Cúrsaí an tSaoghail.
Sgolaireachta Bhirrell.
Ní fheicim go bhfuil mórán cainnte ag lucht na
Gaeghilge ar an ghléas atá ceaptha ag Árd-
Rúnaidhe Ghallda na hÉireann fá choinne an
£10,000 úd do chaitheamh ar gheall an Fheis thall
dúinn i modh go bhfuighbheadh páisdí ó n-a bun-
sgoltaibh gabhail 'un tosaigh go dtí na sgolta
meadhonacha. Is iongantach liom comh socar
is tá Gaedhil ar an cheist óir 'tchidhthear damhsa go
mbéidh an gléas ceádna go mór i n-aghaidh na
Gaedhilge má cuirtear i bhfeidhm é. Do réir
an méid do chonnaic mé ins na páipéaraibh agus
chan faca mé cunntas iomlán i n-áit ar bith, tá
ceaptha ag an Bhireallach a gcomhthrom féin do'n
airgead do thabhairt mar sgolaireachtaibh do
pháisdibh i ngach Chonndae i nÉirinn agus i ngach
chathair nó bhaile mór atá 'na Chonndae as féin,
agus is ar na coingeallachaibh seo atá dúil
aige gach sgoláireacht do thabhairt uaidh .i. go
dtoghfar na páisdí, agus iad fá thuairim
an dó dhéag bhliadhan d'aois ag coisde bheag bheas
ainmhnighthe ó mhuintir na nIolsgoil agus
muintir an Bhúird Mheadhonaigh, go rachaidh siad
seo ar aghaidh trí bliadhna nó ceithre bliadhna
i sgoil mheadhonaigh (ar a dtoghadh féin), agus
tar éis sin go gcuirtear ar Iolsgoil iad go
cionn ceithre bliadhan eile. Chá bhíonn ar na
sgoláiribh, ar fá sheacht nó ocht de bhliadhantaibh
acht gabhail fá sgrúdughadh cúpla uair, agus
chá bhíonn an dá sgrúdughadh sin féin ró-chruadh
ortha. Caithfear, b'fhéidir, £400 ar gach sgolaire
le linn a sgolaireachta, agus is iad na comhairlithe
Chonndae íocfas as le linn iad do bheith ar an
Iolsgoil. Go deimhin agus go dearbhtha ba
mhór an duais do pháisde bhocht sgolaireacht
de na sgolaireachtaibh seo agus chá bheinn-se
ghá mhaoidheamh ortha iad, acht go bhfuil lochta
troma ar an ghléas mar tairgtear é agus go
bhfuil tuairim agam go rachadh sé go mór i n-aghaidh
na Gaedhilge san Iolsgoil Náisiúnta. San chéad
gabhail amach ní furas toghadh do dhéanamh ar
pháisdibh fá dtaoibh de stuaim nó géire inn-
tleachta ar an aois an-abaidh sin. Chan fhuil
gar ann iad do chur fá sgrúdughadh, chan fhuil
aon sgolaireacht nó foghluim aca nó má tá ní'l
ann acht cruthughadh gur cuireadh ag stáidéar
ró-luath iad. Bheadh sé go maith ag lucht a tóighte
crann do chur agus páisde ar bith ar a
dtuitfeadh an crann agus é 'na leanbh folláin,
an duais do bhronnadh air. Cha raibh ariamh sa'
tír seo cearrbhachas comh mór is bhéas inntí
anois féachaint cé an leanbh bhéas an t-ádh
air go dtuitfidh crann na sgolaireacht air.
Acht b'fhéidir nach dtoghfaidh comh macánta iad
is dá gcurfidhe crann agus is amhlaidh is meas
bhéas an sgéal. Béidh samhailt sgrúdaighthe
ann le haghaidh na bpáisdí, agus is féidir leobhtha
Gaedhilg nó Béarla do ghlacadh san sgrúdughadh
ach déarfainn go mbudh contabhairteach an rud
do leanbh gabhail isteach ar Ghaedhilg agus ar an
adhbhar sin is dóigh liom gur ar Bhéarla amháin
rachas furmhór aca isteach. Chá bhíonn an
Ghaedhilg éiginteach i n-áit ar bith ins na cúrsáibh
léighinn gheobhas na sgolairí fá gléas Bhirrell.
