Historical Irish Corpus
1600 - 1926
Historical Dictionary of Irish
Search the corpus
Browse the Text Archive 1600-1926
Cúrsaí an tSaoghail. An Bille Nua
Title
Cúrsaí an tSaoghail. An Bille Nua
Author(s)
Cú Uladh,
Pen Name
Cú Uladh
Composition Date
1912
Publisher
An Claidheamh Soluis
Téacs
Comhad TEI
Gnáth-Théacs
Comhad ePub
Search Texts
Enter word/phrase
Search Type
Headword
Standardised
Exact match
Phrase
Word Type
All
Adjective
Noun
Preposition
Pronoun
Verb
Verbal Noun
Poetry/Prose
Both
Prose
Poetry
Set Dates
1600
1926
Cúrsaí an tSaoghail. An Bille Nua. An treas nó an ceathramhadh iarraidh a rinneadh le n-ar linn-se le bail níos fearr do chur ar Riaghaltas Éireann. Níor éirigh le ceachtar de na hiarraidhibh eile agus níl cinnteacht ar bith go n-éireochaidh níos fearr leis an iarraidh seo. Is dóigh liom gur léigh gach léightheóir de'n Chlaidheamh gach dá raibh le léigheadh fá dtaoibh de'n Bhille nua agus nach luigheann sé orm-sa trácht ar an Bhille acht mo thuairim a tabhairt an bhfóirfeadh sé do Ghaedhealaibh agus a rádh go gcuirfear i bhfeidhm é. Dubhairt Eoin Mac Néill ag an chruinniughadh mór do bhí i mBaile Átha Cliath coicthidhis ó shoin go mbudh cheart glacadh le hathrughadh ar bith dá ndéantaí i riaghaltas na hÉireann, óir nach bhféadfadh an t-athrughadh bheith níos measa ná reacht na haimsire atá i láthair; agus tigim leis san méid sin. Ní hionann sin agus a rádh go mbéidhmis sásta le hathrughadh ar bith agus do nglacfamaois leis mar shocrughadh ar cheist náisiúnta na hÉireann. Ní ceart do mhuinntir na hÉireann glacadh le socrughadh ar bith acht a saoirse iomlán i modh nach mbeadh cur isteach dá laghad ag eachdrannaibh ar bith ar obair na tíre agus go mbeadh deis againn fosda an tír do chosaint ar eachdrannaibh a mbeadh rún aca chur isteach orainn. D'fhéadfamaois an tsaoirse seo a bheith againn gan a bheith deighilte go hiomlán ó Shasanaibh dá mbeadh ciall ag Sasanaibh margadh dhéanamh linn comhdhaltas cogaidh bheith eadrainn i n-aghaidh cineadh eile acht gan lámh in uachdar bheith ag Sasanaibh orainne no againne ortha. Acht ní'l muinighin agam go mbeidh an chiall sin ag Sasanaibh choidhche nó go brathach agus mar sin deirfinn nach mbéidh saoirse iomlán ag Éirinn go dtí go sgaoilfear an tsnaidhm atá eadar Sasanaibh agus sinn féin ar fad. Agus anois cá fhad a rachaidh an Bille nua i dtairbhe do shaoirse na hÉireann má's rud é go gcuirfear i bhfeidhm é? Bhéarfadh sé cuid mhaith cumhachta dúinn ar ar ngó féin. Cuid mhaith de na rudaibh a theastuigheann uainn leasughadh do chur ortha, cuir i gcás oideachas agus teanga na hÉireann, oibreacha poiblidhe a rachadh 'un tairbhe do shaidhbreas na tíre abair na mbóithre iarainn agus na mbóithre uisge agus gleása tráchtála. D'fhéadfamaois na portacha do ghlanadh agus talamh tirm do dhéanamh i mórán áiteacha nach bhfuil ionnta anois acht seasgáin slodáin uisge, agus sgratha lingce. D'fhéad- famaois an mhóin agus an gual d'oibriughadh agus do chur i n-úsáid. D'fhéadfamaois na cúirteanna agus na dlighthe do ghlanadh beagán agus cosg do chur leis na consablaibh agus na hoifigeachaibh uabhracha atá