Historical Irish Corpus
1600 - 1926

An Chamóg

Title
An Chamóg
Author(s)
Ní Dhonnchadha, Cáit,
Composition Date
1912
Publisher
An Claidheamh Soluis

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926


An Chamóg.



Níl acht bliadhain ó shoin ó thosnuigheamair
i ndáiríribh ar an ngnó so na camóige. Dá
fheabhas saothair a dhéanaimís ar an dtaobh istigh
de'n tréimhse ghairid sin, ní mór a thiocfadh
linn a dhéanamh. Mar sin féin, ní beag linn
a bhfuil déanta againn annso i mBaile Átha
Cliath. Ní mór an chúram a thugamair ar an
dtuaith i rith na bliadhna acht amháin nuair a
ghaibh an chaoi chuige. Thall 's abhus do chabh-
ruigheadh linn i gcuma ion-mholta, agus ba lag
an mhaise dam gan trácht ar an gcongnamh do
thug Mná Riaghalta na tíre dhúinn nuair a
cuireadh sgéala na camóige ós a gcomhair.
Is ceart dúinn ár mbuidheachas do ghabháil le
na daoine do tháinig i láthair an chruinnighthe
agus go háirithe le na teachtairí do tháinig i bhfad
i gcéin chugainn. Ár mbuidheachas le na daoine
do tháinig aniar chugainn ó Chonnachtaibh agus
anall ó Chathair an Cheóigh. Na daoine do tháinig
isteach chugainn ó iathaibh Laighean agus óna
háiteannaibh shíos shuas ar fuaid na tuaithe.
Tá súil agam go raghaidh a n-aistear ar fongnamh
agus do dtiocfaidh breis nirt don chamóig
de bhárr a gcomhairle i láthair a chéile. Ar
mhaithe le n-ar mbanntracht do chuireamar an
chamóg na beathaidh. Taobh thiar de'n tairbhe
sin, tá leas na hÉireann, agus ó thárluigheann
an leas so na tíre do bheith i n-aon réir le
buanughadh na camóige 's ár nguidhe go raghaidh
an dá gnó chun chríche foghanta i bhfochair a chéile.
Sid é an sgéal do chuir An Chraoibhín chugainn:—



Do scríobh Siobhán Réamainn (ingean Sheáin
Réamainn, feisire) chugainn dá rádh gur mhór
aici a leithéid de gnó a fheicsint ar siubhal agus
an túisce a thagann an chaothamhlacht aici chuige
gur mhaith léi cluiche camóguidheata a fheicsint.



Sid é sgéal eile fuaireamair ó Sheán Ó
hArgáin, Corcaigh:—



Do toghadh lucht stiúrtheóirí na camóige le
haghaidh na haithbhliadhna: teachtaire a gach
contae mar a mbíonn an chamóg dá cleachtadh,
agus i bhfochair an chomhaltais do bhí againn
anuiridh fágfar riaradh na Camóige ortha soin
go dtiocfam i gceann a chéile bliadhain an
taca so. Is deacair daoine fhaghail inneamhail
cun na hoibre seo do dhéanamh. Is beag ná
go rabhamair uile i n-ainbhfios ar mhéid an
ghnótha a bhí i ndán dúinn. Maran féidir linn
í iomchar le tuiscint agus le céill agus í
threórughadh mar is dual di raghaidh toradh ar
saothair i neamh-nidh. Mara mbeadh an t-aighneas
agus an easaontacht a bheireann lucht a
himtheartha do bheadh atharrach sgéal ar fheabhas
le luadh n-a taobh fé'n am so. Ní thagann leis
an té is eagnaidhe orainn deacaireacht an ghnótha
so do réidhteach. Cáinfear agus cáinfear
go dian an comhaltas so againne, mar tá ar
phobal na tíre an oiread cnámhsálaidhe is do
bhéarfadh an saoghal ar bhealach a leasa — dar
leo féin! Minic a thagann chun baile dham
eachtra de leigheas ar dhonán do bhí a d'iarraidh
asail a bhreith ar an aonach agus an pobal dá
stiúradh chuige. Adhbhar maoidhte dúinne dá
ráineóchadh linn gníomh a dhéanamh do theip ar an
donán úd!



An luath chleas so do chur ar tathaighe ins na
scoileannaibh a bheidh mar adhbhar gnótha ag an
gcomhaltas nua. Cúis áthais dúinn a chlos gur
mór le lucht riaradh ar léighinn an gnó do
fheicsint ar siubhal agus go mbeidís sásta dul
i gcabhair dúinn. B'fuirist an sgéal do
réidhteach dá mbeadh paiste talmhan ag gabháil
le gach tigh léighinn. Níor bheag linn a shaor-
áidighe a thiocfadh an gnó linn acht soin a bheith
amhlaidh. Acht, mo lom! Ar a shon soin is
uile táimíd i ndóigh go bhfeicfear lucht ceannuis
na tíre ag cabhrughadh linn. An chuid is mó des
na sgoileannaibh atá nar measc is suarach is
fiú an méid airgid a caithtear ortha chun iad
do chur i dtreó sláinteamhail, agus faithche
chun imeartha a sholáthar don aos óg. Cá beag
dam teacht thairis annso, agus os rud é gur
feárr an duine le gníomh ná an duine le caint
fágam fé lucht léighcháin an Chlaidhimh a
dtuairim do chur síos ar an gceist.



Cáit Ní Dhonnchadha.

19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services