Historical Irish Corpus
1600 - 1926
Historical Dictionary of Irish
Search the corpus
Browse the Text Archive 1600-1926
Cúrsaí an tSaoghail. Sgeula Ó Ameriocá.
Title
Cúrsaí an tSaoghail. Sgeula Ó Ameriocá.
Author(s)
Giolla na Luaithe,
Pen Name
Giolla na Luaithe
Composition Date
1912
Publisher
An Claidheamh Soluis
Téacs
Comhad TEI
Gnáth-Théacs
Comhad ePub
Search Texts
Enter word/phrase
Search Type
Headword
Standardised
Exact match
Phrase
Word Type
All
Adjective
Noun
Preposition
Pronoun
Verb
Verbal Noun
Poetry/Prose
Both
Prose
Poetry
Set Dates
1600
1926
Cúrsaí an tSaoghail. Sgeula Ó Ameriocá. Is éachtach an taisdealaidhe é Micheál Ó Flannagáin agus a ráidhte nár ghabh laige ná leisge fós é taréis a bhfuil déanta de shiubhal agus d'aisdear aige. Atá sláinte bric aige agus atá righne cuit ann. Is é áit i raibh sé an cúigmhadh lá déag de'n Mhárta i bhPhiladelphia agus is é ba ghnó do ann chum bheith ar oireacht dorighne an fuireann atá i mbun an mhóirtionóil. Do réir gach tuairisg dá dtáinig chugam ins na páipéar- aibh, déanfaidh na Gaedhil oireacht ar a ndéanfar trácht i n-annálaibh na cathrach san aimsir atá le teacht. Dorighneadh comhairle ag an sagart agus ag muinntir an Chomhaltais .i. dul d'agallamh Gobharnóra Státa Pennsylvania, duine de mhuinntir Tener. I nÉirinn do rugadh an fear so agus atá an tsean-chion aige ar a athardha. D'eirigh a chroidhe agus d'árduigh a mheanma nuair d'innis an sagart do cionnus do bhiadh ag casadh na Gaedhilge agus gach ní dá ngabhadh léi, agus adubhairt go dtabharfadh aon chabhair dá bhféadfadh do na tosgairíbh. An oidhche sin do chuir an sagart de arís agus níor stad gur bhuail Indanapolis i Stát Indiana mar a raibh Teasbánadh roimhe ag Fionán sna an siopa is mó dá bhfuil ann .i. siopa Sgruggs Vandervoot agus Barney. Atáthar chum oireacht. Lá'l Pádraig do thug sé seanmóir uaidh i nEaglais Naoimh Pádraig i Kakoma, agus ar ndóigh is fada nár chuala muinntir na háite sin a leithéid de shoisgéal. Is dearbh go mb'fhearrde an pobal an tseanmóir seo, agus is é an truagh ná bíonn ceann dá shamhail i ngach teampall a ghnáthuighid Gaedhil agus sliocht Gaedheal gach Domhnach san mbliadhain. Um tráthnóna an lae chéadna dorighne na Kights of Colombus fleadh mór do agus an chaint dorighne sé ar an bhfleidh sin, do chuir sí iongnadh ar a lucht éisteachta agus is fada a bheidh cuimhne aca ar chuaird an tsagairt Gadhealaigh Ghroidhe seo. As go bráth leis as san go Chicagó agus do shrois sé an chathair sin ar a sé a chlog um thráthnóna Dé Luain. Do bhí Seaghán Mac an Gharrdha ag port an bhóthair iarainn roimhe. 'Sé Seaghán an ceann atá ar an gComhaltas atá chum oireacht do dhéanamh san Academy of Music timcheall lár na míosa so, agus dá siubhalfá an domhan mór so idir fliuch agus tirim ní bhfuighfeá aon Ghaedheal is fearr tréithe agus méin ná é. Is é sgéala do bhí aige do'n sagart, go mbeadh air dul go dtí fleadh an Irish fellowship Club i n-áit Leslí agus óráid do dhéanamh ann, agus a bheith ann ar a hocht a chlog. Do bhí Micheál ann agus cé ná raibh leathuair a chluig aige chum cuimhneamh ar cad adéarfadh sé, do righne sé óráid an oidhche sin nár sáruigheadh fós ag aon chainteoir dá raibh ar an bhfleidh aca aon bhliadhain fós, agus is é is gnás aca, fear go mbeadh cáil agus clú air do thabhairt ann gach bliadhain chum óráid do dhéanamh dóibh. Is é bhí aca i n-urraidh, Uachtarán na Stát nAontuighthe .i. 'Liam Howard Taft. Cuid dá ndubhairt Micheál, do bhain sé geit as daoinibh a bhí ann. Is gnáth gach ceolánaidhe ag trácht ar a ndearna Naomh Pádraig d'Éirinn nuair a thagann Féile an Naoimh, acht do thrácht Micheál Ó Flannagáin ar a ndearna Éire do Phádraig. Ar sé, “Do bhronn Éire dá ní ar Phádraig, mar atá, an teanga ba bhireaghtha do bhí ghá labhairt san Eoraip an aimsir sin, agus an dath ba dheise de seacht dathaibh an bogha ceatha. Agus is fearr is feas do chách lá a bheortha ná lá beortha aon naoimh eile de n-a bhfuil de naomhaibh ann.” Do bhí leathanaigh de pháipéaraibh Chigagó breactha le n-a chaint lá ar n-a bhárach. Do chaith sé seachtmhain i Chicago ag déanamh ullmhughchán i gcóir an oireachta. Do bhí gnó eile ar láimh aige leis, .i. infhiuchadh an tslighe atá ag lucht siopaí chum a