ag saltairt ar dhaoinibh le fada. D'fhéadfamaois ar litreacha féin do láimhseáil (b'fhéidir; ní'l sé seo cinnnte go fóill) agus smacht do bheith againn ar oifig- eachaibh an phoist. Tá go leor mion-rud eile a mbeadh do chead againn a réidhtiughadh nach bhfuil cead againn a réidhtiughadh anois. Diom- bhainte de seo bheadh Riaghaltas againn i mBaile Átha Cliath, rud a dhéanfadh maitheas do'n chathair sin agus do'n tír iomlán agus bheadh cumhacht ag an Riaghaltas sin daoine d'ainm- niughadh do mhórán post 'sa' tír. Ar an taoibh eile dhruidfeadh amach an Bille so sinn ó n-a lán rud de ghnóthaibh na tíre, ruda ag a mbíonn baint ag gach chineadh shaor ar fud an domhain. Tá sé ceaptha 'sa' Bhille nach mbéidh baint ag an Fheis Gaedhealaigh le rudaibh ar a dtugthar cúrsaí Impireachta agus 'sé an teoir ar a bhfuil an ceapadh seo seasta gur roinnt de Impireacht na Breataine sinn agus go mbíodh dream teachtairí againn i bhFeis na hImpireachta i dtólaimh, le n-ar dtuairim do luadh ar cheisteannaibh Impireachta. Ní'l ann seo acht teoir agus fabhail-sgéal agus chá bheadh a dhath dé mhaith ann dúinn. Chá bheadh acht beirt is daichead teachtairí againn i dtigh na Feise thall imeasg ó cionn 600 teachtairí Gallda agus d'fhéadfadaois a dtuairim a thabhairt acht ní bheadh ann acht sin. Tá níos mó na a dhá oiread teachtairí againn thall fá láthair agus goidé an cumas atá aca ar na ceisteannaibh úd, abair ar arm nó loingeas Shasana, ar dhéanamh cogaidh, ar thráchtáil thar lear, ar cheist na corónach nó ar cheisteanaibh móra eile. Chan fhuil a dhath de chumas ag teacht- airibh na hÉireann ar na ceisteannaibh úd fá láthair. Is lughaide fá thrí an phumas bhéas aca faoi'n Bhille. Tig linn a rádh mar sin go mbéidhmíd druidte agus deighilte ó gach throm-cheist Stáit, agus budh mhinic dúinn san am le teacht tar- raingthe isteach i gcogadh chostasach b'fhéidir le cáirdibh dúinn féin. Agus béidhmid fágtha ar leathtaoibh ó náisiúnaibh eile. Ní bhéidh ar mbratach i n-áirde ar muir nó ar tír thar mar tá anois nó meas orrainn féin nó ar ar dtír. Tá sé seo dona go leor acht tá níos measa na sin san Bhille chéadna. Ní hé amháin nach mbéidh baint againn le ceisteannaibh Stáit mar atá ag gach saor-chineadh, acht tá mórán rud dár ngnó dhíleas dúthchasach féin a bhéas crosta orainn méar do chur ionnta. An rud is troime agus is tabhachtaighe díobhtha seo ná cánach. Ní bhéidh de chead againn ar gcánacha féin do leagan nó do bhailiughadh agus ní bhéidh eolas beacht againn a choidhche an bhfuil na cunntasaí i gceart againn eadrainn féin agus Sasanaibh. Agus is dóigh liom go mbéidh gan-chuid airgid orainn i gcomhnuidhe mar tá anois, agus go mbeidhmid go síor ag iarraidh déirce (dár gcuid féin) ó chisde Sheagháin. Rachaidh sé seo i ndonas d'obair na tíre agus is beag an mhaith dúinn é bheith i n-ar cumas oirbreacha poiblidhe do chur ar bun mura mbéidh an t-airgead againn le díol ar a son. Diombainte do cheist na gcánach ní bhéidh baint againn le hobair díolta na talmhan, le níoc na sean-phionsíní nó le hobair an árachais Stáit. Is furas thuigbheáil as an rud deirionnach seo nach raibh