Historical Irish Corpus
1600 - 1926
Historical Dictionary of Irish
Search the corpus
Browse the Text Archive 1600-1926
Cúrsaí an tSaoghail. Prímh-Reachtaire Shasana i nÉirinn
Title
Cúrsaí an tSaoghail. Prímh-Reachtaire Shasana i nÉirinn
Author(s)
Cú Uladh,
Pen Name
Cú Uladh
Composition Date
1912
Publisher
An Claidheamh Soluis
Téacs
Comhad TEI
Gnáth-Théacs
Comhad ePub
Search Texts
Enter word/phrase
Search Type
Headword
Standardised
Exact match
Phrase
Word Type
All
Adjective
Noun
Preposition
Pronoun
Verb
Verbal Noun
Poetry/Prose
Both
Prose
Poetry
Set Dates
1600
1926
Cúrsaí an tSaoghail. Prímh-Reachtaire Shasana i nÉirinn. Is annamh d'Árd-Reachtaire Shasana teacht go hÉirinn, agus an rud is annamh is iongantach. Do réir gach tuairisge chuir furmhór muintire na hÉireann an-chuid spéise ina thuras agus d'fhear fíor-chaoin fáilte roimhe. Deir na páipéir nach bhfacthas a léithéid le na ciantaibh agus creidim nach bhfacthas. Bhéiceadar na sluaighte roimhe amhail is dá mbudh aingeal as na flaitheas a bhí ann agus ghlacadar gan focal beachtaidheacht le gach dár dhubhairt sé. B'éidir go raibh an ceart aca agus b'éidir nach raibh acht do réir mo thuairime-se b'fhearr fanacht tamall eile leis an fháiltiughadh agus gan an oiread luathastar do dhéanamh acht oiread. Támaoid ró-thugtha do'n phlac a shiollaidh agus do'n ghalamaise. Ní bhriseann deagh-fhocal fiacail acht is minis tigeann an buirbe i ndéidh an phámsaidheachta agus is gránda an mhaise é. Féachamais isteach beagán 'sa sgéal agus measamaois goidé an t-adhbhar gáirdeachais atá ag muintir na hÉireann. Maoidheamaoid i gcomhnuidhe gur náisiún sinn acht go bhfuil Sasanaibh ag cur isteach ar ar saoirseacht agus nach leigfear dúinn ar ngnó féin do dhéanamh. Deir dream de Shasanaibh fá láthair gur fíor dúinn agus go bhfuil siadsan fonnmhar saoirseacht do thabhairt dúinn. Acht tá a lán rud adeir siad nach mbéadh cead againn baint leo mar nach rachadh sé i dtairbhe do'n Impireacht Gallda dá mbeadh baint ag muintir na hÉireann leo. Is cuma ciaca an rachadh na ruda seo i dtairbhe dúinne nó nach rachadh, baineann siad, adeir siad, leis an Impireacht agus is éigin dúinne bheith sásta fiú bailiughadh agus caitheamh ar gcánach féin ní iontaobhtha sinne leo. Agus caithfear smacht do bheith ag feis Sasana orainn i gcomhnuidhe i ngach uile ní. Béidh dream beag lag feisirí againn sa Fheis thall i dtólaimh agus is leithsgéal é sin le smacht do bheith ag an Fheis thall orainn. Agus ar an méid seo saoirseachta tá mar choinghioll orainn bheith díleas do'n Impireacht agus páirt do ghabhail i ngach cogadh agus i ngach creach gabhail agus i ngach diabhlaidheacht a ghníos an Impireacht Mhóir ó seo amach. Ní fheicim féin gur ró-mhaith an connradh dúinne é agus déarfainn gur mó i bhfad a rachaidh sé i dtairbhe do Shasanaibh. Cad fáth mar sin nach hiad muintir Shasana atá ag déanamh gáirdeachais agus ag caitheamh a gcaipíní i n-áirde. Ní airighim go bhfuilid agus ní airighim go bhfuil saighdiúr níos lugha aca sa tír seo ná mar bhíodh ariamh. Ní airighim go bhfuil cansabal níos lugha aca sa tír seo le sinn do chongbhail faoi smacht. Is sinne atá ag lúradh agus ag béiceadh agus is liuradh agus béiceadh tráilleadh atámaoid ag déanamh roimh mhaighistear atá a tabairt bog- chaint dúinn i n-ionad saoirse. Adubhairt Seaghán Réamonn arís gur socrughadh iomlán an socrughadh seo atá ós comhair Feise Shasana fá láthair, go mbudh ceart dúinn glacadh leis agus bheith sásta leis go broinn na brátha. Ní dóigh liom go gcreideann sé a léithéid agus má chreideann is soineanta an duine é. Is cosamhail go n-abrann Art Balfour, treoiridhe freasarbhachta i Sasanaibh, nach soc- rughadh iomlán é agus go mbéidh Gaedhil ag éilimh tuilleadh saoirse ar ball. Má abrann, tá corp na fírinne aige. Beidh agus beidh an ceart aca. Fá láthair sé an rud is ceart dúinn a dhéanamh ar rud adeir Ascuit féin “fanacht agus féachaint.” An méid saoirse tairgfear dúinn a ghlacadh, acht gan glacadh le coinghiollacha ar bith a rachadh 'un dochair dúinn, agus a rádh go dána go dteastuigheann saoirse iomlán uainn. Go gcaithfidh gach ní i nÉirinn bheith faoi chumas Gaedheal agus cuid mhaith neidhthe taobh amuigh d'Éirinn. Agus má tá orainn páirt do ghlacadh san Impireacht Mhóir go mbéidh comhthrom na Féinne againn san Impireacht chéadna, go dteastóchadh níos mó cumhachta bheith againn ar chúrsaibh puiblidhe na hImpireachta ná tá ceaptha dúinn san Bhille atá ar an tseol fá láthair. Is rí-amaideach an rud dár dtreoiridhthibh geallamhna do thabhairt uatha roimhe ré sul má tá dadaidh dá laghad fághtha againn. Agus is rí-amaideach do'n tsluagh bheith sléachtadh roimh Árd-Reachtaidhe Shasana amhail is dá mbadh dia beag é agus a phócaidhe lá de thiodlaicthibh dóbhtha. Ó d'fhear Domhnall Ó Conaill fíor-chaoin fáilte roimh Rí Seoirse níor rinneadh a leithéid de bheart is rinneadh i mBaile 'Cliath an tseachtmhain seo chuaidh thart. Cú Uladh.
19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services