Historical Irish Corpus
1600 - 1926
Historical Dictionary of Irish
Search the corpus
Browse the Text Archive 1600-1926
Aos Óg na hÉireann
Title
Aos Óg na hÉireann
Author(s)
Nic Ghabhann, Cáitlín,
Composition Date
1912
Publisher
An Claidheamh Soluis
Téacs
Comhad TEI
Gnáth-Théacs
Comhad ePub
Search Texts
Enter word/phrase
Search Type
Headword
Standardised
Exact match
Phrase
Word Type
All
Adjective
Noun
Preposition
Pronoun
Verb
Verbal Noun
Poetry/Prose
Both
Prose
Poetry
Set Dates
1600
1926
Aos Óg na hÉireann. Is gearr anois go mbéithear ag tosughadh ar obair an gheimhridh sna Craobhachaibh ar fud na tíre. Badh mhaith liom a fhiafruighe de lucht stiúrtha gach Craoibhe an bhfuil socruighthe aca rannganana i gcomhair na bpáisdí a chur ar siubhal, agus mara bhfuil, cad chuige nach bhfuil? Tá fhios agam go bhfuil a lán Craobhacha ann nach bhfuiltear ag déanamh tada ar son na bpáisdí ionnta — ar mhaithe leis na daoinibh fásda amháin atáid. Na tógtar orm a rádh nach bhfuil na Craobhacha céadna ag cóimhlíonadh a ndualgais do'n Ghaedhilg — gé go bhfuil a leithsgéal féin ag gach ceann aca. Is tairbheach an rud aire a thabhairt do na daoinibh fásda. Acht is ar na páisdíbh atá seasamh na tíre — ní féidir an méad sin a rádh ró- mhinic. 'Siad fáthanna nach dtugtar na páisdí isteach sna Craobhachaibh, de réir mar chloisim ag fiaf- ruighe faoi dom, ná (1) Nach gádh é, mar go mbíonn siad ag foghluim Gaedhilge ar sgoil; (2) Nach bhfuil múinteóirí le fágháil dóibh, (3) nach dtaitnigheann le daoinibh fásda na páisdí bheith i n-a measg, (4) go bhfuil an iomarca triob- lóide ag baint leis an obair, (5) Gur deacair smacht a choinneál ar pháisdíbh, (6) GO mbéionn na rannganna ar siubh tráthnóna agus go mbíonn sé ró-dheireannach ar na paisdíbh ag dul a bhaile, (7) Nár chuimnigh a gcroidhe ar aire a thabhairt do na daoinibh óga go nuige seo; (8, 9, 10, &c.) go leor fáthanna seafóideacha eile. Anois, maidir le (1) Bíodh is go mbéadh an Ghaedhilg ar an stáid cheart sa sgoil, ní hé sin le rádh go bhfuil na páisdí d'á dtabhairt suas i n-a ndeagh-Éireannaighibh, (2) Bíodh is nach bhfuil múinteoir taisdil nó múinteoir sgoile nó duine ar bith eile sa gceanntar le Gaedhilge a mhúnadh do na páisidíbh, nach bhfuil duine ar bith le fágháil a d'innseóchadh sgéalta fá Stair na hÉireann dóibh, a mhíneóchadh cuspóirí an Chonartha dóibh, a mhúinfeadh damhsa nó abhráin dóibh? (3) Ní ceart do dhaoinibh fásda agus páisdí bheith sa ranng céadna agus ná bídis mar sin, (4) Is mór an trioblóid é, ar ndóigh, na páisdí a thabhairt isteach agus iad a mhúnadh acht mara bhfuilmid toilteanach beagán oibre a dhéanamh, bhéadh sé chomh maith againn éirghe as an gConnradh agus gan bheith ag leigint orainn fein gur tír-ghrádhuightheóirí sinn, (5) Is deacair, an chéad uair, do dhuine nach dtuigeann páisdí nó nach bhfuil taithighe aige ortha, smacht a chur ortha, gan, san am céadna, na rannganna a dhéanamh mí-thaith- neamhach dhóibh, acht má bhíonn grádh ag an duine sin do na páisdíbh, “as an obair fáightear an fhoghluim,” (6) Bíodh rannganna na bpáisdí ar siubhal go moch tráthnóna — ó na-a 5 nó a 6 go dtí n-a 7 nó 7-30 a chlog, má's