Cúrsaí an tSaoghail.
Comhar.
Is ar éigin is féidir le duine áireamh a
dhéanamh ar mhéid na cainte a scaoiltear chugainn
a d'iarraidh a chur na luighe ar an bhfeirmeóir
gur bheart dhá tairbhthe bheith níos mó i bpáirt
le na comharsain. Chomh fada is a théidheann
m'eolas-sa air, bhí feirmeóirí na hÉireann i
gcomhnuidhe riamh i gcomhar le na chéile. Acht,
tá de dheifireacht idir an comhar úd agus caint
an lae indiu go bhfuil ré neamh-spleadhachais
tagaithe ar Éirinn. Níor mhiste don na feir-
meóirí a gcion féin dá riar do tharrac ortha.
Dar le lucht mholta comh-pháirteachais na haimsire
seo, is féidir le duine na huirc is na hairc a
dhéanamh, acht cuir i gcás go raghadh duine thar
fóir leis ní mó ná maith a thiocfadh as. Dá
bhrígh sin níor bh'fhuláir bheith ana-aireach 'na
thaobh, agus uaireannta níor mhiste srian a chur
leis an dteangain, mar is mór an díoghbháil is
féidir a dhéanamh le moladh thar fóir. Duine
seadh an feirmeóir ná bíonn puinn le rádh aige,
acht an méid a bhíonn, is gnáth tuiscint agus
brigh leis.
Is ait an saoghal a ghabhann le cúrsaí feir-
meóireachta. An té ná cuireann a heolas i
laethaibh a leanbaidheachta, is leamh do a bheith
a d'iarraidh aithris a dhéanamh air i n-earball
a shaoghail. Bíonn so is súd i n-easnamh ar an
fheirmeóir i gcomhnuidhe, agus is beag duine
ortha ná bíonn srathar na haindeise air idir
an dá linn. Sealadh fé leith do'n dubh is do'n
gheal dá bhreith. Na feirmeóirí atá ar bheagán
gabháltais, ní mó ná sásta a bhíd go dtí go
méaduighthar ar a bhfeirmibh; agus ar an dtaobh
eile dhe, an dream ortha atá i seilbh na mbánta
fairsinge is ortha súd is mó a luigheann cruadh-
tán na haimsire. Easba lucht oibre a dheineann
a gcreachadh. Níl na sglábhuidhthe ann agus an
dornlach spriosán atá le fághail níl fuinneamh
nó neart cuisleann ionnta d'fhonn crích
fhóghanta a chur ar an ngnó do fhágtar na
gcúram. An túisce a thagann aois na tuisciona
ar an sclábhuidhe annso i nÉirinn bíonn a shúil
ar chatharachaibh an domhain thiar. Má's mian
le sna feirmeóiribh an sgéal so do leigheas,
ní dhéanfaidh sé an gno dhóibh bheith go cochalach
agus goirgeach leis an scábhuidhe. Agus
dála an scéil is annamh nach féidir cuid de'n
mhileán do chur i leith an fheirmeóra féin.
Bodairí neamh-bhunuadhasach do b'eadh cuid des
na feirmeóirí, tráth dhá rabhadar. Mar sin
féin tá breacadh an tsonais ag dul do'n tír
in aghaidh an lae. Dá gcuirfimís an tslácht
agus an treó atá uirthi anois i gcomh-mheas
leis an aindheise a bhí uirthi le linn í bheith fén
chuing iasachta, ní beag iongnadh an t-athrughadh
ar fheabhas atá le feicsint ins gach aon bhall.
Seilbh an talaimh ag dul dos na tionóntaibh is
mó is bun leis an athrughadh soin. Is mithid do'n
bhfeirmeóir bhocht sos beag d'fhagháil; d'fhuiling
sé a chuid féin de chruadhtán an tsaoghail, ach
is féidir leis draid do chur ar fein anois thar
éis oibre an lae agus meabhrughadh roimis ar
gach deasláimh atá ar a thoil a dhéanamh feasta.
Eadarainn féin an feirmeóir ná déanfaidh
amhlaidh, is cuma ann nó as é.
D'oirfeadh dos na feirmeóirí bheith i gcomhar
le na chéile i ngach suidheamh gnótha a bhíonn ar
láimh aca. Dá mbeidís amhlaidh do b'fhuirist
dóibh an síol agus an t-adhbhar leasughcháin is
fearr ar an margadh a cheannach. Dá líon-
mhaireacht a bhíd ag cabhrughadh as láimh a chéile
'seadh is saorádaighe gheobhthar gach gléas
gnótha a ceárduighthear le haghaidh feirmeóir-
eachta. Mar sin a bhéarfaidh an t-airgead bárr
leó ar shiopa an chúinne. Tá sompla tabhartha
dhúinn i n-áiteannaibh sa tír ar thairbhthe an
ghnótha soin agus níl amhras ná go bhfóirthear go
mór ar an bhfeirmeóir leis. Fé scáth na córach
úd d'éireóchadh leo greim a chimeád ar a gcuid
agus dá mhéid gorta a thabharfadh an droch-
bhliadhain léi do bheidís ar mhargaibh móra an
domhain; rud do mhéadochadh ar a ngustal fébh
mar do bheidis ag dul i dtathaighe ar obairiughadh
as a ngustal féin.
