Cúrsaí an tSaoghail.
An Misiún do'n Óige.
Muinntir na Gaedhilge do bhí sa lathair ag an
Árd-Fheis, b'é a dtuairim go mbadh cheart aire
speisialta a thabhairt do'n aos óg as seo amach,
go háirthrid sna ceanntrachaibh Gaedhealacha agus
leath-Ghaedhealacha. Máire Ní Chinnéide do
thairg rún ag baint leis an gceist seo agus an
tAth. Tomás Ó Ceallaigh do chuidigh leis.
Obair i measg na bpáisdí an obair is tábhacht-
aighe dá bhféadfaidhe a dhéanamh. Fumhór na
ndaoine fásda nach bhfuil Gaedhilg aca cheana ní
bhéidh Gaedhilg aca go deo. Furmhór na
ndaoine fásda a bhfuil Gaedhilg aca bhéarfaidh
siad leó ar an saoghal eile í, mara bhféadtar
a thabhairt ar na páisdibh a baint asta agus a
foghluim uatha sul caillfear iad. Tá nós
na Béarlóireachta do-bhrisde aca de bharr síor-
chleachtuighthe. Ní hé go bhfuil na hathaireacha
agus na máthaireacha i n-aghaidh Gaedhilge a
labhairt le n-a gclann. Níl an náire chéadna
ortha fá'n nGaedhilg do labhairt agus do bhíodh.
Tuigeann siad go rachadh sé chun tairbhe do'n
aos óg Gaedhilg do bheith aca. Má théigheann duine
chum cainnte leo ar an gceist seo admhóchaidh go
mbadh cheart do chuile dhuine a theanga féin a
labhairt. Ach má théigheann duine dhe na
páisdibh a bealach le linn na cainnte seo bheith
ar siubhal, agus má's éigin labhairt leis, is i
mBéarla a labhruighthear leis. Drochnós é
nach féidir leat-sa ná liom-sa ná le n-ár
leithéidibh a bhriseadh, agus nach mbrisfear go
bráth mara ngríosuighthear na páisdí chun a
bhrisde.
“Caithfear an Ghaedhealtacht do shábháil.”
B'shin é an rosg-catha a ghlac na Gaedhil chuca féin
aimsir an Oireachtais. Sé an chaoi a b'fhearr
é, sé an t-aon chaoi amháin é, leis an nGaedheal-
tacht a thárrtháil, a thabhairt ar an aos óg a
dhéanamh. Béidh an Ghaedhealtacht slán sábháilte
nuair bhéas chuile pháisde d'á gcomhuigheann
ann ag labhairt Gaedhilge d'á dheoin féin i n-am
is in antráth. Ó's rud é nach féidir ialach
a chur ar na tuismightheoiribh Gadhilge a labhairt
le n-a gclainn, caithfear a chur d'ialach ar an
aos óg Gaedhilg a labhairt le n-a dtuismigh-
theóiribh. Is fánach athair nó máthair a bhéarfadh
freagra i mBéarla ar a gclainn d'á labhruighdís-
sean Gaedhilg leó.
Tá an Connradh le sgata mór múinteóirí
a chur ag obair san nGaedhealtacht agus
san leath-Ghaedhealtacht. Caithfear a chur 'n-a
luighe ar chuile dhuine aca siúd nach mór breith ar
na páisdibh agus an Ghaedealtacht a shábháil
thríobhtha. Gaedhil nach iad a bhfuil comhnuidhe
ortha sna háiteachaibh sin, níor mhór dhóibh
cuidhiughad leó san obair.
I ngach áit a mbéidh Craobh de'n Chonnradh
ar bun caithfear Roinn le haghaidh na bpáisdí
a chur ar bun freisin. Áiteacha nach mbéidh
aon Chraobh de dhaoinibh fásda ar bun caithfear
ceann i gcomhair na bpáisdí amháin a chur ar
bun, agus iad-san a thabhairt isteach sa
gConnradh, ar chuma ar bith. Agus áit ar bith
nach féidir na páisdí a thabhairt chuig an gConnradh
caithfidh an Connradh dhul go dtí iad - sna
sgoileannaibh nó i n-a mbailtibh féin.
Agus labhartar leo i gcomhnuidhe. Múin-
tear Stair na hÉireann dóibh. Craobhsgaoiltear
Soisgeál an Chonnartha i n-a measg. Mínighthear
díbh cé mhéad is fiú an teanga. Cuirtear i
dtuigsint dóibh cé'n droch-bhail a chuirfear
ar an tír má éirightear as an nGaedhilge.
Cuirtear grádh do'n teangaidh i n-a gcroidhthibh.
Baintear geall asta go labhróchaidh siad a
bhfuil de Ghaedhilg aca sa mbaile a's i gcéin.
Cuirtear i n-a luighe ortha go bhfuil sé ar a
gcumas-san an teanga do shábháil agus go
mbéidh Éire buidheach dhíobh lá is fuide anonn
ná indiú má chóimhlíonaid a ndualgas duithe.
Ná ceaptar nach dtuigfidh na páisdí cainnt
de'n tsórt sin. Tugfidh. Is fearr a thuigfeas
páisdí a léithid sin ná mar thuigfeas daoine
fásda agus is fuide a chuimhneochas siad air.
Is fusa a thabhairt ortha an chomhairle a dhéanamh.
Is uaisle agus is glaine a gcroidhthe agus a
smaointe. Nach bhfuil sé ráidhte go leanann
an óige an bhratach is áirde eiteallas? Ní d'á
áirde, ní d'á uaisle na smaointe a nochtóchar
do na páisdibh nach amhlaidh do b'fhearr a thuigfear
iad.
Béidh a thuilleadh le rádh agam ar an gceist
seo, amach annseo.
Caitlín Nin Ghabhann.