Historical Irish Corpus
1600 - 1926
Historical Dictionary of Irish
Search the corpus
Browse the Text Archive 1600-1926
Comhairle an Chraoibhín
Title
Comhairle an Chraoibhín
Author(s)
Ní fios,
Composition Date
1912
Publisher
An Claidheamh Soluis
Téacs
Comhad TEI
Gnáth-Théacs
Comhad ePub
Search Texts
Enter word/phrase
Search Type
Headword
Standardised
Exact match
Phrase
Word Type
All
Adjective
Noun
Preposition
Pronoun
Verb
Verbal Noun
Poetry/Prose
Both
Prose
Poetry
Set Dates
1600
1926
Comhairle an Chraoibhín. Níl ann acht bliadhain ó rinne an Craoibhín an chainnt úd i dtaobh na Gaedhealtachta a chuir fearg ar oidíbh sgoile. Is maith an nidh fearg do chur ar dhaoinibh nach bhfuil suim aca sa tír ná sa nGaedhilg. Nuair a fuartar ar a bhfeirg, má tá siad cóir macánta ar aon chor, chídhtir dóibh nach iongnadh ar bith go bhfuiltear ag casaoid fútha. Agus muna bhfeictear dóibh an méad sin, níl aon mhaith ag cainnt leo. Caithfear leigheas eile a fhéachaint. Séard do mhol an Craoibhín bliadhain ó shoin an Ghaedhilg do chosaint agus do neartughadh san áit a bhfuil sí beo fós i mbéalaibh na ndaoine. Mhol sé comhacht do bhaint de oidíbh sgoile atá sa nGaedhealtacht agus nach bhfuil an Ghaedhilg aca, agus mhol sé na sgoltacha do fhághail réidh i gcomhair clár oideachais a bheadh feileamhnach do'n Ghaedhealtacht. Níor thaithnigh an chomhairle sin le cumannaibh na n-oidí, acht ní lucht é sin ar an gcomhairle. Bhí an Craoibhín san Ard- chraoibh arís an tseachtmhain seo ghabh tharainn. Thug sé an chomhairle chéadna uaidh agus dubhairt arís go gcaithfear an Gheadhealtacht do chosaint. Loiteadh agus lagadh an teanga ins na sgoltachaibh agus cuireadh drochmheas uirthi ag na hoidíbh agus ag bainisteóiribh sgoile. Caithfear í do chur fá mheas arís ins na sgoltachaibh. Ag caint dó i dtaobh na n-oidí nach bhfuil aon náisiúntacht aca dubhairt sé gur chuala sé go minic go raibh dhá chineál pílear ag Sasanaibh i nÉirinn, pílear an bhata agus pílear an leabhair. An t-oide atá i n-aghaidh na Gaedhilge nó an t-oide nach dtugann aire do'n Ghaedhilg, sin é pílear an leabhair, agus dá dtéidheadh an sgéal amach ar oidibh sgoile go raibh siad ar thaobh na nGall is gearr a bheadh muinntir na hÉireann ag baint cainnt agus comhacht díobh. An dream beag oidí atá ag cur i n-aghaidh Connradh na Gaedhilge táid ag milleadh fútha féin agus fá na hoidíbh ar fad, mar leanann an drochcháil do na hoidíbh uile. Mhol an Craoibhín Easpog Ratha Bhotha fá go gcuireann sá amach a chuid litreacha comhairle i nGaedhilg. Tá a shliocht sin ar an dteangain i dTír Chonaill. Tá sí ag borradh agus ag láidriughadh annsin, dá mhéid a bhfuil de Bhéarla ghá labhairt ann. Caithfidh Gaedhilgeoirí Chonnacht agus Mumhan éisteacht le Béarla na nGall nuair a chuireann easbog teachtaireacht chuca. Chuidigh Seoirse Ó Muanáin, Micheál Smidic agus Eibhlín de Buitléir, Pádraig Ó Brolcháin agus an Ceanntach le cainnt an Chraoibhín agus neartuigh siad le n-a chomhairle. Mholadar ar fad, nach mór, cuma troda do chur orainn féin. Mholadar bheith dúthrachtach agus dána i n-aghaidh lucht daortha na Gaedhilge — is cum cé hiad. Mholadar an chomhairle atá ceaptha againn féin do chur i n-umhail do'n phobal — is mairg nach ndéanann cáirde cogaidh dó féin. Is cóir dúinn cur go dian i n-aghaidh lucht an Bhéarla sa nGaedhealtacht feasta. Is fearr an troid do chur ar na Béarlóiríbh san áit a bhfuil siad ag milleadh fá'n nGaedhilg. Ní mór dúinn an troid a thabhairt chun baile do'n námhaid. Is cuma le oidíbh sgoile atá ag brughadh Béarla isteach san nGaedhealtacht lucht an Chonnradhtha bheith ag casaoid i mBaile Átha Cliath. Is cuma le cigiríbh an Bhúird an Connradh ann nó as, mar nach gcuirtear troid an Chonnradhtha chun baile dóibh. Acht dá ndéantaoi clampar agus clamhsán i dtaobh na n-oidí nGallda agus na gcigirí nGallda san áit a bhfuilid ag sgriosadh fá'n teangain bheadh critheagla ortha roimh lucht na Gaedhilge. Cuirtear fearg ar dhaoinibh atá i n-aghaidh na Gaedhilge. Cuirtear ag cur is ag cúiteamh iad. Cuirtear cáil amach ortha go bhfuilid ar thaobh na nGall. Brostuightear an tír ina n-aghaidh agus má's fiú le muintir na tíre an teanga do chosaint ortha déanfaidh siad é. Connradh bruthmhar buadhthach a theastuigheann uainn. Ní eireochaidh le aon chineál eile de Chonnradh.
19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services