Na Longa ar Eilteoig.
(Ó n-ár nuaidheachtaidhe féin.)
Cá misde dhúinn leanamhaint ar sgéalaibh na
n-aerphlánán go fóil beag? Tháinig Ualentine
anuas, mar adubharamar cheana, i gClochóig, baile
beag i ndeas do Iubhar Chinn Trágha. I ngar
do shéipéal na Clóchóige a thuirling sé. An fód
fein 'n-ar thuirling sé deirtear anois gur
páirc bheag é, .i. páirc le Meaoi Uí Mhealláin ar
bhaile biadhtach Bhaile Mhic Dhiarmada atá timcheall
is dhá mhíle go leith ó Iubhar Chinn Trágha i
dtreó Bhaile Átha Cliath. Idir 6.20 agus 6.30
iarnóin do thuirling sé, acht i bhfad roimhe sin
do bhain muintir an cheanntair a súil de radharc
d'fháil ar aon luing ar eilteoig ag eiteallaigh
i n-a dtreó. Ar thuirling do Ualentine do
shiubhail sé leis agus do thriall ar Iubhar Chinn
Trágha go dtáinig sé go dtí Barraic Shráide na
Canáile agus fuair beirt chonstáblaí chum
aire thabhairt dá aerphlánán. D'innis sé a sgéala
san Iubhar dhá rádh gur fhág sé Baile na Lobhar
tuairim le leathuair d'éis a ceathair a chlog.
Tháinig sé de dhroim chuain Bhaile Átha Cliath
agus gaoth ag séideadh ar mire acht í as an
aon áird amháin. Ag leanamhaint de lorg an
chuain do chuaidh sé de dhruim Reachrann Breagh
agus nuair a bhí sé i n-aice Thighe Soluis Chnuic
Dhá Bhiolla chuaidh sé fá bhun Astley do bhí ar
eiteoig go han-árd. Bhí gaoth mhór ann an uair
sin agus d'eitill sé leis go ndeachaidh sé de
dhruim Cinn Chlochair. D'ionntuigh sé istigh
istír annsain, mar nach raibh muinighin mhaith
aige as a ghluaisteán. Tháinig sé ar chúlaibh
an tSráidbhaile chum é féin do sheachint ar an
mbáistigh a bhí ag teacht de dhruim na sléibhte,
agus ag déanamh ar an Iubhar dó do casadh
sgamaill mhóra air. Bhí an ghaoth ag dul i
ngairbhe agus i n-airde, agus i n-aon áit amháin
do thuit an t-aerphlánán anuas ó 1,000 troigh
go dtí 200 troigh d'aon chromadh amháin. Thuig
sé annsain go mb'fhearr dó bheith i n-áird eile,
agus thug sé iarracht ar imirce do bhaint as a
luing, acht do chuireadh mór-thimcheall í a trí
nó ceathair de chuartaibh, mar is gur gaoth
ghuairdeáin a bhí ann, agus níor bh'fhéidir leis
dul ar aghaidh aon taobh, soir no siar, suas no
síos. Thug sé iarracht ar tuirling. Do chuir sé
stad le n-a ghluaisteán go dtáinig i bhfoisceacht
20 troigh don talamh, acht do tháinig cuafach
gaoithe do thiomáin suas arís é go raibh sé 200
troigh os cionn talmhan. Do chuir sé an gluais-
teán ar obair arís agus do shocruigh an long go
bhfuair smacht air, agus do thuirling sé, is an
gluaisteán ar lán-tsiubhal aige, i bpáirc ar
bhaile biadhtach Bhaile Mhic Dhiarmada. Do
fiosruigheadh de ar thuirling sé slán follain
agus dubhairt sé i bhfreagra air sin go raibh
sé féin agus a long slán folláin acht an pháirc
ar thuirling sé innte gur bh'í an pháirc ba
lugha i bhfaca sé aerphlánán innte riamh. Níor
bh'fhuráil dó gan bualadh i n-aghaidh an chloidhe,
ní do shaoil sé ba neimhintseachanta dhó ar
dtús. Níor mheas sé leanamhaint den choimh-
lint. An pháirc i n-ar thuirling sé ní fhéadfadh
sé dul ar eiteoig aiste agus a laighead í fein,
agus dá bhrígh sin bhí dúil aige a long do bhaint as
a chéile 'na píosaibh. Do chuaidh mórán daoine ón
Iubhar agus ó n-a comhursanacht go Baile Mhic
Dhiarmada chum amharc d'fháil ar an aephlánán.
