Historical Irish Corpus
1600 - 1926
Historical Dictionary of Irish
Search the corpus
Browse the Text Archive 1600-1926
Na Longa ar Eilteoig. (Ó n-ár nuaidheachtaidhe féin.)
Title
Na Longa ar Eilteoig. (Ó n-ár nuaidheachtaidhe féin.)
Author(s)
Ní fios,
Composition Date
1912
Publisher
An Claidheamh Soluis
Téacs
Comhad TEI
Gnáth-Théacs
Comhad ePub
Search Texts
Enter word/phrase
Search Type
Headword
Standardised
Exact match
Phrase
Word Type
All
Adjective
Noun
Preposition
Pronoun
Verb
Verbal Noun
Poetry/Prose
Both
Prose
Poetry
Set Dates
1600
1926
Na Longa ar Eilteoig. (Ó n-ár nuaidheachtaidhe féin.) Cá misde dhúinn leanamhaint ar sgéalaibh na n-aerphlánán go fóil beag? Tháinig Ualentine anuas, mar adubharamar cheana, i gClochóig, baile beag i ndeas do Iubhar Chinn Trágha. I ngar do shéipéal na Clóchóige a thuirling sé. An fód fein 'n-ar thuirling sé deirtear anois gur páirc bheag é, .i. páirc le Meaoi Uí Mhealláin ar bhaile biadhtach Bhaile Mhic Dhiarmada atá timcheall is dhá mhíle go leith ó Iubhar Chinn Trágha i dtreó Bhaile Átha Cliath. Idir 6.20 agus 6.30 iarnóin do thuirling sé, acht i bhfad roimhe sin do bhain muintir an cheanntair a súil de radharc d'fháil ar aon luing ar eilteoig ag eiteallaigh i n-a dtreó. Ar thuirling do Ualentine do shiubhail sé leis agus do thriall ar Iubhar Chinn Trágha go dtáinig sé go dtí Barraic Shráide na Canáile agus fuair beirt chonstáblaí chum aire thabhairt dá aerphlánán. D'innis sé a sgéala san Iubhar dhá rádh gur fhág sé Baile na Lobhar tuairim le leathuair d'éis a ceathair a chlog. Tháinig sé de dhroim chuain Bhaile Átha Cliath agus gaoth ag séideadh ar mire acht í as an aon áird amháin. Ag leanamhaint de lorg an chuain do chuaidh sé de dhruim Reachrann Breagh agus nuair a bhí sé i n-aice Thighe Soluis Chnuic Dhá Bhiolla chuaidh sé fá bhun Astley do bhí ar eiteoig go han-árd. Bhí gaoth mhór ann an uair sin agus d'eitill sé leis go ndeachaidh sé de dhruim Cinn Chlochair. D'ionntuigh sé istigh istír annsain, mar nach raibh muinighin mhaith aige as a ghluaisteán. Tháinig sé ar chúlaibh an tSráidbhaile chum é féin do sheachint ar an mbáistigh a bhí ag teacht de dhruim na sléibhte, agus ag déanamh ar an Iubhar dó do casadh sgamaill mhóra air. Bhí an ghaoth ag dul i ngairbhe agus i n-airde, agus i n-aon áit amháin do thuit an t-aerphlánán anuas ó 1,000 troigh go dtí 200 troigh d'aon chromadh amháin. Thuig sé annsain go mb'fhearr dó bheith i n-áird eile, agus thug sé iarracht ar imirce do bhaint as a luing, acht do chuireadh mór-thimcheall í a trí nó ceathair de chuartaibh, mar is gur gaoth ghuairdeáin a bhí ann, agus níor bh'fhéidir leis dul ar aghaidh aon taobh, soir no siar, suas no síos. Thug sé iarracht ar tuirling. Do chuir sé stad le n-a ghluaisteán go dtáinig i bhfoisceacht 20 troigh don talamh, acht do tháinig cuafach gaoithe do thiomáin suas arís é go raibh sé 200 troigh os cionn talmhan. Do chuir sé an gluais- teán ar obair arís agus do shocruigh an long go bhfuair smacht air, agus do thuirling sé, is an gluaisteán ar lán-tsiubhal aige, i bpáirc ar bhaile biadhtach Bhaile Mhic Dhiarmada. Do fiosruigheadh de ar