Historical Irish Corpus
1600 - 1926
Historical Dictionary of Irish
Search the corpus
Browse the Text Archive 1600-1926
Garnóireacht
Title
Garnóireacht
Author(s)
Ní Dhonnchadha, Cáit,
Composition Date
1912
Publisher
An Claidheamh Soluis
Téacs
Comhad TEI
Gnáth-Théacs
Comhad ePub
Search Texts
Enter word/phrase
Search Type
Headword
Standardised
Exact match
Phrase
Word Type
All
Adjective
Noun
Preposition
Pronoun
Verb
Verbal Noun
Poetry/Prose
Both
Prose
Poetry
Set Dates
1600
1926
Garnóireacht. Is fuirist do dhaoine, idir bocht agus saidhbhir, adhbhar gárnóireachta do thathaighe. Tamall ó shoin do dheineas tagairt don obair seo san Chlaidheamh, agus is maith liom a rádh na deaghaidh an glór i n-aisce. Dá laighead talamh a ghabhann le tigh comhnuidhthe dá ndeintí bainis- tidheacht mhaith air, ní beag iongnadh an tairbhthe a thiocfaidh as ó bliadhain go bliadhain. Tráth is gur tháinig an feirmeóir ó inneallaibh an tighearna talmhan is maith liom a luadh ná fuil aon doicheall dá bhreith chun acra dá ghabhaltas do chur i leith le haghaidh tighe do sclábhaidhe. Is follus a fheicsint ná deintear an saothrughadh is dual don acra tailimh, agus do réir an ráfla atá amuigh ní mó ná maith an tairbhthe dá lán aca é. Droch-bhainistidheacht fé ndeara an tromaidheacht is an gearán atá dá gcur n-a leith. Ní dhéanfaidh caint ná bladhman aon mhaith chun a leighiste; ní mó ná mar a dhéanfaidh sé an gnó an t-eolas a chur i n-iumhal dóibh agus a rádh leó é ghlacadh nó é fhágaint n-a ndiaidh. Súbhailce fé leith 'seadh an dúil atá age duine ar ghárnóireacht. Agus nach maoidhte é a shaoghal tráth is ná bíonn de chúram ná de bhuadhairt air acht a shaoghal a thabairt fé sgáth agus fé chiúineas sa treo soin. B'fhéidir nach eol do a réir atá sé ar a shocaireacht. Tá lucht riartha ár léighinn ag labhairt agus faobhar ortha gur cheart roinnt bheag tailimh do sholáthar dos na scoileannaibh íochtraigh mar a dtaisbéanfaí dos na leanbhaíbh an módh ba shocraighe agus ba shaoráidighe do chleachtadh i n-obair saothruighthe an tailimh. D'oirfeadh caint don tsórd soin do Cho. na Midhe agus Luimnigh — áiteanna ná deintear acht fíor- bheagán saothruighthe — acht ní hé an córughadh céadna a oireann don chuid eile den tír. Do b'fhearrde Éire gníomh tairbhtheach a bheith taobh thiar de chaint a chloistear uaireannta do réir mar is eol dúinne a chaith furmhór dár saoghal fén dtuaith deinid garsúin is gearrachaillí an tighe mór chuid d'obair na feirme tar éis teacht a bhaile dhóibh ón sgoil. Diaidh i ndiaidh do thiocfadh leis an leanbh bocht eolas do chur ar gárnóireacht sa bhaile. I laethibh mo leanbhaidheachta is cuimhin liom mar chaithinn sealadh den ló ag píordáil le glasaraí is ag cur bláthanna i gcóir agus gur túisce liom soin a dhéanamh nuair ná chuir- fidhe d'iachaibh orm é dhéanamh ar scoil. Is gairid go bhfeicfear na lóipíní ar an suidheamh éilighinn atá dá cheapadh age lucht a riartha. Dá ndéanfadh craobhach na Gaedhilge an ghnó so do tharrac chuca agus sraith léigheachta ar gárnóireacht do leagadh amach dá ndaltaí do dhéanfadh aistí dá sord soláthar níos fearr dá mhacaibh léighinn, agus ní bheadh daltaí ar iarraidh i n-aghaidh na bliadhna. Chuige sin tá a bheag nó a mhór den Bhéarla riachtanach go fóill, agus an té gur suarach leis baint leis an mBéarla d'fhonn eolas an ghótha soin do chur ní bheadh ann acht tuathalán aineolach. Is gairid anois go mbeidh an foghmhar istigh againn. Beidh an t-ubhall agus an péirín dá mbaint is dá gcur i gcóir le haghaidh bainis- tidheacht an tighe. Do réir mar a chloisim tá fás ní b'fhearr ortha i n-áiteannaibh i mbliadhna. An túisce bhíonn an toradh aibidh is gnáth é chur fé dhíon tighe. Dá bhfágfaidhe amuigh é dhéan- faidís na beacha mór cuid díoghbhála do ag foisigh- eacht timcheall. Sé is deallraighe go bhfanfaidh soathrughadh silíní agus tomátaí sa tír seo fo lucht an ghustail. Obair fé leith a ghabhann le tigh gloinne, acht mara n-airimhim an gárnóir a thógfaidh air féin slighe beathadh a bhaint amach sa treó soin. Tá súil againn go mbeidh na dáilí go maith i mbliadhna. Níor ghearanta dóibh anuiridh ar aon tslighe. 'Sí an ghárnóireacht an t-adhbhar oll-mhaitheasa is tábhachtaighe agus is luachmhaire atá againn má dheintear é na ceart; agus do réir mar a raghfar na cúram i n-aghaidh an lae raghaidh an tír choitchianta chun cinn. Cáit Ní Dhonnchadha.
19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services