Historical Irish Corpus
1600 - 1926
Historical Dictionary of Irish
Search the corpus
Browse the Text Archive 1600-1926
Sgéala Ó Ameiriocá. An Filleadh Beag.
Title
Sgéala Ó Ameiriocá. An Filleadh Beag.
Author(s)
Giolla na Luaithe,
Pen Name
Giolla na Luaithe
Composition Date
1912
Publisher
An Claidheamh Soluis
Téacs
Comhad TEI
Gnáth-Théacs
Comhad ePub
Search Texts
Enter word/phrase
Search Type
Headword
Standardised
Exact match
Phrase
Word Type
All
Adjective
Noun
Preposition
Pronoun
Verb
Verbal Noun
Poetry/Prose
Both
Prose
Poetry
Set Dates
1600
1926
Sgéala Ó Ameiriocá. An Filleadh Beag. Do bhí beirt Gaedheal ar an gasra do chuaidh ar cheann an Dálaigh an lá a dtáinig sé i dtír annso agus do bhí filleadh beag ortha. Is amhlaidh atá muinntir Ameiriocá a bhfuil dubh agus bán agus buidhe aca, is dóigh leó gurab é seo culadh na nAlbannach, agus éinne ar a bhfeicid é, is béas dóibh Albannach do ghairm de láithreach bonn. Acht nuair d'fhionadar gur Gaedhil an bheirt seo, do ghabh iongnadh iad mar níor mheasadar go raibh aon chuladh fá leith ag na Gaedhealaibh le caitheamh. Do chonnac príomh-aiste fhada san New York Sun mar gheall ar an mbeirt seo agus pé duine do sgríobh é, do bhí roinnt eolais aige ar seanchus agus ar nósaibh na nGaedheal agus an nAlbannach. Iseadh adubhairt file Albannach nuair dorighneadh dlighe 'nar fhuáileadh ar gach fear sean-bhriste do tharraint chuige i lár na hochmhadh aoise déag:— “Atá náire againn go deó. ó ghabhamar chughainn na héadaidhe gan crot gan deallradh so, is ar éigin d'aithneochaimís a chéile ar aonach ná margadh, ar fleadh ná ar féasta. Do bhí lá agam agus an té adéarfadh liom go gcuir finn umam a leithéid de chuladh aindeis, do chuirfeadh sé fearg agus searbhus orm. Mar ní thagann na giobail seo dhúinn agus níor chaith ár sinnsir riamh iad. Mo mhairg, féach orainn anois. Sean-phlaidhc mar dhídean ár ar gceannaibh agus stocaidhe gránda um ár gcorp. Atá a raibh de shnas agus de shlacht orainn imthighthe agus ní bheidh ráth ná rachmus orainn choidhchhe arís.” B'fhéidir go raibh cuid mhaith de'n cheart agat, a Albannaigh. Fleadh do Mhadhraíbh. Atá daoine i dtigh na ngealt agus ba cheart iad do sgaoileadh amach, agus atá daoine leath- 'smuigh de thigh na ngealt agus ba cheart iad do chur isteach. Is é a thugann orm é seo do rádh, sgata ban saidhbhir san chathair seo, dream gan mhaith gan mhaoin, gan creideamh gan coinsias, dorighne féasta dá madraíbh i dtigh ósta mór annso .i. an Vanderbilt Hotel an seachtmadh lá fichead de mhí na Bealtaine. Do bhí culadh ioldathach ar gach madra agus cathaoir do féin ag gach maistín gan mhaith aca. Ní fios cá stadfaimíd. Do chosain an féasta so timcheall cúig míle dollar — agus daoine bochta annso agus iad ag fagháil bháis leis an ocras. An Fheis. Dorighne Gaedhil na cathrach so Feis i gCeltic Park Dia Domhnaigh seo ghabh tharainn (Bealtaine a 19) agus is fada a bheas cuimhne ag a raibh de dhaoinibh ann ar an bhfeis sin. Is iomdha sluagh mór do chonnacadh ins an áit sin mar is ann a théidheann na buachillí breatha Gaedhealacha ag iomaidh le chéile féachaint cé is fearrr léim rith is lúth; agus is ann fós a dhéinid báire d'imirt féachaint cia bhuidhean is imeartha agus is acillidhe, acht ní fheacadh riamh fós aon chóimhthionól