Historical Irish Corpus
1600 - 1926
Historical Dictionary of Irish
Search the corpus
Browse the Text Archive 1600-1926
An Chamóg
Title
An Chamóg
Author(s)
Ní Dhonnchadha, Cáit,
Composition Date
1912
Publisher
An Claidheamh Soluis
Téacs
Comhad TEI
Gnáth-Théacs
Comhad ePub
Search Texts
Enter word/phrase
Search Type
Headword
Standardised
Exact match
Phrase
Word Type
All
Adjective
Noun
Preposition
Pronoun
Verb
Verbal Noun
Poetry/Prose
Both
Prose
Poetry
Set Dates
1600
1926
An Chamóg. Níl acht bliadhain ó shoin ó thosnuigheamair i ndáiríribh ar an ngnó so na camóige. Dá fheabhas saothair a dhéanaimís ar an dtaobh istigh de'n tréimhse ghairid sin, ní mór a thiocfadh linn a dhéanamh. Mar sin féin, ní beag linn a bhfuil déanta againn annso i mBaile Átha Cliath. Ní mór an chúram a thugamair ar an dtuaith i rith na bliadhna acht amháin nuair a ghaibh an chaoi chuige. Thall 's abhus do chabh- ruigheadh linn i gcuma ion-mholta, agus ba lag an mhaise dam gan trácht ar an gcongnamh do thug Mná Riaghalta na tíre dhúinn nuair a cuireadh sgéala na camóige ós a gcomhair. Is ceart dúinn ár mbuidheachas do ghabháil le na daoine do tháinig i láthair an chruinnighthe agus go háirithe le na teachtairí do tháinig i bhfad i gcéin chugainn. Ár mbuidheachas le na daoine do tháinig aniar chugainn ó Chonnachtaibh agus anall ó Chathair an Cheóigh. Na daoine do tháinig isteach chugainn ó iathaibh Laighean agus óna háiteannaibh shíos shuas ar fuaid na tuaithe. Tá súil agam go raghaidh a n-aistear ar fongnamh agus do dtiocfaidh breis nirt don chamóig de bhárr a gcomhairle i láthair a chéile. Ar mhaithe le n-ar mbanntracht do chuireamar an chamóg na beathaidh. Taobh thiar de'n tairbhe sin, tá leas na hÉireann, agus ó thárluigheann an leas so na tíre do bheith i n-aon réir le buanughadh na camóige 's ár nguidhe go raghaidh an dá gnó chun chríche foghanta i bhfochair a chéile. Sid é an sgéal do chuir An Chraoibhín chugainn:— Do scríobh Siobhán Réamainn (ingean Sheáin Réamainn, feisire) chugainn dá rádh gur mhór aici a leithéid de gnó a fheicsint ar siubhal agus an túisce a thagann an chaothamhlacht aici chuige gur mhaith léi cluiche camóguidheata a fheicsint. Sid é sgéal eile fuaireamair ó Sheán Ó hArgáin, Corcaigh:— Do toghadh lucht stiúrtheóirí na camóige le haghaidh na haithbhliadhna: teachtaire a gach contae mar a mbíonn an chamóg dá cleachtadh, agus i bhfochair an chomhaltais do bhí againn anuiridh fágfar riaradh na Camóige ortha soin go dtiocfam i gceann a chéile bliadhain an taca so. Is deacair daoine fhaghail inneamhail cun na hoibre seo do dhéanamh. Is beag ná go rabhamair uile i n-ainbhfios ar mhéid an ghnótha a bhí i ndán dúinn. Maran féidir linn í iomchar le tuiscint agus le céill agus í threórughadh mar is dual di raghaidh toradh ar saothair i neamh-nidh. Mara mbeadh an t-aighneas agus an easaontacht a bheireann lucht a himtheartha do bheadh atharrach sgéal ar fheabhas le luadh n-a taobh fé'n am so. Ní thagann leis an té is eagnaidhe orainn deacaireacht an ghnótha so do réidhteach. Cáinfear agus cáinfear go dian an comhaltas so againne, mar tá ar phobal na tíre an oiread cnámhsálaidhe is do bhéarfadh an saoghal ar bhealach a leasa — dar leo féin! Minic a thagann chun baile dham eachtra de leigheas ar dhonán do bhí a d'iarraidh asail a bhreith ar an aonach agus an pobal dá stiúradh chuige. Adhbhar maoidhte dúinne dá ráineóchadh linn gníomh a dhéanamh do theip ar an donán úd! An luath chleas so do chur ar tathaighe ins na scoileannaibh a bheidh mar adhbhar gnótha ag an gcomhaltas nua. Cúis áthais dúinn a chlos gur mór le lucht riaradh ar léighinn an gnó do fheicsint ar siubhal agus go mbeidís sásta dul i gcabhair dúinn. B'fuirist an sgéal do réidhteach dá mbeadh paiste talmhan ag gabháil le gach tigh léighinn. Níor bheag linn a shaor- áidighe a thiocfadh an gnó linn acht soin a bheith amhlaidh. Acht, mo lom! Ar a shon soin is uile táimíd i ndóigh go bhfeicfear lucht ceannuis na tíre ag cabhrughadh linn. An chuid is mó des na sgoileannaibh atá nar measc is suarach is fiú an méid airgid a caithtear ortha chun iad do chur i dtreó sláinteamhail, agus faithche chun imeartha a sholáthar don aos óg. Cá beag dam teacht thairis annso, agus os rud é gur feárr an duine le gníomh ná an duine le caint fágam fé lucht léighcháin an Chlaidhimh a dtuairim do chur síos ar an gceist. Cáit Ní Dhonnchadha.
19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services