taithigheann míolta é mar ionad comhnuidhthe. Má's na suidhe le gor atá an chearc bíonn sí ar a socaireacht de bharr í bheith saor ó sna míolaibh. Ar éigin riamh a tugtar an aire is dual do chró na gcearc. Níor mhór do soin bheith go breagh glan aordha agus ann méid ba chuibhe dho do bheith ann. Dá uair sa bhliadhain ar an luighead ba cheart é ghealadh le haol ar an dtaobh istigh agus tarra do chur leis leasmuigh dhi. Na hárdain mar a dtéidhid na héanlaithe chun suaimhnis i gcóir na hoidhche ba chóir iad soin do ghlanadh le huisce-aoil d'fhonn na míol do mharbhughadh. Scaiptear an t-uisce sin mórdtímcheall agus leogtar do dul isteach ins na mionphollaibh agus ins na cúinnibh san adhmud mar is ins na háiteannaibh sin is mó a théadheann na míolta i bhfolach. Má leagtar a n-áil do bhreith ann ní beag iongnadh a dheacaireacht atá á ruagadh ar ball. Cuirtear suas na hárdáin — cláracha adhmuid is mó a bhíonn ionnta — cuirtear suas mar seo iad; gan iad d'fhágaint ró-ghairid do'n talamh, acht aoirde cuibhseach maith do dhul leó, agus gan aon tsail aca do chur ós cionn a chéile. I rith an tsamhraidh, agus go mór mór nuair a bhíonn ana bhrothal ann, ní fuláir dóirse agus fuinneóga an chró do thógaint anuas d'fhonn séideán fionnfhuar gaoithe do leogaint isteach. Má bhíonn na cearca istigh — cuir i gcás go mb'fhéidir go mbeadh cuid aca na suidhe ag breith nó ar gor — ní féidir gan rud éigin do chur ins na pollaibh ar na fallaíbh chun iad do chimeád istigh. 'Sé an rud is mó a gheibhtear ná snáthach miotail. Oireann soin go maith do'n ghnó mar théigheann an t-aer isteach tríd agus ní féidir leis na cearcaibh teacht amach. Is iomdha namhaid ag an gcirc, acht an namhaid is nimhnighe aici seadh an madadh ruadh. Minic i gciúineas na hoidhche nuair a bhíonn an saoghal na tromshuan sleamhnuigheann an sionnach fé dhéin cró na gcearc agus mara bhfuil cosc le cuibheas roimh an ngaduidhe sin is mairig na cearca bochta a bhíonn ar comhnuidhe ann. Tá cró áirithe le haghaidh na gcearc tar éis teacht chun baile chugainn. Sin é an ceann is gnáthaighe dá moladh sa tsraith léigheanta a tugann múinteóirí an Dipeártment uatha. Bíonn rothanna fén nuaghléas cró soin. Má bhuaileann taom galair na cearca is féidir an cró do chorruidhe as an áit 'na rug an galar ortha. Níor cheart thar fiche do cearc chur i n-aon tigheas ann. Is d'fhonn cosc do chur leis an ngalar a bhuaileann na héanlaithe do cuireadh an déanamh nua soin air. Oireann sé go háluinn d'fheirmeóiribh; nuair a bhíonn an foghmhar sa mhaca aca is féidir leo an cró do thabhairt amach sa pháirc agus an dioscán a d'imthigheann gan bailiughadh is gearr an mhoill ar na cearcaibh a phiocadh. Cait Ní Dhonnchadha
19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services