Historical Irish Corpus
1600 - 1926

An Ghaedhilg nó deagh-bhéasaidheacht?

Title
An Ghaedhilg nó deagh-bhéasaidheacht?
Author(s)
Nic Ghabhann, Cáitlín,
Composition Date
1912
Publisher
An Claidheamh Soluis

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926


An Ghaedhilg nó deagh-bhéasaidheacht?



Tá na mílte ar fud na hÉireann a bhfuil
roinnt mhaith eólais aca ar an teangaidh. Ní
san nGaedhealtacht amháin atáid le fágháil, acht
thall 's i bhfus san nGalldacht. Daoine d'fhogh-
luim an teanga cuid mhaith aca; Gaedhilgeóirí
ó dhuthchas cuid eile; daoine a bhíos an-chaint agus
comhradh aca nuair castar ar a chéile iad a
bhfurmhór. Acht dá mhéad a ngean ar an
nGaedhilg, is mór a dóchar a' dhéanann siad
uirthi ar dhóigh.



Má castar ar a chéile iad i dteach comharsan
nó carad, ar an tsráid, nó ar an aonach, nó i
n-aon bhall eile, iompuigheann siad ar an
mBéarla chomh luath i nÉirinn is thagas duine
isteach san gcuideachtain nach dtuigeann an
Gaedhilg. Deágh-bhéasaidheacht is ciontach leis;
séard is dóigh leó go mbeadh sé droch-mhúinte
aon teanga a labhairt acht teanga a thuigfeadh
a mbeadh sa láthair. B'fhéidir go bhfuil roinnt
don cheart agus do'n fhírinne aca, acht má tá
féin, caithfear an gnás sin a bhriseadh nó
brisfidh an gnás an Gaedhilg.



Tuigtear an méad sin san mBreatain Bhig
go sár-mhaith. Téidh isteach i n-aon chuideachtain
sa tír sin, agus má bhíonn an Bhreatnais ag
dream beag ar bith san gcuideachtain sin, sin í
an teanga a bhéas ar siubhal aca má bhíonn leath
na cuideachtan féin agus gan focal de'n tean-
gaidh ársa sin n-a mbéal aca. Ná ceaptar
acht oiread gur mar gheall air iad a bheith taobh
leis an mBreatnais labhraid an teanga sin.
Ní headh, bíonn an Béarla aca chomh maith leis
an dream atá taobh leis an mBéarla.



An nós seo a chuir an teanga náisiúnta ar
aghaidh san mBreatain Bhig. Aon duine ar mhian
leis cúrsaidhe na tíre sin nó saoghal an phobuil
a thuigsint, ní mór dhó eólas a chur ar theangaidh
na tíre i dtosach.



Nach ortha a bhíos an droch-mhúineadh, arsa tusa,
agus teanga a labhairt nach dtuigeann acht leath
na cuideachtan? Mo fhreagra ar sin gurab
eadh, acht gur mó teanga tíre ná deagh-bhéasa.
Agus dá nglactaoi leis an mbéas úd i nÉirinn,
ní fada go mbeadh a mhalairt de sgéal le luadh
againn i dtaobh na Gaedhilge. Ní fada an t-achar
go mbeadh athrughadh mór ar an ngluaiseacht dá
mbeadh seisear fear nó ban i ngach an bhaile
sa tír agus iad faoi gheasa gan acht Gaedhilg
a labhairt. Dá mba fir duthrachtacha smaoin-
teacha iad chuirfeadh an pobul suim n-a gcuid
cainnte, agus thosóchaidís ag piocadh suas an
teanga uatha de réir a chéile. Agus dá mbéadh
na mná go breágh bríoghmhar maiseamhail an dóigh
libh go mbeidís i bhfad gan sgól mór mac-
léighinn ar a lorg?



D'fhéadfadh an seisear seo leas mór a
dhéanamh do'n teangaidh ar bhealach eile. Tá ar
an bpobul uile mórán a dhul faoi arrachas
sláinte anois; tá ar an bpobul gnótha a dhéanamh
le Bórd an Oideachais, le Bórd na gCeanntar
gCumhang, leis an Departmint, le muinntir
an Phosta agus le n-a lán oifigí eile faoi 'n
riaghaltas. Acht níl dlighe ar bith ann chuireas
iallach orainn na litreacha chuireas sinn chuig
na h-oifigibh úd a sgríobadh san mBéarla. An
fear a bhfuil daoine ag obair dhó as páidhe
caithfidh seisean na daoine sin arrachadh nó
cuirfear fíneál air. Ná bíodh aon bhaint aige
le aon chumann acht le cumann a dhéanfas an
gnotha as Gaedhilg. Má bhíonn air sgríobhadh
chuig aon oifig ná sgríobhadh sé acht as Gaedhilg.



Pádraig Ó Conaire.

19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services