Historical Irish Corpus
1600 - 1926

Aos Óg na hÉireann

Title
Aos Óg na hÉireann
Author(s)
Nic Ghabhann, Cáitlín,
Composition Date
1912
Publisher
An Claidheamh Soluis

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926


Aos Óg na hÉireann.



Is gearr anois go mbéithear ag tosughadh ar
obair an gheimhridh sna Craobhachaibh ar fud na
tíre. Badh mhaith liom a fhiafruighe de lucht
stiúrtha gach Craoibhe an bhfuil socruighthe aca
rannganana i gcomhair na bpáisdí a chur ar siubhal,
agus mara bhfuil, cad chuige nach bhfuil? Tá
fhios agam go bhfuil a lán Craobhacha ann nach
bhfuiltear ag déanamh tada ar son na bpáisdí
ionnta — ar mhaithe leis na daoinibh fásda amháin
atáid.



Na tógtar orm a rádh nach bhfuil na Craobhacha
céadna ag cóimhlíonadh a ndualgais do'n
Ghaedhilg — gé go bhfuil a leithsgéal féin ag gach
ceann aca. Is tairbheach an rud aire a thabhairt
do na daoinibh fásda. Acht is ar na páisdíbh atá
seasamh na tíre — ní féidir an méad sin a rádh ró-
mhinic.



'Siad fáthanna nach dtugtar na páisdí isteach
sna Craobhachaibh, de réir mar chloisim ag fiaf-
ruighe faoi dom, ná (1) Nach gádh é, mar go
mbíonn siad ag foghluim Gaedhilge ar sgoil;
(2) Nach bhfuil múinteóirí le fágháil dóibh, (3) nach
dtaitnigheann le daoinibh fásda na páisdí bheith
i n-a measg, (4) go bhfuil an iomarca triob-
lóide ag baint leis an obair, (5) Gur deacair
smacht a choinneál ar pháisdíbh, (6) GO mbéionn
na rannganna ar siubh tráthnóna agus go
mbíonn sé ró-dheireannach ar na paisdíbh ag dul
a bhaile, (7) Nár chuimnigh a gcroidhe ar aire a
thabhairt do na daoinibh óga go nuige seo;
(8, 9, 10, &c.) go leor fáthanna seafóideacha
eile.



Anois, maidir le (1) Bíodh is go mbéadh an
Ghaedhilg ar an stáid cheart sa sgoil, ní hé
sin le rádh go bhfuil na páisdí d'á dtabhairt suas
i n-a ndeagh-Éireannaighibh, (2) Bíodh is nach bhfuil
múinteoir taisdil nó múinteoir sgoile nó
duine ar bith eile sa gceanntar le Gaedhilge
a mhúnadh do na páisidíbh, nach bhfuil duine ar
bith le fágháil a d'innseóchadh sgéalta fá Stair
na hÉireann dóibh, a mhíneóchadh cuspóirí an
Chonartha dóibh, a mhúinfeadh damhsa nó abhráin
dóibh? (3) Ní ceart do dhaoinibh fásda agus
páisdí bheith sa ranng céadna agus ná bídis mar
sin, (4) Is mór an trioblóid é, ar ndóigh, na
páisdí a thabhairt isteach agus iad a mhúnadh acht
mara bhfuilmid toilteanach beagán oibre a dhéanamh,
bhéadh sé chomh maith againn éirghe as an gConnradh
agus gan bheith ag leigint orainn fein gur
tír-ghrádhuightheóirí sinn, (5) Is deacair, an chéad
uair, do dhuine nach dtuigeann páisdí nó nach
bhfuil taithighe aige ortha, smacht a chur ortha, gan,
san am céadna, na rannganna a dhéanamh mí-thaith-
neamhach dhóibh, acht má bhíonn grádh ag an duine
sin do na páisdíbh, “as an obair fáightear an
fhoghluim,” (6) Bíodh rannganna na bpáisdí ar
siubhal go moch tráthnóna — ó na-a 5 nó a 6 go
dtí n-a 7 nó 7-30 a chlog, má's féidir ar chor
ar bith é, agus cuirtear a bhaile iad roimh theacht
do na daoinibh eile, agus (7) Déantar machtnamh
ar an sgéal anois féin, agus déantar bear
d'á réir.