Riaghaltaas Shasana ar íribh fá shaoirse do thabhairt dúinn i nÉirinn nuair chuir siad Acht an Árachais ar siúbhal i nÉirinn gan féidhm leis agus an obair do choinneailt ar a láimh féin ó seo amach. Agus na píléirí, fanfaidh siad ar láimh Sheagháin agus a saighdiúirí i nÉirinn agus dream éagsamhail oifigeach ilchinealach eile. “Och!” arsa Caitlín Ní hUalacháin san dráma, “tá barraidheacht eachdrann 'sa' tigh agam,” agus is amhlaidh bhéas barraidheacht eachdrann 'sa' tigh aici i dtólaimh. Ó thárla na rud luadhas do bheith fíor, ní fíor do'n dream atá ag glaodhach amach fá láthair (agus is líonmhar an dream iad de réir chuma) gur Bille a bhéarfas saoirse a dóthana d'Éirinn is do mhuintir na hÉireann an Bille seo. Béidh an-chuid de'n ghlaodhach mhí- chiallda seo ag gabhail ar aghaidh ar feadh tamaill go háithrid ag lucht na bpáipéar acht budh cheart do Ghaedhealaibh cirtlín olna do chur in a gcluasaibh agus a bheith bodhar do'n ghlaodhach. Ní mór le rádh é an Bille agus ní mór a rachadh sé i dtairbhe dúinn acht rachadh sé i dtairbhe dúinn beagán, agus na ruda a choinneochaidh uainn tá siad dhá gcoinneailt uain cheana féin. Mar sin glacamaois leis an Bhille sé sin, ná cuirimís ina agaidh. Ní dhéanfaidh sé dochar dúinn. Acht na abramaois go bhfuilmíd sásta leis nó go bhfuilmíd ró bhuidheach do Sheaghán nó go mbeidhmíd díleas do ar feadh na síoraidheachta. Abramaois leis “a dhuine chóir má tá rún agat beagán de na fiachaibh atá agam ort le na ciantaibh d'íoc liom is mithid duit é. Más coróin 'sa' punta atá tú ag tairgsin damh, glacfaidh mé an méid sin go fóill acht mholfainn duit an cúig sgilling déag eile do chur le chéile gan ró-mhoill. Is amhlaidh is fearr an carthanas agus an comhursan- acht bhéas eadrainn nuair bhéas na fiacha glanta amach agat.” Acht déarfar liom ann seo “Goidé 'n mhaith duit an chainnt sin? Goidé an cumas atá againn ar Sheaghan? Abair is go nglacfaidh sé samhnas linn arís agus gan dadaidh dhéanamh goidé 'n neart atá againn air? Nach fearr dúinn labhairt go bog leis go fóill. Ní ghríosóchadh aon duine madadh drochmhúinte agus a lámh ina bhéal?” Tá beagan de'n fhírinne ins na ceisteannaibh seo, acht ní'l ionnta acht beagán. Nuair thairgeann Seaghan dadaidh dúinn is ar mhaithe leis féin gní sé é agus ní dhéanfadh sé acht an laghad a chaithfear sé dhéanamh. Da mbeadmaois ablata ar bab a bhualadh air mar rinne muintear Chanada abhfad ó shoin nó mar rinne na Búraí tá goirid ó shoin, bhéarfadh sé breith ar mbéil féin de shaoirse dúinn mar thug sé dóbhtha-san. B'olc an rud leigint orainn féin go rabhamar sásta le beagán saoirse ar eagla go gcreidfeadh sinn féin é, agus go dtuitfamaois i laige agus i mío-náisiúntacht mar gheall air. Ní fiú ar n-anmanna do chur i ngeall ar an bheagán learuighthe atá geallta dúinn sa Bhille. Má gheibhmíd an méid seo tá go maith. Mura bhfághamuid é anois gheobhamaoid é uair eile agus ar dhóigh ar bith cuimhnighmís nach blúire nó cúige d'Impireacht an fhir thall Éire acht náisiún ar leith agus nár ceart glacadh le háit níos lugha ná sin. Cú Uladh.
19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services