Táid reachta nua dá gcur i bhfeidhm thall i
Sasanna. Do réir dheallraimh, caithfidh feir-
meóirí na hÉireann a gcion féin dá nduadh
do ghabháil chuca. Ní fuláir dóibh a gcosa a
chur i dtalamh go daingin chuige. Acht cionnus
a thiocfaidh leo maitheas a bhaint as na reachta
úd mara raghaidís uile i gcabhair a chéile. Pé
nidh is trúig le na leithleachas is deacair
iad do bhogadh nó aon cheart do bhaint díobh. An
fhaid a leanann an droch-úsáid ar an méid
tailimh a saothruightear cionnus a dhíolfar as an
bhFeis nua an tráth fógróghfar a hoscalt ar ar
Fhaithche an Choláiste i mBaile Átha Cliath. An
capall ag treabhadh, an bhó ar an bhfaithche, agus
an feirmeóir i gcomhar le na chomharsain, is
iad a bhéarfaidh an t-aoibhneas agus an rath ar
lucht na tíre.
Tá dream daoine ann d'áiteóchadh ort go
bhfuil a ndualgas dá dhéanamh ag lucht riaradh
an Dipeártment do'n tír. Go deimhin, bíonnn
céad rud na mbéalaibh age daoine ná bíonn
puinn bunuadhas leo. Ar aon chuma tá mór
chuid muinteóirí agus airgead mór dá fhagháil
aca fé stiúir an dipeártment agus togha eolais
a gcéirde aca — chomh fada agus a théidheann a
gcaint. Tagann cainteóir ó bhaile i bhfad siar
chugainn. Múineann sé dos na feirmeóiribh
cionnus so is súd a dhéanamh, dheineann sé
léiriughadh ar an nighthibh is fearr chun soathruighthe,
agus ar na gléasaibh is feárr chuige. Ní beag
iongnadh a mbíonn d'ughdarthás aige an fhaid
agus a leanann an chaint. Imthigheann leis féin
annsoin agus leogain dá lucht éisteachta dul
a bhaile agus codladh ar an óráid droidheachta
go ceann bliadhna eile agus i ndeire na
haimsire deineann sé an port céadna do
ghabháil chuca arís. Ba dhóigh leat air dá mbeadh
sé féin i bhfeidhil na feirme go dtiocfadh toradh
na bliadhna na tulcaibh chuige. Imthigheann an
díomhaointeas ar a lucht éisteachta agus is leasc
leo an t-adhbhar chainte do chur i dtathaighe a
thuilleadh. Níl aon gléas i gcursaí Gnótha an
Dipeártment chun na bhfeirmeóirí do thabhairt
i dteannnta a chéile ar chor go raghadh a gcuid
saothair chun tairbhthe dóibh. De thoisc an
chomhar atá idir lucht céird 's ealadhan táid
aontuighthe le na chéile go maith. Is maith
le Dia cabhair fháil. Ní haon mhaith dúinn
bheith a d'iarraidh a chur na luighe orainn féin
ná fuil maolughadh ag dul do'n talamh de dheas-
caibh an fheirimeóra a bheith i n-ainbhfios ar an
gcuma is saoire agus is tábhachtaighe a raghadh
a chuid saothair chun tairbhthe dó fein is dá
bhráthair Gaedhil. D'oirfeadh an Dipeártment
mar thaca dhúinn d'fhonn saoghal na bhfeirmeóirí
do chur fé réim mar badh dhual di, de bhrigh
gur a saothar an tailimh is mó a chothuightear
an tír. Is baoghalach nach eol dá lán againn
méid an tsaothair a ghabhann leis an saoghal
soin, acht an tráth bhéarfaidh ré an léighinn
sinn tá súil againn go mbeidh atharrach sgéil
le luadh i leith cúrsaí feirmeóireachta. Tá aiseirighe
ag dul do'n tír, agus cúis le maoidheamh againn
gur aiseirighe fhoghanta atá ag imtheacht uirthi.
Gach lá dá ngabhann thóirsti agus gach cor dá
gcuireann sí dhi 'sé a leas a thagann chuici dá
bhárr. Má bhíd na feirmeóirí dílis dá chéile,
is mábhíonn gach fear poiblidhe dílis dá dhuthchas,
riarfar an comhar ar mhaithe leis an bhfeirmeóir
agus ar cuma ionglacaithe le muintir na tíre.
Cáit Ní Dhonnchadha.