Historical Irish Corpus
1600 - 1926

Sgéala Ó Améiriocá. An Dálach.

Title
Sgéala Ó Améiriocá. An Dálach.
Author(s)
Giolla na Luaithe,
Pen Name
Giolla na Luaithe
Composition Date
1912
Publisher
An Claidheamh Soluis

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926


Sgéala Ó Améiriocá.



An Dálach.



Do ghabh an tÁrd-Rúnaidhe cuan an tríomhadh
lá de'n mhí seo(Bealtaine). Is amhlaidh d'fhéach
sé dham iar teacht amach ar an árthrach do, dá
mba is go bhféadfadh nairc d'itheadh. Do bhí luisne
na sláinte 'na ghrudhannaibh agus is dearbh
nár measaide a thuras ar muir é.



Ar bhain aon chiothruinn do'n Lusitania,
nó ar bhuail aon leac reoidh í? Níor bhuail,
agus níor bhaoghal di an fhaid do bhí an gaisgidh-
each ar bórd.



Do bhí sluagh de mhaithibh Gaedheal roimhe ar an
gcaladh chum fáilte do chur roimhe mar do bhí a cháil
imthighthe roimhe. Do rug an “cuallacht fáiltighthe”
leó é go dtí an tigh iostais is uaisle dá bhfuil
annso .i. an Knickerbocker Hotel, mar a
ndearnadar fleadh mhór do. Agus an fhaid do
bhí an fhleadh sin ghá caitheamh is minic do bhain
sé gáire asta mar atá sé chomh mór sult is bhí
sé riamh agus ní beag sin.



Do bhí gnó mór idir lámhaibh ag na tosgairíbh
agus dob' áil leó a chabhair agus a chomhairle.
Atá an gnó so socair cheana féin agus atá
cuid d'obair a thurais déanta aige.



Labharfaidh sé ar an bhFeis mór annso an
naomhadh lá déag agus is iomdha duine a rachaidh
ann chum a chlos mar atá súil aca le hóráid
nár cloiseadh a samhail i gCeltic Parc riamh
uaidh.



Annson rachaidh sé i dteannta an tsagairt
go dtí Philadephia agus Chicago agus, Indiana-
polis agus Hartford. Déanfar oireacht i
ngach áit díobh súd.



An Teasbánadh.



Do bhí an Teasbánadh i Kakoma i stát
Indiana an tseachtmhain seo caithte againn.
Atá sé an tseachtmhain seo i nAnderson agus
beidh sé an tseachmhain seo chugainn i nDayton
is stát Ohio. Focal de theangain na nIndiach
é seo agus is é ciall atá leis “abhainn
aoibhinn.” Níl aon áit dá dtugann Fionán
an Teasbánadh seo ná tagann na sluaighte
cum féacaint air agus is móide a n-eolas
agus a meas ar dhéantúsaibh Éireann a gcuaird
chuige.



Eibhlín Ní Núnáin.



Atá cailín ag gabháil leis an Teasbánadh, .i.
Eibhlín Ní Núnáin agus cruitire iseadh í. Do
bhain ciotruinn di atá dhá bhliadhain ó shin
ann agus ní fhéadfadh sí ceann de na féithibh
atá i bhfearsaid a láimhe d'oibriughadh as son
amach. Adubhairt dochtúir de mhuintir
Mhurchadhad léi annso go bhféadfadh sé an fhéith
sin do chur 'na ceart acht is ar éigin do chreid
Eiblín é mar do shaoil sí go raibh féirín aici
do leanfadh di go deo beatha agus nár chabhair
di liaigh ná luibh. D'oibrigheadh uirthi atá mí
ó shoin ann agus iseadh tháing de í bheith anois
chomh slán is do bhí sí riamh. Cailín gleoidhte
ceart í agus níl éinne do theangmhaigh léi ná
fuil buidheach di.



Uibhe agus Im.



Ag seo im'dhiaidh cuid dá ndubhairt ár sagart
leis léigheanta ar an oireacht do-righneadh
do i Manchester i stát New Hamshire an dara
lá fichead de'n Abrán:—



“Is é atá uainn, an Ghaedhealg do chur ghá
labhairt ar gach fód de thalamh na hÉireann.
Chím fám' dhéin lucht na gaoise. Adéarfaid
liom go bhfuilim ad'iarraidh Éire do chur ar a
haimhleas agus árdóchaid leó mé chum cúirt lucht
an airgid agus is iomdha coir sin a chuirfear
im'leith. Adéarfar liom gur leamh é mo shaothar
agus nach féidir teanga-le-gnó do dhéanamh
de'n Gaedhilg go bráth, óir is é do thiocfadh
de, ár dtrádáil leis an domhan mór do mhilleadh;
ár mbolláin d'fhágháil bháis de'n dioc ar bhántaibh
na Midhe. Dreoighfidh ár n-uibhe ins na tighthibh
taisce ar bhruach na Life agus casfaidh an boladh
deas do bhí ins anhainn sin chuicí arís. Bánfaidh
ár lín-éadachar chnocaibh Aontruime an mhéid
sin nách léir do na daoinibh lá seach oidhche ná
samhradh seach geimhreadh, agus buidhfidh ár lásaí
deasa ins an deatach againn an fhaid sin go
gcaillfidh na cailíní dorighne iad a gcéird.
Adéarfaidh lucht na gaoise am méid seo romham
agus tuilleadh liom.



