Historical Irish Corpus
1600 - 1926

An Spidéal Thiar

Title
An Spidéal Thiar
Author(s)
Nic Ghabhann, Cáitlín,
Composition Date
1912
Publisher
An Claidheamh Soluis

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926


An Spidéal Thiar.



B'fhada nár thugas cuairt ar an Spidéal —
an baile beag úd atá cosamhail le peictiúr
d'fheicfeá de bhaile bheadh suidhte sa Domhan Thoir.
Ní rabhas ann ó'n oidhche gheimhridh úd a ndeachas
siar i bhfochair na bpíobairí leis “An nGliocas”
a léiriughadh i dTeach na Coláisde. Agus ó
bhí leath lá saoire agam Dia Máirt chuireas
romham dhul siar ann agus rothaidheacht i n-éindigh
le caraid liom.



Ag dul thríd an mbearnain dúinn stadamar
le lán ár súl a bhaint as an amharc bhreagh atá
le fágháil ann — amharc nach bhféadfaidhe a
shárughadh i n-áit ar bith eile i nÉirinn. Ar ár
n-aghaidh amach bhí “maol-chnuic Chláir” fá cheo
bhán-ghorm. Siar uainn bhí cuan breagh leathan
na Gaillimhe. Bhí an taoille ag tuileadh. Bhí
an fhairrge rud beag garbh, agus aníos chugainn
bhí “fuaim na dtonn ar sleasaibh” na gcarraig,
de réir mar bhí siad-san dhá dtiomáint ag an
ngaoith aniar. Siar uainn agus suas uainn
ar gach taobh bhí na coillte agus na páirceanna
beaga bídheacha agus na guirt fá bháirr ghlasa,
agus ár ndóigh, clocha. Clocha an bárr is
fairsinge sa taobh tíre seo! Chugainn leis an
ngaoith bhí baladh cumhartha na féithleóige agus
na seimre deirge bhí ag fás go farrabachall
thart timcheall orainn.



Bhí leisg orainn an áit sin d'fhágháil gur
chuimhnigheamar go mbeadh an áilneacht chéadna
le tabhairt faoi deara feadh an bhealaigh, agus
bhuaileamar ar aghaidh.



Thugamar cuairt ar Sgoil na bhFurbach ag
dul thart dúinn. Bhí na páisdí ag foghluim an
teagaisc Chríosdaidhe an t-am sin — i nGaedhilg
amháin ar dóigh, mar ní chuireann an tEasbog
s'againne ná na sgrúduightheoirí atá ceaptha aige
(duine aca an tAth Mac Éatainn — aon cheist
i mBéarla ar pháisde ar bith a bhfuil Gaedhilg
aige.



Tráthmhail go leor, bhí ceol le bheith aca annsin, a
agus ghabh na páisdí uilig “Amhrán an Tae”
agus “Óró mo Bháidín” agus trí nó ceithre
cinn d'amhránaibh Gaedhilge eile, go binn-
ghothach; agus d'aithris cuid aca sean-phaidreacha
agus sean-dánta dhúinn freisn. Léigheas a
háisdí beaga a bhí sgríobhtha aca, agus tháinig
sé i m'intinn go mb'fhéidir go dtiocfadh sé sa
saoghal go mbeadh cuid d'ainmneachaibh lucht
sgríobhtha na n-aisdí mbeag sin i mbéalaibh
na ndaoine amach annseo, díreach mar tá
ainmneacha Mhíchil Bhreathnaigh (solus na ngrás
d'á anam!) agus Eoghain Uí Neachtain agus
Pádraic Uí Chonaire, triúr a rugadh sa
gceanntar seo, i mbéalaibh cách sa láthair.



Tomás Ó Colmáin (Ollamh le Gaedhilge i
gColáisde an Spidéil) atá i mbun na sgoile
seo anois, agus ní gábhadh dhom a rádh go bhfuil a
an teanga ag fágháil comhthrom na Féinne ar
gach caoi innti. Táthar l'éis “Clár dhá Theangadh”
a chur ar bun innti, agus ní baoghal nach
seasfaidh Sgoil na bhFurbach go daingean idir
Chois-Fhairrge Thiar agus an Ghalldachas.



Bíonn Tomas ag múnadh garradóireachta
do na páisdibh freisin. An giodán talmhan atá
thart timcheall ar an Sgoil, tá se ina gharrdha
dheas shlachtmhar anois fá fhataibh agus inniúin
agus meacain agus gabáisde agus fá ghlasraibh
eile, chomh maith le bláthannaibh. Na páisdí a
ghníos chuile shórt ann fá stiúrughadh Thomáis.



Ag fágáil slán ag na páisdibh dúinn
d'iarramar cead ortha dhul chuig an bhfleidh atá
bean uasal sa gcomhursanacht le tabhairt dóibh.
Dubhradar go bhfuighmís an cead sin acht a
theacht ar Sgoil chuile lá feasda, agus gan
hataí a chaitheamh ar chor ar bith! Ba chosamhail
nár thaithnigh hataí leo!



Bhuaileamar bóthar arís, agus níorbh fhada go
rabhamar ag sgiorradh thar áiteachaibh
a chuir go leor d'á thárla anuraidh i gcuimhne
dhúinn. An “Tráigh Bhán” ar a mbídis ag
bualadh báire. An áit a mbímis ag snámh.
An áit a mbéidh na buachailí ag imirt peile
sa bhfairrge. An Chéibh ag a mbíodh na
haeridheachtanna againn. An Séipéal
Gaedhealach nach mbíodh Béarla le cluinsteál
ná le léigheadh ann. “Peatranga” bocht,
nach mbéidh aon “rang peataí” ann i mbliadhna
- cé gur ruaigeadh as an fear peinsin Gallda
úd a bhíodh ag tabhairt “sgata géabha” ar
mhinntir na háite faoi rádh is go mbíodh a
dteanga féin dhá cleachtadh aca. Faithche na
Coláisde ar a mbíodh na féiseanna. An
garrda agus an t-ubhall-ghort agus an choill
i n-a mbíodh na ranganna móra. Facthas
dúinn go bhfacamar “An Bun-Ranng sa
gCábán” féin - an cábán bocht a sguabadh chun
bealaigh an lá ghaothmhar úd. Seomraí fairsinge
na Coláisde atá go huaigneach anois acht a
mbéidh a mhalairt de chruth ortha i gceann míosa.
Na léigheachta agus na drámanna agus na
Céilidhthe a bhíodh againn ionnta! An t-aos-
léighinn dílis dúthrachtach a bhíodh ionnta! An
bhféadfaidhe a sárughadh d'fhágháil le grádh do'n
Ghaedhilg agus le dúil san obair?



An iongnadh go bhfuil a lán ag tnúth le lá
fosgailte na Coláisde nuair “casfar na
daoine ar a chéile” - nuair thiocfas an sluagh
Gaedheal le congnamh d'fhagháil ó n-a chéile leis
an mbealach chuig Éirinn Gheadhealaigh a
ghiorrughadh? Déanfar obair mhaith i mbliadhna
freisin; le cuidiughadh Dé. Builfear buille
láidir eile ar son Saoirseacht na hÉireann
agus an sluagh a chur a bhaile arís léis a
ghealladh, mar gheallas siad i gcomhnuidhe, go
ndéanfaid a ndícheall, le congnadmh Dé, l'eis
an teanga agus a bhfuil fighte fuaithte léithi,
a chur ar aghaidh, agus a ndualgas d'a dtír
a dhéanamh ar an mbealach sin go lá a mbáis.



Caitlín Nic Ghabhann.

19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services