Comhairle an Chraoibhín.
Níl ann acht bliadhain ó rinne an Craoibhín
an chainnt úd i dtaobh na Gaedhealtachta a chuir
fearg ar oidíbh sgoile. Is maith an nidh fearg
do chur ar dhaoinibh nach bhfuil suim aca sa tír
ná sa nGaedhilg. Nuair a fuartar ar a bhfeirg,
má tá siad cóir macánta ar aon chor, chídhtir
dóibh nach iongnadh ar bith go bhfuiltear ag
casaoid fútha. Agus muna bhfeictear dóibh
an méad sin, níl aon mhaith ag cainnt leo.
Caithfear leigheas eile a fhéachaint. Séard do
mhol an Craoibhín bliadhain ó shoin an Ghaedhilg
do chosaint agus do neartughadh san áit a bhfuil
sí beo fós i mbéalaibh na ndaoine. Mhol sé
comhacht do bhaint de oidíbh sgoile atá sa
nGaedhealtacht agus nach bhfuil an Ghaedhilg aca,
agus mhol sé na sgoltacha do fhághail réidh i
gcomhair clár oideachais a bheadh feileamhnach
do'n Ghaedhealtacht. Níor thaithnigh an chomhairle
sin le cumannaibh na n-oidí, acht ní lucht é sin
ar an gcomhairle. Bhí an Craoibhín san Ard-
chraoibh arís an tseachtmhain seo ghabh tharainn.
Thug sé an chomhairle chéadna uaidh agus dubhairt
arís go gcaithfear an Gheadhealtacht do chosaint.
Loiteadh agus lagadh an teanga ins na
sgoltachaibh agus cuireadh drochmheas uirthi ag
na hoidíbh agus ag bainisteóiribh sgoile.
Caithfear í do chur fá mheas arís ins na
sgoltachaibh. Ag caint dó i dtaobh na n-oidí
nach bhfuil aon náisiúntacht aca dubhairt sé
gur chuala sé go minic go raibh dhá chineál pílear
ag Sasanaibh i nÉirinn, pílear an bhata agus
pílear an leabhair. An t-oide atá i n-aghaidh na
Gaedhilge nó an t-oide nach dtugann aire do'n
Ghaedhilg, sin é pílear an leabhair, agus dá
dtéidheadh an sgéal amach ar oidibh sgoile go
raibh siad ar thaobh na nGall is gearr a bheadh
muinntir na hÉireann ag baint cainnt agus
comhacht díobh. An dream beag oidí atá ag
cur i n-aghaidh Connradh na Gaedhilge táid ag
milleadh fútha féin agus fá na hoidíbh ar fad,
mar leanann an drochcháil do na hoidíbh uile.
Mhol an Craoibhín Easpog Ratha Bhotha fá go
gcuireann sá amach a chuid litreacha comhairle
i nGaedhilg. Tá a shliocht sin ar an dteangain
i dTír Chonaill. Tá sí ag borradh agus ag
láidriughadh annsin, dá mhéid a bhfuil de Bhéarla
ghá labhairt ann. Caithfidh Gaedhilgeoirí
Chonnacht agus Mumhan éisteacht le Béarla na
nGall nuair a chuireann easbog teachtaireacht
chuca. Chuidigh Seoirse Ó Muanáin, Micheál
Smidic agus Eibhlín de Buitléir, Pádraig Ó
Brolcháin agus an Ceanntach le cainnt an
Chraoibhín agus neartuigh siad le n-a chomhairle.
Mholadar ar fad, nach mór, cuma troda do chur
orainn féin. Mholadar bheith dúthrachtach agus
dána i n-aghaidh lucht daortha na Gaedhilge — is
cum cé hiad. Mholadar an chomhairle atá
ceaptha againn féin do chur i n-umhail do'n
phobal — is mairg nach ndéanann cáirde cogaidh
dó féin. Is cóir dúinn cur go dian i n-aghaidh
lucht an Bhéarla sa nGaedhealtacht feasta. Is
fearr an troid do chur ar na Béarlóiríbh san áit
a bhfuil siad ag milleadh fá'n nGaedhilg. Ní
mór dúinn an troid a thabhairt chun baile do'n
námhaid. Is cuma le oidíbh sgoile atá ag
brughadh Béarla isteach san nGaedhealtacht
lucht an Chonnradhtha bheith ag casaoid i mBaile
Átha Cliath. Is cuma le cigiríbh an Bhúird an
Connradh ann nó as, mar nach gcuirtear troid
an Chonnradhtha chun baile dóibh. Acht dá
ndéantaoi clampar agus clamhsán i dtaobh na
n-oidí nGallda agus na gcigirí nGallda san
áit a bhfuilid ag sgriosadh fá'n teangain bheadh
critheagla ortha roimh lucht na Gaedhilge.
Cuirtear fearg ar dhaoinibh atá i n-aghaidh na
Gaedhilge. Cuirtear ag cur is ag cúiteamh iad.
Cuirtear cáil amach ortha go bhfuilid ar thaobh
na nGall. Brostuightear an tír ina n-aghaidh
agus má's fiú le muintir na tíre an teanga
do chosaint ortha déanfaidh siad é. Connradh
bruthmhar buadhthach a theastuigheann uainn. Ní
eireochaidh le aon chineál eile de Chonnradh.