Reachtaireacht Chearc.
Is beag duine a ghabhann chuici cearca
a chimeád ná bíonn áit fé leith aici na gcóir.
Bíonn ionad ann chun beirtha agus slighe siubhail
leis aici. An “cúb” is mó a tugtar ar an
ionad beirthe agus istigh sa chúb cuirtear nead
féir thirim. Maran féidir an féar tirim do
sholáthar dhéanfaidh tuighe nó raithneach an gnó
go breagh. Tá tréithe ar fheabhas ag gabhail
le raithnigh nár mhiste a luadh annso .i. ná
taithigheann míolta é mar ionad comhnuidhthe.
Má's na suidhe le gor atá an chearc bíonn
sí ar a socaireacht de bharr í bheith saor ó sna
míolaibh.
Ar éigin riamh a tugtar an aire is dual
do chró na gcearc. Níor mhór do soin bheith
go breagh glan aordha agus ann méid ba chuibhe
dho do bheith ann. Dá uair sa bhliadhain ar an
luighead ba cheart é ghealadh le haol ar an
dtaobh istigh agus tarra do chur leis leasmuigh
dhi. Na hárdain mar a dtéidhid na héanlaithe
chun suaimhnis i gcóir na hoidhche ba chóir iad
soin do ghlanadh le huisce-aoil d'fhonn na
míol do mharbhughadh. Scaiptear an t-uisce
sin mórdtímcheall agus leogtar do dul isteach
ins na mionphollaibh agus ins na cúinnibh san
adhmud mar is ins na háiteannaibh sin is mó
a théadheann na míolta i bhfolach. Má leagtar
a n-áil do bhreith ann ní beag iongnadh a
dheacaireacht atá á ruagadh ar ball. Cuirtear
suas na hárdáin — cláracha adhmuid is mó
a bhíonn ionnta — cuirtear suas mar seo iad;
gan iad d'fhágaint ró-ghairid do'n talamh, acht
aoirde cuibhseach maith do dhul leó, agus gan
aon tsail aca do chur ós cionn a chéile.
I rith an tsamhraidh, agus go mór mór nuair
a bhíonn ana bhrothal ann, ní fuláir dóirse agus
fuinneóga an chró do thógaint anuas d'fhonn
séideán fionnfhuar gaoithe do leogaint isteach.
Má bhíonn na cearca istigh — cuir i gcás go
mb'fhéidir go mbeadh cuid aca na suidhe ag
breith nó ar gor — ní féidir gan rud éigin do
chur ins na pollaibh ar na fallaíbh chun iad do
chimeád istigh. 'Sé an rud is mó a gheibhtear
ná snáthach miotail. Oireann soin go maith
do'n ghnó mar théigheann an t-aer isteach tríd
agus ní féidir leis na cearcaibh teacht amach.
Is iomdha namhaid ag an gcirc, acht an namhaid
is nimhnighe aici seadh an madadh ruadh. Minic
i gciúineas na hoidhche nuair a bhíonn an saoghal
na tromshuan sleamhnuigheann an sionnach fé
dhéin cró na gcearc agus mara bhfuil cosc le
cuibheas roimh an ngaduidhe sin is mairig na
cearca bochta a bhíonn ar comhnuidhe ann.
Tá cró áirithe le haghaidh na gcearc tar éis
teacht chun baile chugainn. Sin é an ceann
is gnáthaighe dá moladh sa tsraith léigheanta
a tugann múinteóirí an Dipeártment uatha.
Bíonn rothanna fén nuaghléas cró soin.
Má bhuaileann taom galair na cearca is féidir
an cró do chorruidhe as an áit 'na rug an galar
ortha. Níor cheart thar fiche do cearc chur i n-aon
tigheas ann. Is d'fhonn cosc do chur leis
an ngalar a bhuaileann na héanlaithe do cuireadh
an déanamh nua soin air. Oireann sé go
háluinn d'fheirmeóiribh; nuair a bhíonn an
foghmhar sa mhaca aca is féidir leo an cró do
thabhairt amach sa pháirc agus an dioscán a
d'imthigheann gan bailiughadh is gearr an mhoill
ar na cearcaibh a phiocadh.
Cait Ní Dhonnchadha