“Mo fhreagradh ar an dream so. Is iomdha
bliadhain anois ó thosnuigh Éire agus Denmarc
ag iomaidh le céile “le huibhe agus le him,”
dream aca d'iarradh an dream eile do bhrughadh
amach as margadh Shasana. Níl aon taobh de'n
sgéal nár chuala. Do chuala daoine ghá rádh gurab
é an fáth go raibh an oiread san glaodhach ar im
na Lochlannach i Sasana, gan iad do dhéanamh
a gcuid ime ins na creameries. Annsan
adubhairt duine eile go raibh locht ar uibhe cearc
na h Éireann, .i. gur bhéas dá lán daoine leigint
do na cearcaibh breith 'na rogha áit, agus gur
ró-mhinic na cearca cuirpeacha ag rith amach agus
ag breith fá thor i ngan fhios d'éinne agus na
huibhe d'fhannamhaint ann go dtiocfadh an fhear-
thainn chum a lot. Adubhairt fear eile na
déanfadh sé an gnó ar chor ar bith na cearca
do chur ag breith istigh; gur mó fá do dobéar-
faidís acht leigint dóibh dul i n-aon áit ba rogha
leó. “Beatha circe a toil dá mba ag breith
ubh ar uisce é,” agus mar sin de. Acht níor
chuala aon trácht ag éinne ar theangain na
Lochlannach ná ar Bhéarla na Sasanach. Ní raibh
aon bhaint ag teangachaibh leis an ngnó i n-éan
chor. Maiste ar ndóigh ba chuma leis na cear-
caibh macánta caidé an teanga do bhí ghá labhairt
ag an dream do bhí ghá gcothughadh, agus ní dóigh
go ndearna sé mórán buadhartha do na buaibh
acht an oiread. As so chífear gur féidir le
dream earraidhe do dhíol agus do mhalairtiughadh
le dream eile nach dtuigeann a dteangain chor
ar bith. Chuir i gcás muinntir Ameiriocá, ní
mó a cheannuighidh ó Shasana ná ó'n nGearáin,
gidh gurab é Béarla na Sasanach is teanga
dóibh.”



Níor chaillis riamh fós é, a Mhichil Uí
Fhlannagáin. Atá an oiread gaoise id' cheann
is do dhéanfadh céad. Níor mhisde do chainnt
do chur ins na páipéaraibh ar fuaid na hÉireann
mar atá roinnt geocach annsan fós agus
dob'fhearrde iad a léigheamh. Níor chuala go
raibh faidh na naomh ar lucht polaitigheachta
riamh agus adeirtear dá raghfá ag lorg ar imithigh
ar shlighe na fírinne díobh gur le fánaidh dob'
fhearra dhuit dul. Is cruaidh sin an bhreath
ortha.



Togha Uachtaráin.



Is gairid go mbeifear ag togha Uachtaráin
do'n tír seo anois agus an té nach feas do
an méid sin, abair go bhfuil sé caoch nó bodhar
nó rud is dóichidhe ná san, ní fuláir do an dá
aicíd air. Atá faobhar ar Ruasbhelt agus ar
m'fhalaing ná fuil Taft ró-mhaol acht an oiread.
Atá triúr nó ceathrar eile agus is dóigh le gach
nduine aca go ndéanfadh sé uachtarán maith.
Atáid ag tabhairt fá n-a chéile agus ag ídiughadh
a chéile agus ag aithis a chéile. Nuair do chloisfeá
duine aca, ba dhóigh leat gur ropaire bitheamhnaigh
an fear eile, agus nuair do chloisfeá an fear
eile bo dhóigh leat go rabhadh ag déanamh éagcóra
air agus gur naomh 'na sheasamh 'na bhrógaibh
é. Eatortha go léir, is é is iongnadh liom-sa
go bhfuil aon chiall i n-éan chor ag na daoinibh.
Is dóigh gurab é a thoghfar, an té is fearr chum
na daoine do mhealladh, agus an té is fearr
chum báire gliocais d'imirt.



Leaca Reoidh.



Is amhras dom go bhfuil na leaca reoidh ag
fóisidheacht timcheall na mara móire ag lorg
árthach chum roinnt troda do dhéanamh leó. Is
feas do'n saoghal cionnus mar d'éirigh idir
cheann de na gaisgidheachaibh seo agus an
Titanic. Is dearbh go raibh árd-adharca ar
an ngaisgidheach seo agus a ghiorracht do
sheasuigh an Titanic leis. Do múineadh ceacht
do lucht máirnéalachta agus is fada an lá
go rachaidh sé i ndearmhad ortha.



Do cheap lucht máirnéalachta na gaisgidhigh
seo do sheachaint feasta agus a gcúrsa do
thabhairt timcheall dá chéad míle níos sia ó sheas
agus an áit go léir d'fhágaint aca. Nuair do
chonnaic na leaca cionnus mar do bhiadh ghá
seachaint do tháinig uaigneas ortha agus ba so
síos iad agus is dóigh nach aon fhuadar macánta
do bhí fútha. Dob' fhearr leó an t-imreas ná an
t-uaigneas.



Do ghabh áthrach mór ó'n bhFrainnc cuan indiu
agus adubhairt an captaen gur ghabhadar i
ngiorracht leath-mhíle do leac mhór. Agus
is fiú a thabhairt fá ndeara go dtug an long
so an cúrsa is sia ó dheas uirthi. Is dearbh
go bhfuil droch-fhuadar fá na leacaibh so i
mbliadhna agus is boaghal ná fuilid sásta leis
an Titanic bocht do bhriseadh. B'fhéidir gur ag
faire ar an Gigantic atáid cum bobhta troda
do dhéanamh léi.



Giolla na Luaithe.

19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services