Historical Irish Corpus
1600 - 1926
Historical Dictionary of Irish
Search the corpus
Browse the Text Archive 1600-1926
An Spidéal Thiar
Title
An Spidéal Thiar
Author(s)
Nic Ghabhann, Cáitlín,
Composition Date
1912
Publisher
An Claidheamh Soluis
Téacs
Comhad TEI
Gnáth-Théacs
Comhad ePub
Search Texts
Enter word/phrase
Search Type
Headword
Standardised
Exact match
Phrase
Word Type
All
Adjective
Noun
Preposition
Pronoun
Verb
Verbal Noun
Poetry/Prose
Both
Prose
Poetry
Set Dates
1600
1926
An Spidéal Thiar. B'fhada nár thugas cuairt ar an Spidéal — an baile beag úd atá cosamhail le peictiúr d'fheicfeá de bhaile bheadh suidhte sa Domhan Thoir. Ní rabhas ann ó'n oidhche gheimhridh úd a ndeachas siar i bhfochair na bpíobairí leis “An nGliocas” a léiriughadh i dTeach na Coláisde. Agus ó bhí leath lá saoire agam Dia Máirt chuireas romham dhul siar ann agus rothaidheacht i n-éindigh le caraid liom. Ag dul thríd an mbearnain dúinn stadamar le lán ár súl a bhaint as an amharc bhreagh atá le fágháil ann — amharc nach bhféadfaidhe a shárughadh i n-áit ar bith eile i nÉirinn. Ar ár n-aghaidh amach bhí “maol-chnuic Chláir” fá cheo bhán-ghorm. Siar uainn bhí cuan breagh leathan na Gaillimhe. Bhí an taoille ag tuileadh. Bhí an fhairrge rud beag garbh, agus aníos chugainn bhí “fuaim na dtonn ar sleasaibh” na gcarraig, de réir mar bhí siad-san dhá dtiomáint ag an ngaoith aniar. Siar uainn agus suas uainn ar gach taobh bhí na coillte agus na páirceanna beaga bídheacha agus na guirt fá bháirr ghlasa, agus ár ndóigh, clocha. Clocha an bárr is fairsinge sa taobh tíre seo! Chugainn leis an ngaoith bhí baladh cumhartha na féithleóige agus na seimre deirge bhí ag fás go farrabachall thart timcheall orainn. Bhí leisg orainn an áit sin d'fhágháil gur chuimhnigheamar go mbeadh an áilneacht chéadna le tabhairt faoi deara feadh an bhealaigh, agus bhuaileamar ar aghaidh. Thugamar cuairt ar Sgoil na bhFurbach ag dul thart dúinn. Bhí na páisdí ag foghluim an teagaisc Chríosdaidhe an t-am sin — i nGaedhilg amháin ar dóigh, mar ní chuireann an tEasbog s'againne ná na sgrúduightheoirí atá ceaptha aige (duine aca an tAth Mac Éatainn — aon cheist i mBéarla ar pháisde ar bith a bhfuil Gaedhilg aige. Tráthmhail go leor, bhí ceol le bheith aca annsin, a agus ghabh na páisdí uilig “Amhrán an Tae” agus “Óró mo Bháidín” agus trí nó ceithre cinn d'amhránaibh Gaedhilge eile, go binn- ghothach; agus d'aithris cuid aca sean-phaidreacha agus sean-dánta dhúinn freisn. Léigheas a háisdí beaga a bhí sgríobhtha aca, agus tháinig sé i m'intinn go mb'fhéidir go dtiocfadh sé sa saoghal go mbeadh cuid d'ainmneachaibh lucht sgríobhtha na n-aisdí mbeag sin i mbéalaibh na ndaoine amach annseo, díreach mar tá ainmneacha Mhíchil Bhreathnaigh (solus na ngrás d'á anam!) agus Eoghain Uí Neachtain agus Pádraic Uí Chonaire, triúr a rugadh sa gceanntar seo, i mbéalaibh cách sa láthair. Tomás Ó