Historical Irish Corpus
1600 - 1926

Cúrsaí an tSaoghail. Sgeula Ó Ameriocá.

Title
Cúrsaí an tSaoghail. Sgeula Ó Ameriocá.
Author(s)
Giolla na Luaithe,
Pen Name
Giolla na Luaithe
Composition Date
1912
Publisher
An Claidheamh Soluis

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926


Cúrsaí an tSaoghail.



Sgeula Ó Ameriocá.



Is éachtach an taisdealaidhe é Micheál Ó
Flannagáin agus a ráidhte nár ghabh laige ná
leisge fós é taréis a bhfuil déanta de shiubhal
agus d'aisdear aige. Atá sláinte bric aige
agus atá righne cuit ann.



Is é áit i raibh sé an cúigmhadh lá déag de'n
Mhárta i bhPhiladelphia agus is é ba ghnó
do ann chum bheith ar oireacht dorighne an
fuireann atá i mbun an mhóirtionóil. Do réir
gach tuairisg dá dtáinig chugam ins na páipéar-
aibh, déanfaidh na Gaedhil oireacht ar a ndéanfar
trácht i n-annálaibh na cathrach san aimsir atá
le teacht.



Dorighneadh comhairle ag an sagart agus ag
muinntir an Chomhaltais .i. dul d'agallamh
Gobharnóra Státa Pennsylvania, duine de
mhuinntir Tener. I nÉirinn do rugadh an fear so
agus atá an tsean-chion aige ar a athardha.
D'eirigh a chroidhe agus d'árduigh a mheanma nuair
d'innis an sagart do cionnus do bhiadh ag casadh
na Gaedhilge agus gach ní dá ngabhadh léi, agus
adubhairt go dtabharfadh aon chabhair dá bhféadfadh
do na tosgairíbh.



An oidhche sin do chuir an sagart de arís agus
níor stad gur bhuail Indanapolis i Stát
Indiana mar a raibh Teasbánadh roimhe ag
Fionán sna an siopa is mó dá bhfuil ann .i.
siopa Sgruggs Vandervoot agus Barney.
Atáthar chum oireacht.



Lá'l Pádraig do thug sé seanmóir uaidh i
nEaglais Naoimh Pádraig i Kakoma, agus ar
ndóigh is fada nár chuala muinntir na háite sin
a leithéid de shoisgéal. Is dearbh go mb'fhearrde
an pobal an tseanmóir seo, agus is é an truagh
ná bíonn ceann dá shamhail i ngach teampall
a ghnáthuighid Gaedhil agus sliocht Gaedheal gach
Domhnach san mbliadhain.



Um tráthnóna an lae chéadna dorighne na
Kights of Colombus fleadh mór do agus an
chaint dorighne sé ar an bhfleidh sin, do chuir sí
iongnadh ar a lucht éisteachta agus is fada a
bheidh cuimhne aca ar chuaird an tsagairt
Gadhealaigh Ghroidhe seo.



As go bráth leis as san go Chicagó agus do
shrois sé an chathair sin ar a sé a chlog um
thráthnóna Dé Luain. Do bhí Seaghán Mac an
Gharrdha ag port an bhóthair iarainn roimhe. 'Sé
Seaghán an ceann atá ar an gComhaltas atá chum
oireacht do dhéanamh san Academy of Music
timcheall lár na míosa so, agus dá siubhalfá
an domhan mór so idir fliuch agus tirim ní
bhfuighfeá aon Ghaedheal is fearr tréithe agus
méin ná é. Is é sgéala do bhí aige do'n sagart,
go mbeadh air dul go dtí fleadh an Irish
fellowship Club i n-áit Leslí agus óráid do
dhéanamh ann, agus a bheith ann ar a hocht a chlog.
Do bhí Micheál ann agus cé ná raibh leathuair
a chluig aige chum cuimhneamh ar cad adéarfadh
sé, do righne sé óráid an oidhche sin nár sáruigheadh
fós ag aon chainteoir dá raibh ar an bhfleidh
aca aon bhliadhain fós, agus is é is gnás aca,
fear go mbeadh cáil agus clú air do thabhairt
ann gach bliadhain chum óráid do dhéanamh dóibh.
Is é bhí aca i n-urraidh, Uachtarán na Stát
nAontuighthe .i. 'Liam Howard Taft. Cuid
dá ndubhairt Micheál, do bhain sé geit as daoinibh
a bhí ann. Is gnáth gach ceolánaidhe ag trácht
ar a ndearna Naomh Pádraig d'Éirinn nuair
a thagann Féile an Naoimh, acht do thrácht Micheál
Ó Flannagáin ar a ndearna Éire do Phádraig.
Ar sé, “Do bhronn Éire dá ní ar Phádraig, mar
atá, an teanga ba bhireaghtha do bhí ghá labhairt
san Eoraip an aimsir sin, agus an dath ba
dheise de seacht dathaibh an bogha ceatha. Agus
is fearr is feas do chách lá a bheortha ná lá beortha
aon naoimh eile de n-a bhfuil de naomhaibh ann.”
Do bhí leathanaigh de pháipéaraibh Chigagó breactha
le n-a chaint lá ar n-a bhárach.



Do chaith sé seachtmhain i Chicago ag déanamh
ullmhughchán i gcóir an oireachta. Do bhí gnó
eile ar láimh aige leis, .i. infhiuchadh an tslighe
atá ag lucht siopaí chum a gcuid earraidhe
d'fhógairt do'n phobal ins na páipéaraibh óir
atá roinnt de lucht déanta earraidhe i nÉirinn
taréis sgríobhadh chuige ghá iarradh air an fios san
do thabhairt dóibh.



