Historical Irish Corpus
1600 - 1926
Historical Dictionary of Irish
Search the corpus
Browse the Text Archive 1600-1926
An Óige
Title
An Óige
Author(s)
Ní fios,
Composition Date
1912
Publisher
An Claidheamh Soluis
Téacs
Comhad TEI
Gnáth-Théacs
Comhad ePub
Search Texts
Enter word/phrase
Search Type
Headword
Standardised
Exact match
Phrase
Word Type
All
Adjective
Noun
Preposition
Pronoun
Verb
Verbal Noun
Poetry/Prose
Both
Prose
Poetry
Set Dates
1600
1926
An Óige. Tá cúis na Gaedhilge ag seasamh ar an óige, ar an aos óg agus ar óigeantacht aigeanta agus croidhe na ndaoine. An áit a bhfuil an óige ann tá dóchas i gcomhnaidhe annsoin. Bhí an óige le feiceal go buacach láidir i mbailtibh móra na hÉireann lá na Féile. Istigh i gcathair gallda Bhaile Átha Cliath bhí teanga na nGaedheal le cloisteál in mórchuid teampull. Bhí sagairt agus ministéirí ag cur urnuighthe chun Dé sa teangain is dual dúinn, agus i measg an phobuil in gach teampull bhí aos óg Connradhtha na Gaedhilge ag guidhe ós árd tríd an teangain chéadna. Is amhlaidh a bhí an sgéal i n-aon teampull amháin: tháinig sagart óg a tóigeadh i mBaile Átha Cliath amach ar an altóir agus d'fhuagair sé do'n phobul nach mbeadh cead ag lucht an Bhéarla an Chóróin Mhuire d'fhreagradh ós árd agus d'iarr sé ortha gan bheith ag cur isteach ar lucht na Gaedhilge. Rinne siad mar hiarradh ortha go toileamhail agus theasbáineadar go raibh ómós agus gean aca don Gaedhilg. Thosuigh an sagart ar an gCoróin Muire a rádh agus freagradh é go láidir fonnmhar i ngach aon áit de'n teampull, agus bhí an teampull lán go bombéal. Tar a éis sin labhair an sagart céadna fá Phádraic agus a bheatha agus fá'n ngrádh a bhí aige ar na Gaedhil. Ní raibh an Ghaedhilg go sármhaith aige acht bhí a chaint go réidh sothuigse agus bhí croiceann na céille ar an méid adubhairt sé. Gabhadh dán Gaedhilge tar éis na Beannachta agus chorruigh an ceol agus an Gaedhilg an sean sagart paráiste — bhí seisean ar an altóir — sa gcaoi gur ghabh sé buidheachas os comhair an phobuil le lucht na Gaedhilge. Is dóigh linn go raibh an pobul uile buidheach de Dhia go raibh an teanga fós aca. Thárla an méad sin i n-aon teampull amháin i mBaile Átha Cliath, teampull nach raibh seirbhís i nGaedhilg ann ariamh roimhe. An óige is cionntach leis an mbruchtghail seo na Gaedhilge i dteampullaibh na hÉireann lá na Féile, agus is cóir a rádh gurab óigbhean a bhaineas le Connradh na Gaedhilge a bhostuigh an chléir i mBaile Átha Cliath chun na Gaedhilge an t-am so.
19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services