féidir ar chor ar bith é, agus cuirtear a bhaile iad roimh theacht do na daoinibh eile, agus (7) Déantar machtnamh ar an sgéal anois féin, agus déantar bear d'á réir. I ngach paráisde, i ngach baile, beag nó mór, sa tír, i n-a bhfuil an oiread is aon duine amháin a dtig leis gníomh creidimh a dhéanamh i ndo- mharbhthacht an Náisiúin, tugtar na páisdí le chéile an geimhreadh seo — bíodh Craobh de dhaoibibh fásda ann, nó ná bíodh. Bítear ag stócáil feasda. Fuagruighthear thríd na sgoileannaibh nó an séipéal, nó ar bhealach ar bith eile go mbéidh an chéad chruinniughadh ann a léithid seo de lá agus tugtar cuireadh dóibh a theacht ann. Nuair a thiocfaid minighthear soisgeál an Chonnartha dhóibh. Níl sé ceadmhach againn trácht ar phoilitidheacht sa gConnradh — míle buidheachas le Dia! — acht níl aon riaghail ann i n-aghaidh trácht ar Náisiúntacht — ar ghrádh tíre. Agus is tairbhighe i bhfad an spiorad cearta chur ionnta ná an Ghaedhilge féin a mhúnadh dhóibh sna Craobh- achaibh. I dteannta a chéile is fearr iad, ar ndóigh, acht mara dtuigeann na páisdí cad chuige a bhfuiltear ag athbheóchaint na Gaedhilge nó cad chuige a bhfuiltear 'ghá iarraidh a coinneál beo, má tá sí beo i n-a n-áit dúthchais fós, ní mórán suime a chuirfeas siad innti. (Agus cuireann sé sin i gcuimhne dom nach n-érigheann le n-a lán ranngann i gcomhair páisdí a cuirtear ar bun, mar gheall ar go gcoinnighthear Gaedhilg leis na páisdíbh ar feadh uaire nó mar sin, agus amannta ní bhíonn ar siubhal acht sin. Éirigheann na páisdí as). Anois is leor leath-uair a thabhirt do'n teangaidh, mar bíonn na páisdí tuirseach léis an lá a chaitheamh le staidéar; agus is beag ceacht a choinnighthear ar siubhal sa sgoil féin níos fuide ná leath-uair; agus annsin, ní thig le aon Chraoibh obair na sgoileanna a dhéanamh, agus níl aon chabhair bualadh faoi. Roinntear an t-am idir an nGaedhilg, Stair na hÉireann agus na ceachta atá le baint aisti, abhráin, damhsaí, cleasa, tomhaiseanna, sgéalta. Deántar na rann- ganna chomh taitneamhach agus chomh neamhchosamhail le sgoil agus is féidir é. Seadh, ag an gcéad chruinniughadh agus ag chuile chruinniughadh eile coinnighthear cainnt leis an aos óg. Tagann Creideamh trí Éisteacht. Músgail- tear grádh dá dtír i n-a gcroidhthibh. Cuirtear fonn troda ar son a dtíre agus a dteangadh ortha. Innstear dóibh faoi na laochraibh a d'oibrigh agus a throid agus a fuair bás ar son na hÉireann ó aois go haois agus gríosuigh iad chun aithris a dhéanamh ortha. Cuirtear i n-a luighe ortha gurab í an troid chéadna atá d'á thabhairt againn indiú — nach bhfuil a mhalairt de chuspóir romhainne ná mar bhí rómpa siúd, ná a mhalairt de námhaid againn le tabhairt faoi. D'á gcuirtí chuige i gceart, is gearr go mbéadh arm páisdí ar bun againn, réidh le cuidiughadh linn go goirid le n-a gceart a bhaint amach. Ná bíodh aon dul amudha orainn. Níl an troid seo na Gaedhilge acht ag tosughadh i gceart. Tá an troid is déine d'ar tugadh ariamh i nÉirinn romhainn amach agus ní mór dhúinn aos óg na tíre bheith guala ar ghualainn linn sa troid. Caitlín Nic Ghabhann.
19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services