Historical Irish Corpus
1600 - 1926
Historical Dictionary of Irish
Search the corpus
Browse the Text Archive 1600-1926
Cúrsaí an tSaoghail. Comhar.
Title
Cúrsaí an tSaoghail. Comhar.
Author(s)
Ní Dhonnchadha, Cáit,
Composition Date
1912
Publisher
An Claidheamh Soluis
Téacs
Comhad TEI
Gnáth-Théacs
Comhad ePub
Search Texts
Enter word/phrase
Search Type
Headword
Standardised
Exact match
Phrase
Word Type
All
Adjective
Noun
Preposition
Pronoun
Verb
Verbal Noun
Poetry/Prose
Both
Prose
Poetry
Set Dates
1600
1926
Cúrsaí an tSaoghail. Comhar. Is ar éigin is féidir le duine áireamh a dhéanamh ar mhéid na cainte a scaoiltear chugainn a d'iarraidh a chur na luighe ar an bhfeirmeóir gur bheart dhá tairbhthe bheith níos mó i bpáirt le na comharsain. Chomh fada is a théidheann m'eolas-sa air, bhí feirmeóirí na hÉireann i gcomhnuidhe riamh i gcomhar le na chéile. Acht, tá de dheifireacht idir an comhar úd agus caint an lae indiu go bhfuil ré neamh-spleadhachais tagaithe ar Éirinn. Níor mhiste don na feir- meóirí a gcion féin dá riar do tharrac ortha. Dar le lucht mholta comh-pháirteachais na haimsire seo, is féidir le duine na huirc is na hairc a dhéanamh, acht cuir i gcás go raghadh duine thar fóir leis ní mó ná maith a thiocfadh as. Dá bhrígh sin níor bh'fhuláir bheith ana-aireach 'na thaobh, agus uaireannta níor mhiste srian a chur leis an dteangain, mar is mór an díoghbháil is féidir a dhéanamh le moladh thar fóir. Duine seadh an feirmeóir ná bíonn puinn le rádh aige, acht an méid a bhíonn, is gnáth tuiscint agus brigh leis. Is ait an saoghal a ghabhann le cúrsaí feir- meóireachta. An té ná cuireann a heolas i laethaibh a leanbaidheachta, is leamh do a bheith a d'iarraidh aithris a dhéanamh air i n-earball a shaoghail. Bíonn so is súd i n-easnamh ar an fheirmeóir i gcomhnuidhe, agus is beag duine ortha ná bíonn srathar na haindeise air idir an dá linn. Sealadh fé leith do'n dubh is do'n gheal dá bhreith. Na feirmeóirí atá ar bheagán gabháltais, ní mó ná sásta a bhíd go dtí go méaduighthar ar a bhfeirmibh; agus ar an dtaobh eile dhe, an dream ortha atá i seilbh na mbánta fairsinge is ortha súd is mó a luigheann cruadh- tán na haimsire. Easba lucht oibre a dheineann a gcreachadh. Níl na sglábhuidhthe ann agus an dornlach spriosán atá le fághail níl fuinneamh nó neart cuisleann ionnta d'fhonn crích fhóghanta a chur ar an ngnó do fhágtar na gcúram. An túisce a thagann aois na tuisciona ar an sclábhuidhe annso i nÉirinn bíonn a shúil ar chatharachaibh an domhain thiar. Má's mian le sna feirmeóiribh an sgéal so do leigheas, ní dhéanfaidh sé an gno dhóibh bheith go cochalach agus goirgeach leis an scábhuidhe. Agus dála an scéil is annamh nach féidir cuid de'n mhileán do chur i leith an fheirmeóra féin. Bodairí neamh-bhunuadhasach do b'eadh cuid des na feirmeóirí, tráth dhá rabhadar. Mar sin féin tá breacadh an tsonais ag dul do'n tír in aghaidh an lae. Dá gcuirfimís an tslácht agus an treó atá uirthi anois i gcomh-mheas leis an aindheise a bhí uirthi le linn í bheith fén chuing iasachta, ní beag iongnadh an t-athrughadh ar fheabhas atá le feicsint ins gach aon bhall. Seilbh an talaimh ag dul dos na tionóntaibh is mó is bun leis an athrughadh soin. Is mithid do'n bhfeirmeóir bhocht sos beag d'fhagháil; d'fhuiling sé a chuid féin de chruadhtán an tsaoghail, ach is féidir leis draid do chur ar fein anois thar éis oibre an lae agus meabhrughadh roimis ar gach deasláimh atá ar a thoil a dhéanamh feasta. Eadarainn féin an feirmeóir ná déanfaidh amhlaidh, is cuma ann nó as é. D'oirfeadh dos na feirmeóirí bheith i gcomhar le na chéile i ngach suidheamh gnótha a bhíonn ar láimh aca. Dá mbeidís amhlaidh do b'fhuirist dóibh an síol agus an t-adhbhar leasughcháin is fearr ar an margadh a cheannach. Dá líon- mhaireacht a bhíd ag cabhrughadh as láimh a chéile 'seadh is saorádaighe gheobhthar gach gléas