Historical Irish Corpus
1600 - 1926
Historical Dictionary of Irish
Search the corpus
Browse the Text Archive 1600-1926
Cúrsaí an tSaoghail. Sgolaireachta Bhirrell.
Title
Cúrsaí an tSaoghail. Sgolaireachta Bhirrell.
Author(s)
Cú Uladh,
Pen Name
Cú Uladh
Composition Date
1912
Publisher
An Claidheamh Soluis
Téacs
Comhad TEI
Gnáth-Théacs
Comhad ePub
Search Texts
Enter word/phrase
Search Type
Headword
Standardised
Exact match
Phrase
Word Type
All
Adjective
Noun
Preposition
Pronoun
Verb
Verbal Noun
Poetry/Prose
Both
Prose
Poetry
Set Dates
1600
1926
Cúrsaí an tSaoghail. Sgolaireachta Bhirrell. Ní fheicim go bhfuil mórán cainnte ag lucht na Gaeghilge ar an ghléas atá ceaptha ag Árd- Rúnaidhe Ghallda na hÉireann fá choinne an £10,000 úd do chaitheamh ar gheall an Fheis thall dúinn i modh go bhfuighbheadh páisdí ó n-a bun- sgoltaibh gabhail 'un tosaigh go dtí na sgolta meadhonacha. Is iongantach liom comh socar is tá Gaedhil ar an cheist óir 'tchidhthear damhsa go mbéidh an gléas ceádna go mór i n-aghaidh na Gaedhilge má cuirtear i bhfeidhm é. Do réir an méid do chonnaic mé ins na páipéaraibh agus chan faca mé cunntas iomlán i n-áit ar bith, tá ceaptha ag an Bhireallach a gcomhthrom féin do'n airgead do thabhairt mar sgolaireachtaibh do pháisdibh i ngach Chonndae i nÉirinn agus i ngach chathair nó bhaile mór atá 'na Chonndae as féin, agus is ar na coingeallachaibh seo atá dúil aige gach sgoláireacht do thabhairt uaidh .i. go dtoghfar na páisdí, agus iad fá thuairim an dó dhéag bhliadhan d'aois ag coisde bheag bheas ainmhnighthe ó mhuintir na nIolsgoil agus muintir an Bhúird Mheadhonaigh, go rachaidh siad seo ar aghaidh trí bliadhna nó ceithre bliadhna i sgoil mheadhonaigh (ar a dtoghadh féin), agus tar éis sin go gcuirtear ar Iolsgoil iad go cionn ceithre bliadhan eile. Chá bhíonn ar na sgoláiribh, ar fá sheacht nó ocht de bhliadhantaibh acht gabhail fá sgrúdughadh cúpla uair, agus chá bhíonn an dá sgrúdughadh sin féin ró-chruadh ortha. Caithfear, b'fhéidir, £400 ar gach sgolaire le linn a sgolaireachta, agus is iad na comhairlithe Chonndae íocfas as le linn iad do bheith ar an Iolsgoil. Go deimhin agus go dearbhtha ba mhór an duais do pháisde bhocht sgolaireacht de na sgolaireachtaibh seo agus chá bheinn-se ghá mhaoidheamh ortha iad, acht go bhfuil lochta troma ar an ghléas mar tairgtear é agus go bhfuil tuairim agam go rachadh sé go mór i n-aghaidh na Gaedhilge san Iolsgoil Náisiúnta. San chéad gabhail amach ní furas toghadh do dhéanamh ar pháisdibh fá dtaoibh de stuaim nó géire inn- tleachta ar an aois an-abaidh sin. Chan fhuil gar ann iad do chur fá sgrúdughadh, chan fhuil aon sgolaireacht nó foghluim aca nó má tá ní'l ann acht cruthughadh gur cuireadh ag stáidéar ró-luath iad. Bheadh sé go maith ag lucht a tóighte crann do chur agus páisde ar bith ar a dtuitfeadh an crann agus é 'na leanbh folláin, an duais do bhronnadh air. Cha raibh ariamh sa' tír seo cearrbhachas comh mór is bhéas inntí anois féachaint cé an leanbh bhéas an t-ádh air go dtuitfidh crann na sgolaireacht air. Acht b'fhéidir nach dtoghfaidh comh macánta iad is dá gcurfidhe crann agus is amhlaidh is meas bhéas an sgéal. Béidh samhailt sgrúdaighthe ann le haghaidh na bpáisdí, agus is féidir leobhtha Gaedhilg nó Béarla do ghlacadh san sgrúdughadh ach déarfainn go mbudh contabhairteach an rud do leanbh gabhail isteach ar Ghaedhilg agus ar an adhbhar sin is dóigh liom gur ar Bhéarla amháin rachas furmhór aca isteach. Chá bhíonn an Ghaedhilg éiginteach i n-áit ar bith ins na cúrsáibh léighinn gheobhas na sgolairí fá gléas Bhirrell. Béidh sé éiginteach ar na sgolairí gabhail thríd sgrúdughadh na sóisear san Oideachas Meadhonach