Maidin Dé Domhnaigh do thug sé seanmóir uaidh
i nEaglais Pádraig agus dob' é ceacht do ghabh
sé chuige “Dána agus ceárda na hÉireann.”
Agus ba chóir agus ba chuibhe an tseanmóir sin
ins an teampall sin mar atá sagart 'na bhun,
Liam Mac Conmidhe, agus atá sé ar na sagartaibh
is fearr dá bhfuil i nAmeirioca. Fear groidhe
Gaedhealach léigheannta Laideanta nár thug a
chúl riamh fós ar theangain ná ar nósaibh a shinnsin.
Ní teanga liom leat, ná ceólánaidhe, ná fear
cainte é. Fear gníomh iseadh é, agus dá dhearbh-
ughadh san, atá sé ag deisiughadh agus ag
órnáidiughadh an eaglais, agus is do réir an
nós Gaedhealaigh a dhéanfar é. Níl pioc
órnáidiughadh ar na fuinnneógaibh acht ar baineadh
as Leabhar Cheannanuis, agus is mór an chreid-
eamhaint do'n sagart so atá breis is ceithre
mhíle de mhíltíbh ó Eirinn a leithéid do bheith
amhlaidh. Atá sagairt i ngiorracht urchair gunna
do Leabhar Ceannanuis agus ní chuimhneochaidís
ar aon órnáid do bhaint as i gcomhair fuinneóg
a dteampall. Dob' fhearr leó imtheacht ar chos-i-
n-áirde go dtí an Fhrainnc nó go dtí an Iodáil
agus órnáidí gránda do thabhairt abhaile leó
go minic. Agus Gaedhil bhochta do dhíol asta
agus Éire i ngádh an airgid a cheannuigheann
na hórdáidí seo.



Sin sampla ó'n sagart sámh so do shagartaibh
na hÉireann. Is mór an truagh a leithéid de
shagart do bheith annso ar éan chor agus a mhéid
atá Éire i ngádh a shamhail.



An dealbhadóir nó an tairiceóir nó pé
Gaedhilg atá ar “arist”, atá an bháidh aige
le hÉirinn leis cé gur i nAmeiriocá do rugadh
é. Duine de mhuinntir Sheachnusa iseadh é agus
atá sé le fada ag sgrúdughadh sean-leabhra
na hÉireann 'na bhfuil órnáidigheacht. Do
thug sé cuaird ar Éirinn atá seacht mbiadhna
ó shoin agus do chaith a trí nó a ceathair de sheacht-
mhainí ag rothaidheacht timcheall na tíre i
dteannta Mhichíl Uí Fhlannagáin. Níor fhagadar
aon áit dár bhuaileadar gan a raibh ann d'obair
óráidighthe d'fheiscint — seadh agus gan
comhairle a leasa do thabhairt do na mnáibh .i.
gan téa d'ól.



An cúigmhadh lá fichead de'n mhí, do chuaidh sé go
dtí San Louis i Stát Missouri. Do bhí an
Tearbánadh ann roimhe ag Fionán i siopa
Scruggs Vanderwoort agus Barney. An
seachtmhadh lá fichead dorighneadh oireacht do i
halla dá ngoirthear an Hibernian Hall agus
do innis sé do'n sluagh do líon an halla cionnus
mar do bhí an sgéal aca i nÉirinn. Adubhairt
sé leó ná déanfadh Home Rule náisiún
d'Éirinn dá mbeadh sí i n-éagmais a teangan,
agus dá leigfidhe do'n teanga imtheacht ná
casfadh aon chumhacht ar thalamh an domhain í.
Do bhailigheadh cúig céad dollar ar an oireacht
so.



Iomthúsa Fhionáin, atá sé i mbun an Teas-
bánaidh agus atá ag eirghe leis chomh maith
sin gur baoghal liom ná déanfaidh sé aon
timthireacht choidhche arís. Atáim taréis sgéala
d'fhagháil uaidh, acht ó thárla an oiread san
páipéir breactha agam cheana féin, caithfeadh é
do choimead go dtí an tseachtmhain seo chughainn.



Iomthúsa Dhomhnaill Uí Chochubhair, atá sé ag
obair ar a dhícheall i gcathair Nua-Eabhraigh agus
déanfar Feis i gCeltic Parc an naomhadh lá
déag de mhí na Bealtaine a sháróchaidh aon
Oireachtas dá raibh riamh i nÉirinn.



Is mairg a bheadh dathamhail uaireannta, agus
is mairg fá dóigh an té bheadh gránda. Féach ní
fheádair éinne cá mbíonn an chiotruinn. Is dóigh
gur eól do chách i nÉirinn anois go bhfuil
Seaghán Leslí chum a phósta — agus dar ndóigh
go n-eirghidh san leis.



Dob' iongnadh linn an sgéala do fheiscint
ins na páipéaraibh annso an tseachmhain seo
óir do mheasamar ná raibh aon fhonn pósta ar
Sheaghán. Do shaoileamar go mb'fhearra leis
Éire mar chéile ná aon bhean do shíolruigh
ó Ádhamh is Ébha. Is amhlaidh do bhain an sgéala
geit asainn.



Inghean do fhear de mhuinntir Ides an bhean.
Sin é an fear atá ag Cúirt Rí na Spáinne ag
déanamh tosgaireachta agus taidhleoireachta
do mhuinntir Ameiriocá. Atá inghean eile dho
pósta ag Bourke-Cochran (téidheann sé díom
Gaedhilg do chur ar na sloinntibh dhá-adharcacha
so).



Giolla na Luaithe.

19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services