chomh mór leis an gcoimh- thionól do bhí ann Dia Domhnaigh. Adubhairt Seaghán Ó Cathasaigh .i. aon de na Gaedhealaibh is fearr méin agus miotal annso agus duine atá ar Chuallacht Consanta na Gaedhilge ó cuireadh ar bun í, gur minic a thriall go Celtic Park le bliadhanta acht ná feaca sé riamh a leithéid de shluagh ann. Agus creidim é. Acht ní de mhéid an sluagha do dhéanfainn mór- bhrigh acht de fheabhas a méine, méid a meanman agus aoisde a n-aibhnis. Adubhairt na páipéir annso go raibh cúig míle déag duine de láthair acht tá a fhios ag an saoghal gur béas do lucht páipéar roinnt éithigh do stracadh anois agus arís. Is theimhin dearbh go raibh dá mhíle déag duine ann. Do mheasfá gur i nÉirinn do bheitheá an lá san agus is iomdha fear agus bean do shil na deóra nuair adubhairt Ó Dálaigh “Muise, céad slán leis an tsean-aimsir.” Do chuir na focail seo i gcuimhne do'n sluagh an sult agus an greann do bhí aca 'na mbailtibh dúthchais tráth agus is dóigh liom go dtáinig uaigneas ortha. Do bhí rinnce agus ceól ann, amhránaidheacht agus sgéalaidheacht agus aithriseoireacht agus óráideacht. Do bhí Domhall Ó Conchubhar ann, fileadh beag air, meagaphón aige agus cach aon bhúir do leigeadh sé tríd agus é ag glaodhach ar na hiomadhtheoiríbh, do cloisfidhe san domhan thoir é. Do bhí gasra ó'n Philo-Celtic Society ann agus filidhe beaga ortha leis agus ba dheas iad le féachain ortha. Easbog Ua Dochartaigh. Do bhí an Dochtúir Ó Dochartaigh ann, .i. Easbog atá ag dul dtí na Philliphine Islands, agus do labhair sé leis an sluagh. Adubhairt sé leó gur eirigh a chroidhe ann, agus gur mhéadaigh a mheanma nuair do chonnaic sé an bailiughadh mór daoine sin, “Mo ghrádh sibh a Chlanna Gaedheal,” ar sé, “atá sibh Gaedhealach fós agus ní dhéanfadh dícheall Sasanach Gallda sibh. Mo bheannach ar an obair atá idir lámhaibh agaibh, agus má's cumas damhsa teacht i gcabhar oraibh an fhaid a mhairfead, déanfad é le fonn.” An Dálach. Seo chugainn Ó Dálaigh anois agus is fuiris a athaint air go bhfuil fon greannnmhaireachta air. Dorighne an sluagh árd-gháir ar fad nuair d'eirigh sé chum cainnte agus ba mhó ná san an gáir dorighneadar sul ar stad sé. D'innis sé dóibh cionnus do bhí an sgéal i nÉirinn. Ní fada do chuaidh nuair do bhíodar i riocht sgoilte ortha le gáire le sgéal greann- mhar d'innis sé dhóibh. Do bhrughadar isteach chun an árdáin chum ná gaghadh aon focal thórsta agus db'fhiú dhóibh sin. Níor bh'fhada go ndearnadar gartha móra arís, agus annsan do bhain sé gáire asta go dtáinig greim 'na gcliathánaibh. Is amhlaidh do bhíodar ag gáire nó ag déanamh gártha aige ó thosnuigh sé nó gur stad sé. Ní raibh de locht aca ar a chuid cainnte acht aon locht amháin .i. dob'é a lucht a luighead. An tAthair Micheál. Ansan do labhair an sagart .i. Micheál Ó Flannagáin agus do cuireadh na mílte fáilte roimhe. Adubhairt sé go ndearna na Gaedhil cleasa agus gaisgí ar an bhfaithche sin nár sáruigheadh riamh roimhe seo ag togha fear na Gréige; “Acht” arsa Micheál “chíonn sibh annso indiu radharc ná feacadh annso riamh roimhe seo. Chíonn sibh feis atá cosamhlach leis an bhFeis do deántaoi i dTeamhair na Righ atá láimh le trí míle bliadhan ó shoin ann.” Giolla na Luaithe.
19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services