Béidh sé éiginteach ar na sgolairí gabhail thríd
sgrúdughadh na sóisear san Oideachas Meadhonach
uair éigin le linn bheith ar sgoil Mheadhonaigh
dóibh, rud nach deacair do leanbh ar bith agus gan
chlisteacht i gcúrsaí léighinn aige agus ann sin
seolfar go dtí an Iolsgoil iad. Anois is
iomdha páisde a bhfuil stuaim agus sláinte
aige ar aois a dó dhéag nach fiú mórán é ar
aois a seacht déag. B'fhéidir ar an sgoil
céadna leobhtha seo go mbeadh páisdí gur bhfearrr
abhfad iad le haghaidh Árd-scolaireachta. Náchar
leor an deis agus an buntaiste do na sgolairibh
a dtóghfaidhe i dtús a n-óige agus a bhéarfaidhe
múinteachas i n-aisge ar feadh trí nó ceithre
bliadhan dóibh cead do bheith aca gabhail i
gcomortas le páisdibh eile ar son sgolaireacht
na n-Iolsgoil?
Go nuige seo tá mé ag cur síos ar na
sgolaireachtaibh mar sgolaireachtaibh acht anois
tráchtfaidh mé ar an donas thiocfas as an
ghléas sgolaireachta seo, má cuirtear i
bhféidhm é, do'n Gaedhilg; agus go haithrid
do'n Ghaedhilg ins an Iolsgoil Náisiúnta.
Tá fhios ag an tsaoghal Gaedhealach mar
suidheadh an Ghaedhilg san Iolsgoil sin agus
gur rinneadh margadh eadar an Iolsgoil agus
na Comhairlithe poiblidhe go mbeadh an Ghaedhilg
éiginteach ar ghach mhac léighinn ar a ghabhail san
Iolsgoil dó, agus go dtiubhradh na comhairlithe
cuidiughadh do'n Iolsgoil .i. cánacha do thógbháil
ina duthaighibh féin agus sgolairí do chur go
dtí an Iolsgoil. Bhí na comhairlithe saor, do
réir dlighe an socrughadh úd do dhéanamh agus
rinneadar é. Tugadh roinnt éigin do na
comharlithibh le coláisdibh na Iolsgoile
Náisiúnta agus déarfadh ann duine gurbh é an
rud do bhí ceaptha amach do na comhairlibh an
Iolsgoil nuadh sin do dhaingniughadh agus do
láidiriughadh. Acht budh dhóigh le duine ar an
ghléas sgolaireachta nuadh seo gurbh é rún an
duine do cheap é an socrughadh do rinneadh leis
an Iolsgoil Náisiúnta do chur bun-os-cionn.
Má glactar leis an ghléas, ní fhágfar tuairim
nó smacht ag na Comhairlibh Poiblidhe ar thoghadh
na sgolairí, nó ar a gcúrsaí léighinn, nó ar
an Iolsgoil ar a rachaidh siad. Cha bhíonn a dhath
le déanamh aca acht an t-airgead do bhailiughadh
agus a íoc. Béidh íoc an phíobaire ortha, acht
ní aca bhéas glaodhach an phuirt. Ní'l mé a'
dhéanamh go mbéidh na comhairlithe comh
amaideach is go nglacfaidh siad leis an ghléas
agus deir a gCoisde Gnótha cheana féin nach
nglacfaidh. Acht seo go díreach an áit a bhfuil
an nimh 'san ghléas más amhlaidh gur foillsigheadh
é i gceart. Muna nglacfaidh Comhairle
Conndae leis an ghléas agus a gcuid airgid
féin do thabhairt uatha gan smid asta deir an
Birrellach, nach bhfuighbhe an Conndae sin aon
phighinn de'n £10,000 acht go ndeanfar a
ath-roinnt ar na Conndaethe Ghallda a ghlacfas
leis an ghléas. Is gránda an bhagairt é seo,
agus luigheann sé orainne agus ar mhuintir
na tíre gan leigint dó a leithéad de éagcóir
d'imirt ar na Conndaethibh Gaedhealacha. Seo
é an taobh de'n cheist dar budh cheart do
Ghaedhealaibh tagairt, agus measaim gur ró-
fhada 'na dtost iad. Má leigtear do'n
Bhirrelleach, agus do dhaoinibh atá taobh thiar
dé b'fhéidir, a mheas gur féidir dóibh an gléas
seo do chur i bhféidhm gan ró-dhuadh dhóibh féin,
cuirfidh siad i bhfeidhm é. Is mithid dúinn mar
sin labhairt amach.
Bhí cruinniughadh mór againn i mBéilfeirsde
an tseachtmhain seo chuaidh thart agus chuireamar
an rún seo i bhféidhm ag tagairt do'n cheist (ós
do'n sluagh i gcoitchion cuireadh i bhféidhm é
sgríobhadh i mBéarla é):—
Is dóigh liom go mbudh cheart a mhac a samhail
sin de rún do chur i bhféidhm ag gach cruinniughadh
Gaedhealach ar feadh tamaill agus fios fáth an
sgéil do bheith againn agus d'fhághail amach, cé
tá ar leith an ghléasa chaim seo.
Cú Uladh.