Historical Irish Corpus
1600 - 1926

Cúrsaí an tSaoghail. Prímh-Reachtaire Shasana i nÉirinn

Title
Cúrsaí an tSaoghail. Prímh-Reachtaire Shasana i nÉirinn
Author(s)
Cú Uladh,
Pen Name
Cú Uladh
Composition Date
1912
Publisher
An Claidheamh Soluis

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926


Cúrsaí an tSaoghail.



Prímh-Reachtaire Shasana i nÉirinn.



Is annamh d'Árd-Reachtaire Shasana teacht
go hÉirinn, agus an rud is annamh is iongantach.
Do réir gach tuairisge chuir furmhór muintire
na hÉireann an-chuid spéise ina thuras agus
d'fhear fíor-chaoin fáilte roimhe. Deir na
páipéir nach bhfacthas a léithéid le na ciantaibh
agus creidim nach bhfacthas. Bhéiceadar na
sluaighte roimhe amhail is dá mbudh aingeal as
na flaitheas a bhí ann agus ghlacadar gan focal
beachtaidheacht le gach dár dhubhairt sé. B'éidir
go raibh an ceart aca agus b'éidir nach raibh
acht do réir mo thuairime-se b'fhearr fanacht
tamall eile leis an fháiltiughadh agus gan an
oiread luathastar do dhéanamh acht oiread.
Támaoid ró-thugtha do'n phlac a shiollaidh agus
do'n ghalamaise. Ní bhriseann deagh-fhocal
fiacail acht is minis tigeann an buirbe i ndéidh
an phámsaidheachta agus is gránda an mhaise
é. Féachamais isteach beagán 'sa sgéal agus
measamaois goidé an t-adhbhar gáirdeachais
atá ag muintir na hÉireann.



Maoidheamaoid i gcomhnuidhe gur náisiún sinn
acht go bhfuil Sasanaibh ag cur isteach ar
ar saoirseacht agus nach leigfear dúinn ar
ngnó féin do dhéanamh. Deir dream de Shasanaibh
fá láthair gur fíor dúinn agus go bhfuil siadsan
fonnmhar saoirseacht do thabhairt dúinn. Acht
tá a lán rud adeir siad nach mbéadh cead againn
baint leo mar nach rachadh sé i dtairbhe do'n
Impireacht Gallda dá mbeadh baint ag muintir na
hÉireann leo. Is cuma ciaca an rachadh
na ruda seo i dtairbhe dúinne nó nach rachadh,
baineann siad, adeir siad, leis an Impireacht
agus is éigin dúinne bheith sásta fiú bailiughadh
agus caitheamh ar gcánach féin ní iontaobhtha
sinne leo. Agus caithfear smacht do bheith ag
feis Sasana orainn i gcomhnuidhe i ngach uile ní.
Béidh dream beag lag feisirí againn sa Fheis
thall i dtólaimh agus is leithsgéal é sin le smacht
do bheith ag an Fheis thall orainn.



Agus ar an méid seo saoirseachta tá mar
choinghioll orainn bheith díleas do'n Impireacht
agus páirt do ghabhail i ngach cogadh agus i ngach
creach gabhail agus i ngach diabhlaidheacht a
ghníos an Impireacht Mhóir ó seo amach. Ní
fheicim féin gur ró-mhaith an connradh dúinne
é agus déarfainn gur mó i bhfad a rachaidh sé
i dtairbhe do Shasanaibh. Cad fáth mar sin nach
hiad muintir Shasana atá ag déanamh gáirdeachais
agus ag caitheamh a gcaipíní i n-áirde. Ní
airighim go bhfuilid agus ní airighim go bhfuil
saighdiúr níos lugha aca sa tír seo ná mar bhíodh
ariamh. Ní airighim go bhfuil cansabal níos lugha
aca sa tír seo le sinn do chongbhail faoi smacht.
Is sinne atá ag lúradh agus ag béiceadh agus
is liuradh agus béiceadh tráilleadh atámaoid
ag déanamh roimh mhaighistear atá a tabairt bog-
chaint dúinn i n-ionad saoirse.



Adubhairt Seaghán Réamonn arís gur socrughadh
iomlán an socrughadh seo atá ós comhair Feise
Shasana fá láthair, go mbudh ceart dúinn glacadh
leis agus bheith sásta leis go broinn na brátha.
Ní dóigh liom go gcreideann sé a léithéid
agus má chreideann is soineanta an duine é.
Is cosamhail go n-abrann Art Balfour,
treoiridhe freasarbhachta i Sasanaibh, nach soc-
rughadh iomlán é agus go mbéidh Gaedhil ag
éilimh tuilleadh saoirse ar ball. Má abrann,
tá corp na fírinne aige. Beidh agus beidh
an ceart aca. Fá láthair sé an rud is ceart
dúinn a dhéanamh ar rud adeir Ascuit féin
“fanacht agus féachaint.” An méid saoirse
tairgfear dúinn a ghlacadh, acht gan glacadh
le coinghiollacha ar bith a rachadh 'un dochair
dúinn, agus a rádh go dána go dteastuigheann
saoirse iomlán uainn. Go gcaithfidh gach ní
i nÉirinn bheith faoi chumas Gaedheal agus cuid
mhaith neidhthe taobh amuigh d'Éirinn. Agus má
tá orainn páirt do ghlacadh san Impireacht Mhóir
go mbéidh comhthrom na Féinne againn san
Impireacht chéadna, go dteastóchadh níos mó
cumhachta bheith againn ar chúrsaibh puiblidhe
na hImpireachta ná tá ceaptha dúinn san Bhille
atá ar an tseol fá láthair. Is rí-amaideach
an rud dár dtreoiridhthibh geallamhna do
thabhairt uatha roimhe ré sul má tá dadaidh
dá laghad fághtha againn. Agus is rí-amaideach
do'n tsluagh bheith sléachtadh roimh Árd-Reachtaidhe
Shasana amhail is dá mbadh dia beag é agus
a phócaidhe lá de thiodlaicthibh dóbhtha. Ó
d'fhear Domhnall Ó Conaill fíor-chaoin fáilte
roimh Rí Seoirse níor rinneadh a leithéid de
bheart is rinneadh i mBaile 'Cliath an tseachtmhain
seo chuaidh thart.



Cú Uladh.

19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services