Sgéala Ó Ameiriocá.
An Filleadh Beag.
Do bhí beirt Gaedheal ar an gasra do chuaidh
ar cheann an Dálaigh an lá a dtáinig sé i dtír
annso agus do bhí filleadh beag ortha. Is amhlaidh
atá muinntir Ameiriocá a bhfuil dubh agus
bán agus buidhe aca, is dóigh leó gurab é seo
culadh na nAlbannach, agus éinne ar a bhfeicid
é, is béas dóibh Albannach do ghairm de
láithreach bonn. Acht nuair d'fhionadar gur
Gaedhil an bheirt seo, do ghabh iongnadh iad
mar níor mheasadar go raibh aon chuladh fá
leith ag na Gaedhealaibh le caitheamh.
Do chonnac príomh-aiste fhada san New York
Sun mar gheall ar an mbeirt seo agus pé duine
do sgríobh é, do bhí roinnt eolais aige ar seanchus
agus ar nósaibh na nGaedheal agus an
nAlbannach. Iseadh adubhairt file Albannach
nuair dorighneadh dlighe 'nar fhuáileadh ar
gach fear sean-bhriste do tharraint chuige i
lár na hochmhadh aoise déag:—
“Atá náire againn go deó. ó ghabhamar
chughainn na héadaidhe gan crot gan deallradh
so, is ar éigin d'aithneochaimís a chéile ar aonach
ná margadh, ar fleadh ná ar féasta. Do bhí
lá agam agus an té adéarfadh liom go gcuir
finn umam a leithéid de chuladh aindeis, do
chuirfeadh sé fearg agus searbhus orm. Mar
ní thagann na giobail seo dhúinn agus níor
chaith ár sinnsir riamh iad. Mo mhairg, féach
orainn anois. Sean-phlaidhc mar dhídean ár
ar gceannaibh agus stocaidhe gránda um ár
gcorp. Atá a raibh de shnas agus de shlacht
orainn imthighthe agus ní bheidh ráth ná rachmus
orainn choidhchhe arís.” B'fhéidir go raibh cuid mhaith
de'n cheart agat, a Albannaigh.
Fleadh do Mhadhraíbh.
Atá daoine i dtigh na ngealt agus ba cheart
iad do sgaoileadh amach, agus atá daoine leath-
'smuigh de thigh na ngealt agus ba cheart iad do
chur isteach. Is é a thugann orm é seo do rádh,
sgata ban saidhbhir san chathair seo, dream gan
mhaith gan mhaoin, gan creideamh gan coinsias,
dorighne féasta dá madraíbh i dtigh ósta
mór annso .i. an Vanderbilt Hotel an seachtmadh
lá fichead de mhí na Bealtaine. Do bhí culadh
ioldathach ar gach madra agus cathaoir do féin
ag gach maistín gan mhaith aca. Ní fios cá
stadfaimíd. Do chosain an féasta so timcheall
cúig míle dollar — agus daoine bochta
annso agus iad ag fagháil bháis leis an ocras.
An Fheis.
Dorighne Gaedhil na cathrach so Feis i gCeltic
Park Dia Domhnaigh seo ghabh tharainn (Bealtaine
a 19) agus is fada a bheas cuimhne ag a raibh de
dhaoinibh ann ar an bhfeis sin. Is iomdha sluagh
mór do chonnacadh ins an áit sin mar is
ann a théidheann na buachillí breatha
Gaedhealacha ag iomaidh le chéile féachaint cé
is fearrr léim rith is lúth; agus is ann fós a
dhéinid báire d'imirt féachaint cia bhuidhean is
imeartha agus is acillidhe, acht ní fheacadh riamh
fós aon chóimhthionól chomh mór leis an gcoimh-
thionól do bhí ann Dia Domhnaigh. Adubhairt
Seaghán Ó Cathasaigh .i. aon de na Gaedhealaibh
is fearr méin agus miotal annso agus duine
atá ar Chuallacht Consanta na Gaedhilge ó
cuireadh ar bun í, gur minic a thriall go Celtic
Park le bliadhanta acht ná feaca sé riamh a
leithéid de shluagh ann. Agus creidim é. Acht
ní de mhéid an sluagha do dhéanfainn mór-
bhrigh acht de fheabhas a méine, méid a meanman
agus aoisde a n-aibhnis. Adubhairt na páipéir
annso go raibh cúig míle déag duine de láthair
acht tá a fhios ag an saoghal gur béas do lucht
páipéar roinnt éithigh do stracadh anois agus
arís. Is theimhin dearbh go raibh dá mhíle déag
duine ann.