thuirling sé slán follain agus dubhairt sé i bhfreagra air sin go raibh sé féin agus a long slán folláin acht an pháirc ar thuirling sé innte gur bh'í an pháirc ba lugha i bhfaca sé aerphlánán innte riamh. Níor bh'fhuráil dó gan bualadh i n-aghaidh an chloidhe, ní do shaoil sé ba neimhintseachanta dhó ar dtús. Níor mheas sé leanamhaint den choimh- lint. An pháirc i n-ar thuirling sé ní fhéadfadh sé dul ar eiteoig aiste agus a laighead í fein, agus dá bhrígh sin bhí dúil aige a long do bhaint as a chéile 'na píosaibh. Do chuaidh mórán daoine ón Iubhar agus ó n-a comhursanacht go Baile Mhic Dhiarmada chum amharc d'fháil ar an aephlánán. Iongantas lae a bhí ann, is dócha. Is minic do bhíomar fein i ngar don áit i bhfuil Baile Mhic Dhiarmada. Sliabh Bhaile Mhic Dhiarmada, sin cnoc atá ar theorainntibh Chuailnge agus Chríche na n-Oirthear i nOir- ghiallaibh; dá bhrígh sin ní baoghal nach bhfacamar uair éigin fód tuirlinge Ualantine. Tháing Astley anuas fá chomhursanacht Dhroichid Átha. An pháirc ar thuirling sé innte, do rinneadh taisbeántas di an fhaid a bhí sé amuigh ag iarraidh cabhrach — do cuireadh cartacha mór dtimcheall uirthe agus canfás umpa sain anuas gach dtaoibh di ar mhodh nach féadfadh éinne súil fheachaint ná catsúil féin do chaitheamh uirthi isteach nár cuireadh tiobadh air. An duine ar leis an pháirc do bhain sé trí pingne an duine den tsluagh ar dhul isteach innte chum bheith ag dearcaint a sáith ar an aephlánán iongantach áidhbhéil úd a d'fhág Astley fútha an fhaid a bhí sé ar a thriall go Droichead Átha agus ag filleadh ar a bhréagán buadhach bioth-chostasach. Cia déarfadh nach bhfuil tuataigh Chontae Lughbhaidh i n-acmhuinn tráchtáil bheag do dheanamh fá chuairt éanuaire aerphlánáin? Nár mhór an éadáil aca í an long ar eilteoig atá ag muintir Oirghiall i n-a seansgéalaidheacht go dtáinig sé anuas as na spéarthaibh fá dheireadh le n-a chur n-umhal dóibh nach bréaga atá innte dir, cé gur bréagán gan amhras ag lucht stró agus rachtmuis í? Bhí na táinte fear agus ban agus páistí fein ag feitheamh go foighdeach i mBaile Mhuighe Luan i ngar do Bhéal Feirste leis na haerphlánánaibh, acht amharc ní fhacadar dhíobh. Dar ndóigh, ní fhacadar teimheal féin díobh, mar ní raibh cumadh ar a dteacht. Ní bhfuaradar i n-a n-ionad acht fearthainn is báisteach, agus níor bhaoghal dóibh bheith sásta leó sain go mór-mhór d'éis a gcuid airgid do dhíol ar dhul isteach. Acht is cosmhail nach raibh leagheas ar an sgéal sain. Bhí an spéir i n-aghaidh eiteallaighe na n-aer- phlánán, agus dob' iongantach féin an méid di do rinneadh. Laoich chródha dob' eadh na heiteallóirí; dob fhearr cródhacht iad ná cogthóir, agus iad ag troid ar son na healadhan. Is maith linn go bhfuaradar na duaiseanna do roinneadh ortha, mar ba mhaith an airidh ortha a bhfagháil. Seo mar do roinneadh iad .i. £300 ag dul do Ualentine agus Astley .i. £150 an duine, £50 ó Chumann Srúilligh Shliogán do Lieutenant Porte agus £25 duais speirialta do Dheasmhumhnach Mhac Artúir. I n-a dteannta san fuair gach duine dhíobh £40 ar son a gcostais.
19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services