Historical Irish Corpus
1600 - 1926
Historical Dictionary of Irish
Search the corpus
Browse the Text Archive 1600-1926
Sgéala Ó Améiriocá. An Dálach.
Title
Sgéala Ó Améiriocá. An Dálach.
Author(s)
Giolla na Luaithe,
Pen Name
Giolla na Luaithe
Composition Date
1912
Publisher
An Claidheamh Soluis
Téacs
Comhad TEI
Gnáth-Théacs
Comhad ePub
Search Texts
Enter word/phrase
Search Type
Headword
Standardised
Exact match
Phrase
Word Type
All
Adjective
Noun
Preposition
Pronoun
Verb
Verbal Noun
Poetry/Prose
Both
Prose
Poetry
Set Dates
1600
1926
Sgéala Ó Améiriocá. An Dálach. Do ghabh an tÁrd-Rúnaidhe cuan an tríomhadh lá de'n mhí seo(Bealtaine). Is amhlaidh d'fhéach sé dham iar teacht amach ar an árthrach do, dá mba is go bhféadfadh nairc d'itheadh. Do bhí luisne na sláinte 'na ghrudhannaibh agus is dearbh nár measaide a thuras ar muir é. Ar bhain aon chiothruinn do'n Lusitania, nó ar bhuail aon leac reoidh í? Níor bhuail, agus níor bhaoghal di an fhaid do bhí an gaisgidh- each ar bórd. Do bhí sluagh de mhaithibh Gaedheal roimhe ar an gcaladh chum fáilte do chur roimhe mar do bhí a cháil imthighthe roimhe. Do rug an “cuallacht fáiltighthe” leó é go dtí an tigh iostais is uaisle dá bhfuil annso .i. an Knickerbocker Hotel, mar a ndearnadar fleadh mhór do. Agus an fhaid do bhí an fhleadh sin ghá caitheamh is minic do bhain sé gáire asta mar atá sé chomh mór sult is bhí sé riamh agus ní beag sin. Do bhí gnó mór idir lámhaibh ag na tosgairíbh agus dob' áil leó a chabhair agus a chomhairle. Atá an gnó so socair cheana féin agus atá cuid d'obair a thurais déanta aige. Labharfaidh sé ar an bhFeis mór annso an naomhadh lá déag agus is iomdha duine a rachaidh ann chum a chlos mar atá súil aca le hóráid nár cloiseadh a samhail i gCeltic Parc riamh uaidh. Annson rachaidh sé i dteannta an tsagairt go dtí Philadephia agus Chicago agus, Indiana- polis agus Hartford. Déanfar oireacht i ngach áit díobh súd. An Teasbánadh. Do bhí an Teasbánadh i Kakoma i stát Indiana an tseachtmhain seo caithte againn. Atá sé an tseachtmhain seo i nAnderson agus beidh sé an tseachmhain seo chugainn i nDayton is stát Ohio. Focal de theangain na nIndiach é seo agus is é ciall atá leis “abhainn aoibhinn.” Níl aon áit dá dtugann Fionán an Teasbánadh seo ná tagann na sluaighte cum féacaint air agus is móide a n-eolas agus a meas ar dhéantúsaibh Éireann a gcuaird chuige. Eibhlín Ní Núnáin. Atá cailín ag gabháil leis an Teasbánadh, .i. Eibhlín Ní Núnáin agus cruitire iseadh í. Do bhain ciotruinn di atá dhá bhliadhain ó shin ann agus ní fhéadfadh sí ceann de na féithibh atá i bhfearsaid a láimhe d'oibriughadh as son amach. Adubhairt dochtúir de mhuintir Mhurchadhad léi annso go bhféadfadh sé an fhéith sin do chur 'na ceart acht is ar éigin do chreid Eiblín é mar do shaoil sí go raibh féirín aici do leanfadh di go deo beatha agus nár chabhair di liaigh ná luibh. D'oibrigheadh uirthi atá mí ó shoin ann agus iseadh tháing de í bheith anois chomh slán is do bhí sí riamh. Cailín gleoidhte ceart í agus níl éinne do theangmhaigh léi ná fuil buidheach di. Uibhe agus Im. Ag seo im'dhiaidh cuid dá ndubhairt ár sagart leis léigheanta ar an oireacht do-righneadh do i Manchester i stát New Hamshire an dara lá fichead de'n Abrán:— “Is é atá uainn, an Ghaedhealg do chur ghá labhairt ar gach fód de thalamh na hÉireann. Chím fám' dhéin lucht na gaoise. Adéarfaid liom go bhfuilim ad'iarraidh Éire do chur ar a haimhleas agus árdóchaid leó mé chum cúirt lucht an airgid agus is iomdha coir sin a chuirfear im'leith. Adéarfar liom gur leamh é mo shaothar agus nach féidir teanga-le-gnó do dhéanamh de'n Gaedhilg go bráth, óir is é do thiocfadh de, ár dtrádáil leis an domhan mór do mhilleadh; ár mbolláin d'fhágháil bháis de'n dioc ar bhántaibh na Midhe. Dreoighfidh ár n-uibhe ins na tighthibh taisce ar bhruach na Life agus casfaidh an boladh deas do bhí ins anhainn sin chuicí arís. Bánfaidh ár lín-éadachar chnocaibh Aontruime an mhéid sin nách léir do na daoinibh lá seach oidhche ná samhradh seach geimhreadh, agus buidhfidh ár lásaí deasa ins an deatach againn an fhaid sin go gcaillfidh na cailíní dorighne iad a gcéird. Adéarfaidh lucht na gaoise am méid seo romham agus tuilleadh liom. “Mo fhreagradh ar an dream so. Is iomdha