uair éigin le linn bheith ar sgoil Mheadhonaigh dóibh, rud nach deacair do leanbh ar bith agus gan chlisteacht i gcúrsaí léighinn aige agus ann sin seolfar go dtí an Iolsgoil iad. Anois is iomdha páisde a bhfuil stuaim agus sláinte aige ar aois a dó dhéag nach fiú mórán é ar aois a seacht déag. B'fhéidir ar an sgoil céadna leobhtha seo go mbeadh páisdí gur bhfearrr abhfad iad le haghaidh Árd-scolaireachta. Náchar leor an deis agus an buntaiste do na sgolairibh a dtóghfaidhe i dtús a n-óige agus a bhéarfaidhe múinteachas i n-aisge ar feadh trí nó ceithre bliadhan dóibh cead do bheith aca gabhail i gcomortas le páisdibh eile ar son sgolaireacht na n-Iolsgoil? Go nuige seo tá mé ag cur síos ar na sgolaireachtaibh mar sgolaireachtaibh acht anois tráchtfaidh mé ar an donas thiocfas as an ghléas sgolaireachta seo, má cuirtear i bhféidhm é, do'n Gaedhilg; agus go haithrid do'n Ghaedhilg ins an Iolsgoil Náisiúnta. Tá fhios ag an tsaoghal Gaedhealach mar suidheadh an Ghaedhilg san Iolsgoil sin agus gur rinneadh margadh eadar an Iolsgoil agus na Comhairlithe poiblidhe go mbeadh an Ghaedhilg éiginteach ar ghach mhac léighinn ar a ghabhail san Iolsgoil dó, agus go dtiubhradh na comhairlithe cuidiughadh do'n Iolsgoil .i. cánacha do thógbháil ina duthaighibh féin agus sgolairí do chur go dtí an Iolsgoil. Bhí na comhairlithe saor, do réir dlighe an socrughadh úd do dhéanamh agus rinneadar é. Tugadh roinnt éigin do na comharlithibh le coláisdibh na Iolsgoile Náisiúnta agus déarfadh ann duine gurbh é an rud do bhí ceaptha amach do na comhairlibh an Iolsgoil nuadh sin do dhaingniughadh agus do láidiriughadh. Acht budh dhóigh le duine ar an ghléas sgolaireachta nuadh seo gurbh é rún an duine do cheap é an socrughadh do rinneadh leis an Iolsgoil Náisiúnta do chur bun-os-cionn. Má glactar leis an ghléas, ní fhágfar tuairim nó smacht ag na Comhairlibh Poiblidhe ar thoghadh na sgolairí, nó ar a gcúrsaí léighinn, nó ar an Iolsgoil ar a rachaidh siad. Cha bhíonn a dhath le déanamh aca acht an t-airgead do bhailiughadh agus a íoc. Béidh íoc an phíobaire ortha, acht ní aca bhéas glaodhach an phuirt. Ní'l mé a' dhéanamh go mbéidh na comhairlithe comh amaideach is go nglacfaidh siad leis an ghléas agus deir a gCoisde Gnótha cheana féin nach nglacfaidh. Acht seo go díreach an áit a bhfuil an nimh 'san ghléas más amhlaidh gur foillsigheadh é i gceart. Muna nglacfaidh Comhairle Conndae leis an ghléas agus a gcuid airgid féin do thabhairt uatha gan smid asta deir an Birrellach, nach bhfuighbhe an Conndae sin aon phighinn de'n £10,000 acht go ndeanfar a ath-roinnt ar na Conndaethe Ghallda a ghlacfas leis an ghléas. Is gránda an bhagairt é seo, agus luigheann sé orainne agus ar mhuintir na tíre gan leigint dó a leithéad de éagcóir d'imirt ar na Conndaethibh Gaedhealacha. Seo é an taobh de'n cheist dar budh cheart do Ghaedhealaibh tagairt, agus measaim gur ró- fhada 'na dtost iad. Má leigtear do'n Bhirrelleach, agus do dhaoinibh atá taobh thiar dé b'fhéidir, a mheas gur féidir dóibh an gléas seo do chur i bhféidhm gan ró-dhuadh dhóibh féin, cuirfidh siad i bhfeidhm é. Is mithid dúinn mar sin labhairt amach. Bhí cruinniughadh mór againn i mBéilfeirsde an tseachtmhain seo chuaidh thart agus chuireamar an rún seo i bhféidhm ag tagairt do'n cheist (ós do'n sluagh i gcoitchion cuireadh i bhféidhm é sgríobhadh i mBéarla é):— Is dóigh liom go mbudh cheart a mhac a samhail sin de rún do chur i bhféidhm ag gach cruinniughadh Gaedhealach ar feadh tamaill agus fios fáth an sgéil do bheith againn agus d'fhághail amach, cé tá ar leith an ghléasa chaim seo. Cú Uladh.
19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services