Do mheasfá gur i nÉirinn do bheitheá an lá
san agus is iomdha fear agus bean do shil na
deóra nuair adubhairt Ó Dálaigh “Muise, céad
slán leis an tsean-aimsir.” Do chuir na focail
seo i gcuimhne do'n sluagh an sult agus an
greann do bhí aca 'na mbailtibh dúthchais tráth
agus is dóigh liom go dtáinig uaigneas ortha.
Do bhí rinnce agus ceól ann, amhránaidheacht
agus sgéalaidheacht agus aithriseoireacht agus
óráideacht. Do bhí Domhall Ó Conchubhar ann,
fileadh beag air, meagaphón aige agus cach aon
bhúir do leigeadh sé tríd agus é ag glaodhach
ar na hiomadhtheoiríbh, do cloisfidhe san domhan
thoir é. Do bhí gasra ó'n Philo-Celtic Society
ann agus filidhe beaga ortha leis agus ba dheas
iad le féachain ortha.
Easbog Ua Dochartaigh.
Do bhí an Dochtúir Ó Dochartaigh ann, .i.
Easbog atá ag dul dtí na Philliphine Islands,
agus do labhair sé leis an sluagh. Adubhairt
sé leó gur eirigh a chroidhe ann, agus gur mhéadaigh
a mheanma nuair do chonnaic sé an bailiughadh
mór daoine sin, “Mo ghrádh sibh a Chlanna
Gaedheal,” ar sé, “atá sibh Gaedhealach fós agus
ní dhéanfadh dícheall Sasanach Gallda sibh.
Mo bheannach ar an obair atá idir lámhaibh
agaibh, agus má's cumas damhsa teacht i gcabhar
oraibh an fhaid a mhairfead, déanfad é le fonn.”
An Dálach.
Seo chugainn Ó Dálaigh anois agus is fuiris
a athaint air go bhfuil fon greannnmhaireachta
air. Dorighne an sluagh árd-gháir ar fad
nuair d'eirigh sé chum cainnte agus ba mhó
ná san an gáir dorighneadar sul ar stad sé.
D'innis sé dóibh cionnus do bhí an sgéal i
nÉirinn. Ní fada do chuaidh nuair do bhíodar
i riocht sgoilte ortha le gáire le sgéal greann-
mhar d'innis sé dhóibh. Do bhrughadar isteach
chun an árdáin chum ná gaghadh aon focal thórsta
agus db'fhiú dhóibh sin. Níor bh'fhada go
ndearnadar gartha móra arís, agus annsan
do bhain sé gáire asta go dtáinig greim 'na
gcliathánaibh. Is amhlaidh do bhíodar ag gáire
nó ag déanamh gártha aige ó thosnuigh sé nó
gur stad sé. Ní raibh de locht aca ar a chuid
cainnte acht aon locht amháin .i. dob'é a lucht
a luighead.
An tAthair Micheál.
Ansan do labhair an sagart .i. Micheál Ó
Flannagáin agus do cuireadh na mílte fáilte
roimhe. Adubhairt sé go ndearna na Gaedhil
cleasa agus gaisgí ar an bhfaithche sin nár
sáruigheadh riamh roimhe seo ag togha fear na Gréige;
“Acht” arsa Micheál “chíonn sibh annso indiu
radharc ná feacadh annso riamh roimhe seo.
Chíonn sibh feis atá cosamhlach leis an bhFeis
do deántaoi i dTeamhair na Righ atá láimh
le trí míle bliadhan ó shoin ann.”
Giolla na Luaithe.