Historical Irish Corpus
1600 - 1926

Cúrsaí an tSaoghail. An Bille Nua

Title
Cúrsaí an tSaoghail. An Bille Nua
Author(s)
Cú Uladh,
Pen Name
Cú Uladh
Composition Date
1912
Publisher
An Claidheamh Soluis

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926


Cúrsaí an tSaoghail.



An Bille Nua.



An treas nó an ceathramhadh iarraidh a rinneadh
le n-ar linn-se le bail níos fearr do chur ar
Riaghaltas Éireann. Níor éirigh le ceachtar
de na hiarraidhibh eile agus níl cinnteacht ar
bith go n-éireochaidh níos fearr leis an iarraidh
seo. Is dóigh liom gur léigh gach léightheóir de'n
Chlaidheamh gach dá raibh le léigheadh fá dtaoibh
de'n Bhille nua agus nach luigheann sé orm-sa
trácht ar an Bhille acht mo thuairim a tabhairt
an bhfóirfeadh sé do Ghaedhealaibh agus a rádh
go gcuirfear i bhfeidhm é.



Dubhairt Eoin Mac Néill ag an chruinniughadh
mór do bhí i mBaile Átha Cliath coicthidhis ó shoin
go mbudh cheart glacadh le hathrughadh ar bith
dá ndéantaí i riaghaltas na hÉireann, óir
nach bhféadfadh an t-athrughadh bheith níos measa
ná reacht na haimsire atá i láthair; agus
tigim leis san méid sin. Ní hionann sin agus
a rádh go mbéidhmis sásta le hathrughadh ar bith
agus do nglacfamaois leis mar shocrughadh
ar cheist náisiúnta na hÉireann. Ní ceart
do mhuinntir na hÉireann glacadh le socrughadh
ar bith acht a saoirse iomlán i modh nach mbeadh cur
isteach dá laghad ag eachdrannaibh ar bith ar
obair na tíre agus go mbeadh deis againn fosda
an tír do chosaint ar eachdrannaibh a mbeadh
rún aca chur isteach orainn. D'fhéadfamaois an
tsaoirse seo a bheith againn gan a bheith deighilte
go hiomlán ó Shasanaibh dá mbeadh ciall ag
Sasanaibh margadh dhéanamh linn comhdhaltas
cogaidh bheith eadrainn i n-aghaidh cineadh eile acht
gan lámh in uachdar bheith ag Sasanaibh orainne
no againne ortha. Acht ní'l muinighin agam
go mbeidh an chiall sin ag Sasanaibh choidhche nó
go brathach agus mar sin deirfinn nach mbéidh
saoirse iomlán ag Éirinn go dtí go sgaoilfear
an tsnaidhm atá eadar Sasanaibh agus sinn
féin ar fad.



Agus anois cá fhad a rachaidh an Bille nua
i dtairbhe do shaoirse na hÉireann má's rud é
go gcuirfear i bhfeidhm é? Bhéarfadh sé cuid
mhaith cumhachta dúinn ar ar ngó féin. Cuid
mhaith de na rudaibh a theastuigheann uainn
leasughadh do chur ortha, cuir i gcás oideachas agus teanga
na hÉireann, oibreacha poiblidhe a rachadh 'un
tairbhe do shaidhbreas na tíre abair na mbóithre
iarainn agus na mbóithre uisge agus gleása
tráchtála. D'fhéadfamaois na portacha do
ghlanadh agus talamh tirm do dhéanamh i mórán
áiteacha nach bhfuil ionnta anois acht seasgáin
slodáin uisge, agus sgratha lingce. D'fhéad-
famaois an mhóin agus an gual d'oibriughadh
agus do chur i n-úsáid. D'fhéadfamaois na
cúirteanna agus na dlighthe do ghlanadh beagán
agus cosg do chur leis na consablaibh agus na
hoifigeachaibh uabhracha atá ag saltairt ar
dhaoinibh le fada. D'fhéadfamaois ar litreacha
féin do láimhseáil (b'fhéidir; ní'l sé seo cinnnte
go fóill) agus smacht do bheith againn ar oifig-
eachaibh an phoist. Tá go leor mion-rud eile
a mbeadh do chead againn a réidhtiughadh nach
bhfuil cead againn a réidhtiughadh anois. Diom-
bhainte de seo bheadh Riaghaltas againn i mBaile
Átha Cliath, rud a dhéanfadh maitheas do'n
chathair sin agus do'n tír iomlán agus bheadh
cumhacht ag an Riaghaltas sin daoine d'ainm-
niughadh do mhórán post 'sa' tír.