gcuid earraidhe d'fhógairt do'n phobal ins na páipéaraibh óir atá roinnt de lucht déanta earraidhe i nÉirinn taréis sgríobhadh chuige ghá iarradh air an fios san do thabhairt dóibh. Maidin Dé Domhnaigh do thug sé seanmóir uaidh i nEaglais Pádraig agus dob' é ceacht do ghabh sé chuige “Dána agus ceárda na hÉireann.” Agus ba chóir agus ba chuibhe an tseanmóir sin ins an teampall sin mar atá sagart 'na bhun, Liam Mac Conmidhe, agus atá sé ar na sagartaibh is fearr dá bhfuil i nAmeirioca. Fear groidhe Gaedhealach léigheannta Laideanta nár thug a chúl riamh fós ar theangain ná ar nósaibh a shinnsin. Ní teanga liom leat, ná ceólánaidhe, ná fear cainte é. Fear gníomh iseadh é, agus dá dhearbh- ughadh san, atá sé ag deisiughadh agus ag órnáidiughadh an eaglais, agus is do réir an nós Gaedhealaigh a dhéanfar é. Níl pioc órnáidiughadh ar na fuinnneógaibh acht ar baineadh as Leabhar Cheannanuis, agus is mór an chreid- eamhaint do'n sagart so atá breis is ceithre mhíle de mhíltíbh ó Eirinn a leithéid do bheith amhlaidh. Atá sagairt i ngiorracht urchair gunna do Leabhar Ceannanuis agus ní chuimhneochaidís ar aon órnáid do bhaint as i gcomhair fuinneóg a dteampall. Dob' fhearr leó imtheacht ar chos-i- n-áirde go dtí an Fhrainnc nó go dtí an Iodáil agus órnáidí gránda do thabhairt abhaile leó go minic. Agus Gaedhil bhochta do dhíol asta agus Éire i ngádh an airgid a cheannuigheann na hórdáidí seo. Sin sampla ó'n sagart sámh so do shagartaibh na hÉireann. Is mór an truagh a leithéid de shagart do bheith annso ar éan chor agus a mhéid atá Éire i ngádh a shamhail. An dealbhadóir nó an tairiceóir nó pé Gaedhilg atá ar “arist”, atá an bháidh aige le hÉirinn leis cé gur i nAmeiriocá do rugadh é. Duine de mhuinntir Sheachnusa iseadh é agus atá sé le fada ag sgrúdughadh sean-leabhra na hÉireann 'na bhfuil órnáidigheacht. Do thug sé cuaird ar Éirinn atá seacht mbiadhna ó shoin agus do chaith a trí nó a ceathair de sheacht- mhainí ag rothaidheacht timcheall na tíre i dteannta Mhichíl Uí Fhlannagáin. Níor fhagadar aon áit dár bhuaileadar gan a raibh ann d'obair óráidighthe d'fheiscint — seadh agus gan comhairle a leasa do thabhairt do na mnáibh .i. gan téa d'ól. An cúigmhadh lá fichead de'n mhí, do chuaidh sé go dtí San Louis i Stát Missouri. Do bhí an Tearbánadh ann roimhe ag Fionán i siopa Scruggs Vanderwoort agus Barney. An seachtmhadh lá fichead dorighneadh oireacht do i halla dá ngoirthear an Hibernian Hall agus do innis sé do'n sluagh do líon an halla cionnus mar do bhí an sgéal aca i nÉirinn. Adubhairt sé leó ná déanfadh Home Rule náisiún d'Éirinn dá mbeadh sí i n-éagmais a teangan, agus dá leigfidhe do'n teanga imtheacht ná casfadh aon chumhacht ar thalamh an domhain í. Do bhailigheadh cúig céad dollar ar an oireacht so. Iomthúsa Fhionáin, atá sé i mbun an Teas- bánaidh agus atá ag eirghe leis chomh maith sin gur baoghal liom ná déanfaidh sé aon timthireacht choidhche arís. Atáim taréis sgéala d'fhagháil uaidh, acht ó thárla an oiread san páipéir breactha agam cheana féin, caithfeadh é do choimead go dtí an tseachtmhain seo chughainn. Iomthúsa Dhomhnaill Uí Chochubhair, atá sé ag obair ar a dhícheall i gcathair Nua-Eabhraigh agus déanfar Feis i gCeltic Parc an naomhadh lá déag de mhí na Bealtaine a sháróchaidh aon Oireachtas dá raibh riamh i nÉirinn. Is mairg a bheadh dathamhail uaireannta, agus is mairg fá dóigh an té bheadh gránda. Féach ní fheádair éinne cá mbíonn an chiotruinn. Is dóigh gur eól do chách i nÉirinn anois go bhfuil Seaghán Leslí chum a phósta — agus dar ndóigh go n-eirghidh san leis. Dob' iongnadh linn an sgéala do fheiscint ins na páipéaraibh annso an tseachmhain seo óir do mheasamar ná raibh aon fhonn pósta ar Sheaghán. Do shaoileamar go mb'fhearra leis Éire mar chéile ná aon bhean do shíolruigh ó Ádhamh is Ébha. Is amhlaidh do bhain an sgéala geit asainn. Inghean do fhear de mhuinntir Ides an bhean. Sin é an fear atá ag Cúirt Rí na Spáinne ag déanamh tosgaireachta agus taidhleoireachta do mhuinntir Ameiriocá. Atá inghean eile dho pósta ag Bourke-Cochran (téidheann sé díom Gaedhilg do chur ar na sloinntibh dhá-adharcacha so). Giolla na Luaithe.
19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services