Historical Irish Corpus
1600 - 1926
Historical Dictionary of Irish
Search the corpus
Browse the Text Archive 1600-1926
Cúrsaí an tSaoghail. An Misiún do'n Óige.
Title
Cúrsaí an tSaoghail. An Misiún do'n Óige.
Author(s)
Nic Ghabhann, Caitlín,
Composition Date
1912
Publisher
An Claidheamh Soluis
Téacs
Comhad TEI
Gnáth-Théacs
Comhad ePub
Search Texts
Enter word/phrase
Search Type
Headword
Standardised
Exact match
Phrase
Word Type
All
Adjective
Noun
Preposition
Pronoun
Verb
Verbal Noun
Poetry/Prose
Both
Prose
Poetry
Set Dates
1600
1926
Cúrsaí an tSaoghail. An Misiún do'n Óige. Muinntir na Gaedhilge do bhí sa lathair ag an Árd-Fheis, b'é a dtuairim go mbadh cheart aire speisialta a thabhairt do'n aos óg as seo amach, go háirthrid sna ceanntrachaibh Gaedhealacha agus leath-Ghaedhealacha. Máire Ní Chinnéide do thairg rún ag baint leis an gceist seo agus an tAth. Tomás Ó Ceallaigh do chuidigh leis. Obair i measg na bpáisdí an obair is tábhacht- aighe dá bhféadfaidhe a dhéanamh. Fumhór na ndaoine fásda nach bhfuil Gaedhilg aca cheana ní bhéidh Gaedhilg aca go deo. Furmhór na ndaoine fásda a bhfuil Gaedhilg aca bhéarfaidh siad leó ar an saoghal eile í, mara bhféadtar a thabhairt ar na páisdibh a baint asta agus a foghluim uatha sul caillfear iad. Tá nós na Béarlóireachta do-bhrisde aca de bharr síor- chleachtuighthe. Ní hé go bhfuil na hathaireacha agus na máthaireacha i n-aghaidh Gaedhilge a labhairt le n-a gclann. Níl an náire chéadna ortha fá'n nGaedhilg do labhairt agus do bhíodh. Tuigeann siad go rachadh sé chun tairbhe do'n aos óg Gaedhilg do bheith aca. Má théigheann duine chum cainnte leo ar an gceist seo admhóchaidh go mbadh cheart do chuile dhuine a theanga féin a labhairt. Ach má théigheann duine dhe na páisdibh a bealach le linn na cainnte seo bheith ar siubhal, agus má's éigin labhairt leis, is i mBéarla a labhruighthear leis. Drochnós é nach féidir leat-sa ná liom-sa ná le n-ár leithéidibh a bhriseadh, agus nach mbrisfear go bráth mara ngríosuighthear na páisdí chun a bhrisde. “Caithfear an Ghaedhealtacht do shábháil.” B'shin é an rosg-catha a ghlac na Gaedhil chuca féin aimsir an Oireachtais. Sé an chaoi a b'fhearr é, sé an t-aon chaoi amháin é, leis an nGaedheal- tacht a thárrtháil, a thabhairt ar an aos óg a dhéanamh. Béidh an Ghaedhealtacht slán sábháilte nuair bhéas chuile pháisde d'á gcomhuigheann ann ag labhairt Gaedhilge d'á dheoin féin i n-am is in antráth. Ó's rud é nach féidir ialach a chur ar na tuismightheoiribh Gadhilge a labhairt le n-a gclainn, caithfear a chur d'ialach ar an aos óg Gaedhilg a labhairt le n-a dtuismigh- theóiribh. Is fánach athair nó máthair a bhéarfadh freagra i mBéarla ar a gclainn d'á labhruighdís- sean Gaedhilg leó. Tá an Connradh le sgata mór múinteóirí a chur ag obair san nGaedhealtacht agus san leath-Ghaedhealtacht. Caithfear a chur 'n-a luighe ar chuile dhuine aca siúd nach mór breith ar na páisdibh agus an Ghaedealtacht a shábháil thríobhtha. Gaedhil nach iad a bhfuil comhnuidhe ortha sna háiteachaibh sin, níor mhór dhóibh cuidhiughad leó san obair. I ngach áit a mbéidh Craobh de'n Chonnradh ar bun caithfear Roinn le haghaidh na bpáisdí a chur ar bun freisin. Áiteacha nach mbéidh aon Chraobh de dhaoinibh fásda ar bun caithfear ceann i gcomhair na bpáisdí amháin a chur ar bun, agus iad-san a thabhairt isteach sa gConnradh, ar chuma ar bith. Agus áit ar bith nach féidir na páisdí a thabhairt chuig an gConnradh caithfidh an Connradh dhul go dtí iad - sna sgoileannaibh nó i n-a mbailtibh féin. Agus labhartar leo i gcomhnuidhe. Múin- tear Stair na hÉireann dóibh. Craobhsgaoiltear Soisgeál an Chonnartha i n-a measg. Mínighthear díbh cé mhéad is fiú an teanga. Cuirtear i dtuigsint dóibh cé'n droch-bhail a chuirfear ar an tír má éirightear as an nGaedhilge. Cuirtear grádh do'n teangaidh i n-a gcroidhthibh. Baintear geall asta go labhróchaidh siad a bhfuil de Ghaedhilg aca sa mbaile a's i gcéin. Cuirtear i n-a luighe ortha go bhfuil sé ar a gcumas-san an teanga do shábháil agus go mbéidh Éire buidheach dhíobh lá is fuide anonn ná indiú má chóimhlíonaid a ndualgas duithe. Ná ceaptar nach dtuigfidh na páisdí cainnt de'n tsórt sin. Tugfidh. Is fearr a thuigfeas páisdí a léithid sin ná mar thuigfeas daoine fásda agus is fuide a chuimhneochas siad air. Is fusa a thabhairt ortha an chomhairle a dhéanamh. Is uaisle agus is glaine a gcroidhthe agus a smaointe. Nach bhfuil sé ráidhte go leanann an óige an bhratach is áirde eiteallas? Ní d'á áirde, ní d'á uaisle na smaointe a nochtóchar do na páisdibh nach amhlaidh do b'fhearr a thuigfear iad. Béidh a thuilleadh le rádh agam ar an gceist seo, amach annseo. Caitlín Nin Ghabhann.
19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services