Ar an taoibh eile dhruidfeadh amach an Bille
so sinn ó n-a lán rud de ghnóthaibh na tíre,
ruda ag a mbíonn baint ag gach chineadh shaor
ar fud an domhain. Tá sé ceaptha 'sa' Bhille nach
mbéidh baint ag an Fheis Gaedhealaigh le rudaibh
ar a dtugthar cúrsaí Impireachta agus 'sé
an teoir ar a bhfuil an ceapadh seo seasta
gur roinnt de Impireacht na Breataine sinn
agus go mbíodh dream teachtairí againn i
bhFeis na hImpireachta i dtólaimh, le n-ar
dtuairim do luadh ar cheisteannaibh Impireachta.
Ní'l ann seo acht teoir agus fabhail-sgéal agus
chá bheadh a dhath dé mhaith ann dúinn. Chá bheadh
acht beirt is daichead teachtairí againn i dtigh
na Feise thall imeasg ó cionn 600 teachtairí
Gallda agus d'fhéadfadaois a dtuairim a
thabhairt acht ní bheadh ann acht sin. Tá níos
mó na a dhá oiread teachtairí againn thall
fá láthair agus goidé an cumas atá aca ar na
ceisteannaibh úd, abair ar arm nó loingeas
Shasana, ar dhéanamh cogaidh, ar thráchtáil thar
lear, ar cheist na corónach nó ar cheisteanaibh
móra eile. Chan fhuil a dhath de chumas ag teacht-
airibh na hÉireann ar na ceisteannaibh úd fá
láthair. Is lughaide fá thrí an phumas bhéas aca
faoi'n Bhille. Tig linn a rádh mar sin go mbéidhmíd
druidte agus deighilte ó gach throm-cheist Stáit,
agus budh mhinic dúinn san am le teacht tar-
raingthe isteach i gcogadh chostasach b'fhéidir
le cáirdibh dúinn féin. Agus béidhmid fágtha ar
leathtaoibh ó náisiúnaibh eile. Ní bhéidh ar
mbratach i n-áirde ar muir nó ar tír thar mar
tá anois nó meas orrainn féin nó ar ar dtír.



Tá sé seo dona go leor acht tá níos measa
na sin san Bhille chéadna. Ní hé amháin nach
mbéidh baint againn le ceisteannaibh Stáit
mar atá ag gach saor-chineadh, acht tá mórán
rud dár ngnó dhíleas dúthchasach féin a bhéas
crosta orainn méar do chur ionnta. An rud is
troime agus is tabhachtaighe díobhtha seo ná
cánach. Ní bhéidh de chead againn ar gcánacha
féin do leagan nó do bhailiughadh agus ní
bhéidh eolas beacht againn a choidhche an bhfuil
na cunntasaí i gceart againn eadrainn féin
agus Sasanaibh. Agus is dóigh liom go mbéidh
gan-chuid airgid orainn i gcomhnuidhe mar tá
anois, agus go mbeidhmid go síor ag iarraidh
déirce (dár gcuid féin) ó chisde Sheagháin.
Rachaidh sé seo i ndonas d'obair na tíre agus is
beag an mhaith dúinn é bheith i n-ar cumas
oirbreacha poiblidhe do chur ar bun mura mbéidh
an t-airgead againn le díol ar a son.