Iongantas lae a bhí ann, is dócha.
Is minic do bhíomar fein i ngar don áit i
bhfuil Baile Mhic Dhiarmada. Sliabh Bhaile
Mhic Dhiarmada, sin cnoc atá ar theorainntibh
Chuailnge agus Chríche na n-Oirthear i nOir-
ghiallaibh; dá bhrígh sin ní baoghal nach bhfacamar
uair éigin fód tuirlinge Ualantine.
Tháing Astley anuas fá chomhursanacht
Dhroichid Átha. An pháirc ar thuirling sé innte,
do rinneadh taisbeántas di an fhaid a bhí sé
amuigh ag iarraidh cabhrach — do cuireadh cartacha
mór dtimcheall uirthe agus canfás umpa sain
anuas gach dtaoibh di ar mhodh nach féadfadh
éinne súil fheachaint ná catsúil féin do chaitheamh
uirthi isteach nár cuireadh tiobadh air. An duine
ar leis an pháirc do bhain sé trí pingne an duine
den tsluagh ar dhul isteach innte chum bheith ag
dearcaint a sáith ar an aephlánán iongantach
áidhbhéil úd a d'fhág Astley fútha an fhaid a bhí sé
ar a thriall go Droichead Átha agus ag filleadh
ar a bhréagán buadhach bioth-chostasach. Cia
déarfadh nach bhfuil tuataigh Chontae Lughbhaidh
i n-acmhuinn tráchtáil bheag do dheanamh fá chuairt
éanuaire aerphlánáin? Nár mhór an éadáil
aca í an long ar eilteoig atá ag muintir
Oirghiall i n-a seansgéalaidheacht
go dtáinig sé anuas as na spéarthaibh fá dheireadh
le n-a chur n-umhal dóibh nach bréaga atá innte
dir, cé gur bréagán gan amhras ag lucht stró
agus rachtmuis í?
Bhí na táinte fear agus ban agus páistí fein
ag feitheamh go foighdeach i mBaile Mhuighe Luan
i ngar do Bhéal Feirste leis na haerphlánánaibh,
acht amharc ní fhacadar dhíobh. Dar ndóigh, ní
fhacadar teimheal féin díobh, mar ní raibh cumadh
ar a dteacht. Ní bhfuaradar i n-a n-ionad
acht fearthainn is báisteach, agus níor bhaoghal
dóibh bheith sásta leó sain go mór-mhór d'éis
a gcuid airgid do dhíol ar dhul isteach. Acht
is cosmhail nach raibh leagheas ar an sgéal sain.
Bhí an spéir i n-aghaidh eiteallaighe na n-aer-
phlánán, agus dob' iongantach féin an méid di
do rinneadh. Laoich chródha dob' eadh na
heiteallóirí; dob fhearr cródhacht iad ná
cogthóir, agus iad ag troid ar son na healadhan.
Is maith linn go bhfuaradar na duaiseanna do
roinneadh ortha, mar ba mhaith an airidh ortha a
bhfagháil. Seo mar do roinneadh iad .i. £300 ag
dul do Ualentine agus Astley .i. £150 an
duine, £50 ó Chumann Srúilligh Shliogán do
Lieutenant Porte agus £25 duais speirialta
do Dheasmhumhnach Mhac Artúir. I n-a dteannta
san fuair gach duine dhíobh £40 ar son a
gcostais.