Garnóireacht.
Is fuirist do dhaoine, idir bocht agus saidhbhir,
adhbhar gárnóireachta do thathaighe. Tamall
ó shoin do dheineas tagairt don obair seo san
Chlaidheamh, agus is maith liom a rádh na
deaghaidh an glór i n-aisce. Dá laighead talamh
a ghabhann le tigh comhnuidhthe dá ndeintí bainis-
tidheacht mhaith air, ní beag iongnadh an tairbhthe
a thiocfaidh as ó bliadhain go bliadhain. Tráth
is gur tháinig an feirmeóir ó inneallaibh an
tighearna talmhan is maith liom a luadh ná fuil
aon doicheall dá bhreith chun acra dá ghabhaltas
do chur i leith le haghaidh tighe do sclábhaidhe. Is
follus a fheicsint ná deintear an saothrughadh
is dual don acra tailimh, agus do réir an
ráfla atá amuigh ní mó ná maith an tairbhthe dá
lán aca é. Droch-bhainistidheacht fé ndeara an
tromaidheacht is an gearán atá dá gcur n-a leith.
Ní dhéanfaidh caint ná bladhman aon mhaith chun
a leighiste; ní mó ná mar a dhéanfaidh sé an gnó
an t-eolas a chur i n-iumhal dóibh agus a rádh
leó é ghlacadh nó é fhágaint n-a ndiaidh.
Súbhailce fé leith 'seadh an dúil atá age duine
ar ghárnóireacht. Agus nach maoidhte é a
shaoghal tráth is ná bíonn de chúram ná de
bhuadhairt air acht a shaoghal a thabairt fé sgáth
agus fé chiúineas sa treo soin. B'fhéidir nach
eol do a réir atá sé ar a shocaireacht.
Tá lucht riartha ár léighinn ag labhairt agus
faobhar ortha gur cheart roinnt bheag tailimh
do sholáthar dos na scoileannaibh íochtraigh mar
a dtaisbéanfaí dos na leanbhaíbh an módh ba
shocraighe agus ba shaoráidighe do chleachtadh
i n-obair saothruighthe an tailimh. D'oirfeadh
caint don tsórd soin do Cho. na Midhe agus
Luimnigh — áiteanna ná deintear acht fíor-
bheagán saothruighthe — acht ní hé an córughadh
céadna a oireann don chuid eile den tír. Do
b'fhearrde Éire gníomh tairbhtheach a bheith taobh
thiar de chaint a chloistear uaireannta do réir
mar is eol dúinne a chaith furmhór dár saoghal
fén dtuaith deinid garsúin is gearrachaillí an
tighe mór chuid d'obair na feirme tar éis teacht
a bhaile dhóibh ón sgoil. Diaidh i ndiaidh do thiocfadh
leis an leanbh bocht eolas do chur ar gárnóireacht
sa bhaile. I laethibh mo leanbhaidheachta is cuimhin
liom mar chaithinn sealadh den ló ag píordáil
le glasaraí is ag cur bláthanna i gcóir agus
gur túisce liom soin a dhéanamh nuair ná chuir-
fidhe d'iachaibh orm é dhéanamh ar scoil. Is
gairid go bhfeicfear na lóipíní ar an suidheamh
éilighinn atá dá cheapadh age lucht a riartha.
Dá ndéanfadh craobhach na Gaedhilge an
ghnó so do tharrac chuca agus sraith léigheachta
ar gárnóireacht do leagadh amach dá ndaltaí
do dhéanfadh aistí dá sord soláthar níos fearr
dá mhacaibh léighinn, agus ní bheadh daltaí ar
iarraidh i n-aghaidh na bliadhna. Chuige sin tá
a bheag nó a mhór den Bhéarla riachtanach go fóill,
agus an té gur suarach leis baint leis an
mBéarla d'fhonn eolas an ghótha soin do chur
ní bheadh ann acht tuathalán aineolach.
Is gairid anois go mbeidh an foghmhar istigh
againn. Beidh an t-ubhall agus an péirín dá
mbaint is dá gcur i gcóir le haghaidh bainis-
tidheacht an tighe. Do réir mar a chloisim tá
fás ní b'fhearr ortha i n-áiteannaibh i mbliadhna.
An túisce bhíonn an toradh aibidh is gnáth é chur
fé dhíon tighe. Dá bhfágfaidhe amuigh é dhéan-
faidís na beacha mór cuid díoghbhála do ag foisigh-
eacht timcheall. Sé is deallraighe go bhfanfaidh
soathrughadh silíní agus tomátaí sa tír seo fo
lucht an ghustail. Obair fé leith a ghabhann le
tigh gloinne, acht mara n-airimhim an gárnóir
a thógfaidh air féin slighe beathadh a bhaint amach
sa treó soin. Tá súil againn go mbeidh na
dáilí go maith i mbliadhna. Níor ghearanta
dóibh anuiridh ar aon tslighe.
'Sí an ghárnóireacht an t-adhbhar oll-mhaitheasa
is tábhachtaighe agus is luachmhaire atá againn
má dheintear é na ceart; agus do réir mar a
raghfar na cúram i n-aghaidh an lae raghaidh an
tír choitchianta chun cinn.
Cáit Ní Dhonnchadha.