gnótha a ceárduighthear le haghaidh feirmeóir- eachta. Mar sin a bhéarfaidh an t-airgead bárr leó ar shiopa an chúinne. Tá sompla tabhartha dhúinn i n-áiteannaibh sa tír ar thairbhthe an ghnótha soin agus níl amhras ná go bhfóirthear go mór ar an bhfeirmeóir leis. Fé scáth na córach úd d'éireóchadh leo greim a chimeád ar a gcuid agus dá mhéid gorta a thabharfadh an droch- bhliadhain léi do bheidís ar mhargaibh móra an domhain; rud do mhéadochadh ar a ngustal fébh mar do bheidis ag dul i dtathaighe ar obairiughadh as a ngustal féin. Táid reachta nua dá gcur i bhfeidhm thall i Sasanna. Do réir dheallraimh, caithfidh feir- meóirí na hÉireann a gcion féin dá nduadh do ghabháil chuca. Ní fuláir dóibh a gcosa a chur i dtalamh go daingin chuige. Acht cionnus a thiocfaidh leo maitheas a bhaint as na reachta úd mara raghaidís uile i gcabhair a chéile. Pé nidh is trúig le na leithleachas is deacair iad do bhogadh nó aon cheart do bhaint díobh. An fhaid a leanann an droch-úsáid ar an méid tailimh a saothruightear cionnus a dhíolfar as an bhFeis nua an tráth fógróghfar a hoscalt ar ar Fhaithche an Choláiste i mBaile Átha Cliath. An capall ag treabhadh, an bhó ar an bhfaithche, agus an feirmeóir i gcomhar le na chomharsain, is iad a bhéarfaidh an t-aoibhneas agus an rath ar lucht na tíre. Tá dream daoine ann d'áiteóchadh ort go bhfuil a ndualgas dá dhéanamh ag lucht riaradh an Dipeártment do'n tír. Go deimhin, bíonnn céad rud na mbéalaibh age daoine ná bíonn puinn bunuadhas leo. Ar aon chuma tá mór chuid muinteóirí agus airgead mór dá fhagháil aca fé stiúir an dipeártment agus togha eolais a gcéirde aca — chomh fada agus a théidheann a gcaint. Tagann cainteóir ó bhaile i bhfad siar chugainn. Múineann sé dos na feirmeóiribh cionnus so is súd a dhéanamh, dheineann sé léiriughadh ar an nighthibh is fearr chun soathruighthe, agus ar na gléasaibh is feárr chuige. Ní beag iongnadh a mbíonn d'ughdarthás aige an fhaid agus a leanann an chaint. Imthigheann leis féin annsoin agus leogain dá lucht éisteachta dul a bhaile agus codladh ar an óráid droidheachta go ceann bliadhna eile agus i ndeire na haimsire deineann sé an port céadna do ghabháil chuca arís. Ba dhóigh leat air dá mbeadh sé féin i bhfeidhil na feirme go dtiocfadh toradh na bliadhna na tulcaibh chuige. Imthigheann an díomhaointeas ar a lucht éisteachta agus is leasc leo an t-adhbhar chainte do chur i dtathaighe a thuilleadh. Níl aon gléas i gcursaí Gnótha an Dipeártment chun na bhfeirmeóirí do thabhairt i dteannnta a chéile ar chor go raghadh a gcuid saothair chun tairbhthe dóibh. De thoisc an chomhar atá idir lucht céird 's ealadhan táid aontuighthe le na chéile go maith. Is maith le Dia cabhair fháil. Ní haon mhaith dúinn bheith a d'iarraidh a chur na luighe orainn féin ná fuil maolughadh ag dul do'n talamh de dheas- caibh an fheirimeóra a bheith i n-ainbhfios ar an gcuma is saoire agus is tábhachtaighe a raghadh a chuid saothair chun tairbhthe dó fein is dá bhráthair Gaedhil. D'oirfeadh an Dipeártment mar thaca dhúinn d'fhonn saoghal na bhfeirmeóirí do chur fé réim mar badh dhual di, de bhrigh gur a saothar an tailimh is mó a chothuightear an tír. Is baoghalach nach eol dá lán againn méid an tsaothair a ghabhann leis an saoghal soin, acht an tráth bhéarfaidh ré an léighinn sinn tá súil againn go mbeidh atharrach sgéil le luadh i leith cúrsaí feirmeóireachta. Tá aiseirighe ag dul do'n tír, agus cúis le maoidheamh againn gur aiseirighe fhoghanta atá ag imtheacht uirthi. Gach lá dá ngabhann thóirsti agus gach cor dá gcuireann sí dhi 'sé a leas a thagann chuici dá bhárr. Má bhíd na feirmeóirí dílis dá chéile, is mábhíonn gach fear poiblidhe dílis dá dhuthchas, riarfar an comhar ar mhaithe leis an bhfeirmeóir agus ar cuma ionglacaithe le muintir na tíre. Cáit Ní Dhonnchadha.
19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services