Diombainte do cheist na gcánach ní bhéidh
baint againn le hobair díolta na talmhan,
le níoc na sean-phionsíní nó le hobair
an árachais Stáit. Is furas thuigbheáil
as an rud deirionnach seo nach raibh Riaghaltaas
Shasana ar íribh fá shaoirse do thabhairt dúinn
i nÉirinn nuair chuir siad Acht an Árachais ar
siúbhal i nÉirinn gan féidhm leis agus an obair
do choinneailt ar a láimh féin ó seo amach.
Agus na píléirí, fanfaidh siad ar láimh Sheagháin
agus a saighdiúirí i nÉirinn agus dream
éagsamhail oifigeach ilchinealach eile. “Och!”
arsa Caitlín Ní hUalacháin san dráma, “tá
barraidheacht eachdrann 'sa' tigh agam,” agus
is amhlaidh bhéas barraidheacht eachdrann 'sa'
tigh aici i dtólaimh.



Ó thárla na rud luadhas do bheith fíor, ní
fíor do'n dream atá ag glaodhach amach fá
láthair (agus is líonmhar an dream iad de
réir chuma) gur Bille a bhéarfas saoirse a
dóthana d'Éirinn is do mhuintir na hÉireann
an Bille seo. Béidh an-chuid de'n ghlaodhach mhí-
chiallda seo ag gabhail ar aghaidh ar feadh tamaill
go háithrid ag lucht na bpáipéar acht budh cheart
do Ghaedhealaibh cirtlín olna do chur in a
gcluasaibh agus a bheith bodhar do'n ghlaodhach. Ní
mór le rádh é an Bille agus ní mór a rachadh sé i
dtairbhe dúinn acht rachadh sé i dtairbhe dúinn
beagán, agus na ruda a choinneochaidh uainn
tá siad dhá gcoinneailt uain cheana féin. Mar
sin glacamaois leis an Bhille sé sin, ná cuirimís
ina agaidh. Ní dhéanfaidh sé dochar dúinn. Acht
na abramaois go bhfuilmíd sásta leis nó go
bhfuilmíd ró bhuidheach do Sheaghán nó go mbeidhmíd
díleas do ar feadh na síoraidheachta. Abramaois
leis “a dhuine chóir má tá rún agat beagán de
na fiachaibh atá agam ort le na ciantaibh d'íoc
liom is mithid duit é. Más coróin 'sa' punta
atá tú ag tairgsin damh, glacfaidh mé an méid
sin go fóill acht mholfainn duit an cúig sgilling
déag eile do chur le chéile gan ró-mhoill. Is
amhlaidh is fearr an carthanas agus an comhursan-
acht bhéas eadrainn nuair bhéas na fiacha glanta
amach agat.”



Acht déarfar liom ann seo “Goidé 'n mhaith
duit an chainnt sin? Goidé an cumas atá
againn ar Sheaghan? Abair is go nglacfaidh
sé samhnas linn arís agus gan dadaidh dhéanamh
goidé 'n neart atá againn air? Nach fearr
dúinn labhairt go bog leis go fóill. Ní
ghríosóchadh aon duine madadh drochmhúinte agus
a lámh ina bhéal?” Tá beagan de'n fhírinne
ins na ceisteannaibh seo, acht ní'l ionnta acht
beagán. Nuair thairgeann Seaghan dadaidh
dúinn is ar mhaithe leis féin gní sé é agus ní
dhéanfadh sé acht an laghad a chaithfear sé
dhéanamh. Da mbeadmaois ablata ar bab a
bhualadh air mar rinne muintear Chanada abhfad
ó shoin nó mar rinne na Búraí tá goirid ó
shoin, bhéarfadh sé breith ar mbéil féin de
shaoirse dúinn mar thug sé dóbhtha-san. B'olc
an rud leigint orainn féin go rabhamar sásta
le beagán saoirse ar eagla go gcreidfeadh
sinn féin é, agus go dtuitfamaois i laige agus
i mío-náisiúntacht mar gheall air. Ní fiú ar
n-anmanna do chur i ngeall ar an bheagán
learuighthe atá geallta dúinn sa Bhille. Má
gheibhmíd an méid seo tá go maith. Mura
bhfághamuid é anois gheobhamaoid é uair eile agus
ar dhóigh ar bith cuimhnighmís nach blúire nó cúige
d'Impireacht an fhir thall Éire acht náisiún ar
leith agus nár ceart glacadh le háit níos lugha
ná sin.



Cú Uladh.

19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services