Historical Irish Corpus
1600 - 1926

An Óige

Title
An Óige
Author(s)
Ní fios,
Composition Date
1912
Publisher
An Claidheamh Soluis

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926


An Óige.



Tá cúis na Gaedhilge ag seasamh ar an óige,
ar an aos óg agus ar óigeantacht aigeanta agus
croidhe na ndaoine. An áit a bhfuil an óige ann
tá dóchas i gcomhnaidhe annsoin. Bhí an óige le
feiceal go buacach láidir i mbailtibh móra
na hÉireann lá na Féile. Istigh i gcathair
gallda Bhaile Átha Cliath bhí teanga na nGaedheal
le cloisteál in mórchuid teampull. Bhí sagairt
agus ministéirí ag cur urnuighthe chun Dé sa
teangain is dual dúinn, agus i measg an phobuil
in gach teampull bhí aos óg Connradhtha na
Gaedhilge ag guidhe ós árd tríd an teangain
chéadna. Is amhlaidh a bhí an sgéal i n-aon
teampull amháin: tháinig sagart óg a tóigeadh
i mBaile Átha Cliath amach ar an altóir agus
d'fhuagair sé do'n phobul nach mbeadh cead ag
lucht an Bhéarla an Chóróin Mhuire d'fhreagradh
ós árd agus d'iarr sé ortha gan bheith ag cur
isteach ar lucht na Gaedhilge. Rinne siad mar
hiarradh ortha go toileamhail agus theasbáineadar
go raibh ómós agus gean aca don Gaedhilg.
Thosuigh an sagart ar an gCoróin Muire a rádh
agus freagradh é go láidir fonnmhar i ngach
aon áit de'n teampull, agus bhí an teampull
lán go bombéal. Tar a éis sin labhair an sagart
céadna fá Phádraic agus a bheatha agus fá'n
ngrádh a bhí aige ar na Gaedhil. Ní raibh an
Ghaedhilg go sármhaith aige acht bhí a chaint go
réidh sothuigse agus bhí croiceann na céille
ar an méid adubhairt sé. Gabhadh dán Gaedhilge
tar éis na Beannachta agus chorruigh an
ceol agus an Gaedhilg an sean sagart paráiste —
bhí seisean ar an altóir — sa gcaoi gur ghabh sé
buidheachas os comhair an phobuil le lucht na
Gaedhilge. Is dóigh linn go raibh an pobul uile
buidheach de Dhia go raibh an teanga fós aca.
Thárla an méad sin i n-aon teampull amháin
i mBaile Átha Cliath, teampull nach raibh seirbhís
i nGaedhilg ann ariamh roimhe. An óige is
cionntach leis an mbruchtghail seo na Gaedhilge
i dteampullaibh na hÉireann lá na Féile, agus is
cóir a rádh gurab óigbhean a bhaineas le Connradh
na Gaedhilge a bhostuigh an chléir i mBaile
Átha Cliath chun na Gaedhilge an t-am so.

19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services