I ngach paráisde, i ngach baile, beag nó mór,
sa tír, i n-a bhfuil an oiread is aon duine amháin
a dtig leis gníomh creidimh a dhéanamh i ndo-
mharbhthacht an Náisiúin, tugtar na páisdí le
chéile an geimhreadh seo — bíodh Craobh de dhaoibibh
fásda ann, nó ná bíodh. Bítear ag stócáil
feasda. Fuagruighthear thríd na sgoileannaibh
nó an séipéal, nó ar bhealach ar bith eile go mbéidh
an chéad chruinniughadh ann a léithid seo de lá
agus tugtar cuireadh dóibh a theacht ann. Nuair
a thiocfaid minighthear soisgeál an Chonnartha
dhóibh. Níl sé ceadmhach againn trácht ar
phoilitidheacht sa gConnradh — míle buidheachas
le Dia! — acht níl aon riaghail ann i n-aghaidh
trácht ar Náisiúntacht — ar ghrádh tíre. Agus
is tairbhighe i bhfad an spiorad cearta chur ionnta
ná an Ghaedhilge féin a mhúnadh dhóibh sna Craobh-
achaibh. I dteannta a chéile is fearr iad, ar
ndóigh, acht mara dtuigeann na páisdí cad
chuige a bhfuiltear ag athbheóchaint na Gaedhilge
nó cad chuige a bhfuiltear 'ghá iarraidh a
coinneál beo, má tá sí beo i n-a n-áit dúthchais
fós, ní mórán suime a chuirfeas siad innti.
(Agus cuireann sé sin i gcuimhne dom nach
n-érigheann le n-a lán ranngann i gcomhair
páisdí a cuirtear ar bun, mar gheall ar go
gcoinnighthear Gaedhilg leis na páisdíbh ar feadh
uaire nó mar sin, agus amannta ní bhíonn ar
siubhal acht sin. Éirigheann na páisdí as).
Anois is leor leath-uair a thabhirt do'n teangaidh,
mar bíonn na páisdí tuirseach léis an lá a chaitheamh
le staidéar; agus is beag ceacht a choinnighthear
ar siubhal sa sgoil féin níos fuide ná leath-uair;
agus annsin, ní thig le aon Chraoibh obair na
sgoileanna a dhéanamh, agus níl aon chabhair
bualadh faoi. Roinntear an t-am idir an
nGaedhilg, Stair na hÉireann agus na ceachta
atá le baint aisti, abhráin, damhsaí, cleasa,
tomhaiseanna, sgéalta. Deántar na rann-
ganna chomh taitneamhach agus chomh neamhchosamhail
le sgoil agus is féidir é.



Seadh, ag an gcéad chruinniughadh agus ag chuile
chruinniughadh eile coinnighthear cainnt leis an aos
óg. Tagann Creideamh trí Éisteacht. Músgail-
tear grádh dá dtír i n-a gcroidhthibh. Cuirtear
fonn troda ar son a dtíre agus a dteangadh
ortha. Innstear dóibh faoi na laochraibh a d'oibrigh
agus a throid agus a fuair bás ar son na
hÉireann ó aois go haois agus gríosuigh iad
chun aithris a dhéanamh ortha. Cuirtear i n-a
luighe ortha gurab í an troid chéadna atá d'á
thabhairt againn indiú — nach bhfuil a mhalairt
de chuspóir romhainne ná mar bhí rómpa siúd,
ná a mhalairt de námhaid againn le tabhairt faoi.
D'á gcuirtí chuige i gceart, is gearr go mbéadh
arm páisdí ar bun againn, réidh le cuidiughadh
linn go goirid le n-a gceart a bhaint amach.
Ná bíodh aon dul amudha orainn. Níl an troid
seo na Gaedhilge acht ag tosughadh i gceart. Tá
an troid is déine d'ar tugadh ariamh i nÉirinn
romhainn amach agus ní mór dhúinn aos óg na
tíre bheith guala ar ghualainn linn sa troid.



Caitlín Nic Ghabhann.

19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services