bliadhain anois ó thosnuigh Éire agus Denmarc ag iomaidh le céile “le huibhe agus le him,” dream aca d'iarradh an dream eile do bhrughadh amach as margadh Shasana. Níl aon taobh de'n sgéal nár chuala. Do chuala daoine ghá rádh gurab é an fáth go raibh an oiread san glaodhach ar im na Lochlannach i Sasana, gan iad do dhéanamh a gcuid ime ins na creameries. Annsan adubhairt duine eile go raibh locht ar uibhe cearc na h Éireann, .i. gur bhéas dá lán daoine leigint do na cearcaibh breith 'na rogha áit, agus gur ró-mhinic na cearca cuirpeacha ag rith amach agus ag breith fá thor i ngan fhios d'éinne agus na huibhe d'fhannamhaint ann go dtiocfadh an fhear- thainn chum a lot. Adubhairt fear eile na déanfadh sé an gnó ar chor ar bith na cearca do chur ag breith istigh; gur mó fá do dobéar- faidís acht leigint dóibh dul i n-aon áit ba rogha leó. “Beatha circe a toil dá mba ag breith ubh ar uisce é,” agus mar sin de. Acht níor chuala aon trácht ag éinne ar theangain na Lochlannach ná ar Bhéarla na Sasanach. Ní raibh aon bhaint ag teangachaibh leis an ngnó i n-éan chor. Maiste ar ndóigh ba chuma leis na cear- caibh macánta caidé an teanga do bhí ghá labhairt ag an dream do bhí ghá gcothughadh, agus ní dóigh go ndearna sé mórán buadhartha do na buaibh acht an oiread. As so chífear gur féidir le dream earraidhe do dhíol agus do mhalairtiughadh le dream eile nach dtuigeann a dteangain chor ar bith. Chuir i gcás muinntir Ameiriocá, ní mó a cheannuighidh ó Shasana ná ó'n nGearáin, gidh gurab é Béarla na Sasanach is teanga dóibh.” Níor chaillis riamh fós é, a Mhichil Uí Fhlannagáin. Atá an oiread gaoise id' cheann is do dhéanfadh céad. Níor mhisde do chainnt do chur ins na páipéaraibh ar fuaid na hÉireann mar atá roinnt geocach annsan fós agus dob'fhearrde iad a léigheamh. Níor chuala go raibh faidh na naomh ar lucht polaitigheachta riamh agus adeirtear dá raghfá ag lorg ar imithigh ar shlighe na fírinne díobh gur le fánaidh dob' fhearra dhuit dul. Is cruaidh sin an bhreath ortha. Togha Uachtaráin. Is gairid go mbeifear ag togha Uachtaráin do'n tír seo anois agus an té nach feas do an méid sin, abair go bhfuil sé caoch nó bodhar nó rud is dóichidhe ná san, ní fuláir do an dá aicíd air. Atá faobhar ar Ruasbhelt agus ar m'fhalaing ná fuil Taft ró-mhaol acht an oiread. Atá triúr nó ceathrar eile agus is dóigh le gach nduine aca go ndéanfadh sé uachtarán maith. Atáid ag tabhairt fá n-a chéile agus ag ídiughadh a chéile agus ag aithis a chéile. Nuair do chloisfeá duine aca, ba dhóigh leat gur ropaire bitheamhnaigh an fear eile, agus nuair do chloisfeá an fear eile bo dhóigh leat go rabhadh ag déanamh éagcóra air agus gur naomh 'na sheasamh 'na bhrógaibh é. Eatortha go léir, is é is iongnadh liom-sa go bhfuil aon chiall i n-éan chor ag na daoinibh. Is dóigh gurab é a thoghfar, an té is fearr chum na daoine do mhealladh, agus an té is fearr chum báire gliocais d'imirt. Leaca Reoidh. Is amhras dom go bhfuil na leaca reoidh ag fóisidheacht timcheall na mara móire ag lorg árthach chum roinnt troda do dhéanamh leó. Is feas do'n saoghal cionnus mar d'éirigh idir cheann de na gaisgidheachaibh seo agus an Titanic. Is dearbh go raibh árd-adharca ar an ngaisgidheach seo agus a ghiorracht do sheasuigh an Titanic leis. Do múineadh ceacht do lucht máirnéalachta agus is fada an lá go rachaidh sé i ndearmhad ortha. Do cheap lucht máirnéalachta na gaisgidhigh seo do sheachaint feasta agus a gcúrsa do thabhairt timcheall dá chéad míle níos sia ó sheas agus an áit go léir d'fhágaint aca. Nuair do chonnaic na leaca cionnus mar do bhiadh ghá seachaint do tháinig uaigneas ortha agus ba so síos iad agus is dóigh nach aon fhuadar macánta do bhí fútha. Dob' fhearr leó an t-imreas ná an t-uaigneas. Do ghabh áthrach mór ó'n bhFrainnc cuan indiu agus adubhairt an captaen gur ghabhadar i ngiorracht leath-mhíle do leac mhór. Agus is fiú a thabhairt fá ndeara go dtug an long so an cúrsa is sia ó dheas uirthi. Is dearbh go bhfuil droch-fhuadar fá na leacaibh so i mbliadhna agus is boaghal ná fuilid sásta leis an Titanic bocht do bhriseadh. B'fhéidir gur ag faire ar an Gigantic atáid cum bobhta troda do dhéanamh léi. Giolla na Luaithe.
19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services