Colmáin (Ollamh le Gaedhilge i gColáisde an Spidéil) atá i mbun na sgoile seo anois, agus ní gábhadh dhom a rádh go bhfuil a an teanga ag fágháil comhthrom na Féinne ar gach caoi innti. Táthar l'éis “Clár dhá Theangadh” a chur ar bun innti, agus ní baoghal nach seasfaidh Sgoil na bhFurbach go daingean idir Chois-Fhairrge Thiar agus an Ghalldachas. Bíonn Tomas ag múnadh garradóireachta do na páisdibh freisin. An giodán talmhan atá thart timcheall ar an Sgoil, tá se ina gharrdha dheas shlachtmhar anois fá fhataibh agus inniúin agus meacain agus gabáisde agus fá ghlasraibh eile, chomh maith le bláthannaibh. Na páisdí a ghníos chuile shórt ann fá stiúrughadh Thomáis. Ag fágáil slán ag na páisdibh dúinn d'iarramar cead ortha dhul chuig an bhfleidh atá bean uasal sa gcomhursanacht le tabhairt dóibh. Dubhradar go bhfuighmís an cead sin acht a theacht ar Sgoil chuile lá feasda, agus gan hataí a chaitheamh ar chor ar bith! Ba chosamhail nár thaithnigh hataí leo! Bhuaileamar bóthar arís, agus níorbh fhada go rabhamar ag sgiorradh thar áiteachaibh a chuir go leor d'á thárla anuraidh i gcuimhne dhúinn. An “Tráigh Bhán” ar a mbídis ag bualadh báire. An áit a mbímis ag snámh. An áit a mbéidh na buachailí ag imirt peile sa bhfairrge. An Chéibh ag a mbíodh na haeridheachtanna againn. An Séipéal Gaedhealach nach mbíodh Béarla le cluinsteál ná le léigheadh ann. “Peatranga” bocht, nach mbéidh aon “rang peataí” ann i mbliadhna - cé gur ruaigeadh as an fear peinsin Gallda úd a bhíodh ag tabhairt “sgata géabha” ar mhinntir na háite faoi rádh is go mbíodh a dteanga féin dhá cleachtadh aca. Faithche na Coláisde ar a mbíodh na féiseanna. An garrda agus an t-ubhall-ghort agus an choill i n-a mbíodh na ranganna móra. Facthas dúinn go bhfacamar “An Bun-Ranng sa gCábán” féin - an cábán bocht a sguabadh chun bealaigh an lá ghaothmhar úd. Seomraí fairsinge na Coláisde atá go huaigneach anois acht a mbéidh a mhalairt de chruth ortha i gceann míosa. Na léigheachta agus na drámanna agus na Céilidhthe a bhíodh againn ionnta! An t-aos- léighinn dílis dúthrachtach a bhíodh ionnta! An bhféadfaidhe a sárughadh d'fhágháil le grádh do'n Ghaedhilg agus le dúil san obair? An iongnadh go bhfuil a lán ag tnúth le lá fosgailte na Coláisde nuair “casfar na daoine ar a chéile” - nuair thiocfas an sluagh Gaedheal le congnamh d'fhagháil ó n-a chéile leis an mbealach chuig Éirinn Gheadhealaigh a ghiorrughadh? Déanfar obair mhaith i mbliadhna freisin; le cuidiughadh Dé. Builfear buille láidir eile ar son Saoirseacht na hÉireann agus an sluagh a chur a bhaile arís léis a ghealladh, mar gheallas siad i gcomhnuidhe, go ndéanfaid a ndícheall, le congnadmh Dé, l'eis an teanga agus a bhfuil fighte fuaithte léithi, a chur ar aghaidh, agus a ndualgas d'a dtír a dhéanamh ar an mbealach sin go lá a mbáis. Caitlín Nic Ghabhann.
19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services