Historical Irish Corpus
1600 - 1926
Historical Dictionary of Irish
Search the corpus
Browse the Text Archive 1600-1926
An Ghaedhilg nó deagh-bhéasaidheacht?
Title
An Ghaedhilg nó deagh-bhéasaidheacht?
Author(s)
Nic Ghabhann, Cáitlín,
Composition Date
1912
Publisher
An Claidheamh Soluis
Téacs
Comhad TEI
Gnáth-Théacs
Comhad ePub
Search Texts
Enter word/phrase
Search Type
Headword
Standardised
Exact match
Phrase
Word Type
All
Adjective
Noun
Preposition
Pronoun
Verb
Verbal Noun
Poetry/Prose
Both
Prose
Poetry
Set Dates
1600
1926
An Ghaedhilg nó deagh-bhéasaidheacht? Tá na mílte ar fud na hÉireann a bhfuil roinnt mhaith eólais aca ar an teangaidh. Ní san nGaedhealtacht amháin atáid le fágháil, acht thall 's i bhfus san nGalldacht. Daoine d'fhogh- luim an teanga cuid mhaith aca; Gaedhilgeóirí ó dhuthchas cuid eile; daoine a bhíos an-chaint agus comhradh aca nuair castar ar a chéile iad a bhfurmhór. Acht dá mhéad a ngean ar an nGaedhilg, is mór a dóchar a' dhéanann siad uirthi ar dhóigh. Má castar ar a chéile iad i dteach comharsan nó carad, ar an tsráid, nó ar an aonach, nó i n-aon bhall eile, iompuigheann siad ar an mBéarla chomh luath i nÉirinn is thagas duine isteach san gcuideachtain nach dtuigeann an Gaedhilg. Deágh-bhéasaidheacht is ciontach leis; séard is dóigh leó go mbeadh sé droch-mhúinte aon teanga a labhairt acht teanga a thuigfeadh a mbeadh sa láthair. B'fhéidir go bhfuil roinnt don cheart agus do'n fhírinne aca, acht má tá féin, caithfear an gnás sin a bhriseadh nó brisfidh an gnás an Gaedhilg. Tuigtear an méad sin san mBreatain Bhig go sár-mhaith. Téidh isteach i n-aon chuideachtain sa tír sin, agus má bhíonn an Bhreatnais ag dream beag ar bith san gcuideachtain sin, sin í an teanga a bhéas ar siubhal aca má bhíonn leath na cuideachtan féin agus gan focal de'n tean- gaidh ársa sin n-a mbéal aca. Ná ceaptar acht oiread gur mar gheall air iad a bheith taobh leis an mBreatnais labhraid an teanga sin. Ní headh, bíonn an Béarla aca chomh maith leis an dream atá taobh leis an mBéarla. An nós seo a chuir an teanga náisiúnta ar aghaidh san mBreatain Bhig. Aon duine ar mhian leis cúrsaidhe na tíre sin nó saoghal an phobuil a thuigsint, ní mór dhó eólas a chur ar theangaidh na tíre i dtosach. Nach ortha a bhíos an droch-mhúineadh, arsa tusa, agus teanga a labhairt nach dtuigeann acht leath na cuideachtan? Mo fhreagra ar sin gurab eadh, acht gur mó teanga tíre ná deagh-bhéasa. Agus dá nglactaoi leis an mbéas úd i nÉirinn, ní fada go mbeadh a mhalairt de sgéal le luadh againn i dtaobh na Gaedhilge. Ní fada an t-achar go mbeadh athrughadh mór ar an ngluaiseacht dá mbeadh seisear fear nó ban i ngach an bhaile sa tír agus iad faoi gheasa gan acht Gaedhilg a labhairt. Dá mba fir duthrachtacha smaoin- teacha iad chuirfeadh an pobul suim n-a gcuid cainnte, agus thosóchaidís ag piocadh suas an teanga uatha de réir a chéile. Agus dá mbéadh na mná go breágh bríoghmhar maiseamhail an dóigh libh go mbeidís i bhfad gan sgól mór mac- léighinn ar a lorg? D'fhéadfadh an seisear seo leas mór a dhéanamh do'n teangaidh ar bhealach eile. Tá ar an bpobul uile mórán a dhul faoi arrachas sláinte anois; tá ar an bpobul gnótha a dhéanamh le Bórd an Oideachais, le Bórd na gCeanntar gCumhang, leis an Departmint, le muinntir an Phosta agus le n-a lán oifigí eile faoi 'n riaghaltas. Acht níl dlighe ar bith ann chuireas iallach orainn na litreacha chuireas sinn chuig na h-oifigibh úd a sgríobadh san mBéarla. An fear a bhfuil daoine ag obair dhó as páidhe caithfidh seisean na daoine sin arrachadh nó cuirfear fíneál air. Ná bíodh aon bhaint aige le aon chumann acht le cumann a dhéanfas an gnotha as Gaedhilg. Má bhíonn air sgríobhadh chuig aon oifig ná sgríobhadh sé acht as Gaedhilg. Pádraig Ó Conaire.
19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services