Historical Irish Corpus
1600 - 1926
Historical Dictionary of Irish
Search the corpus
Browse the Text Archive 1600-1926
An Chamóg
Title
An Chamóg
Author(s)
Ní Dhonnchadha, Cáit,
Composition Date
1912
Publisher
An Claidheamh Soluis
Téacs
Comhad TEI
Gnáth-Théacs
Comhad ePub
Search Texts
Enter word/phrase
Search Type
Headword
Standardised
Exact match
Phrase
Word Type
All
Adjective
Noun
Preposition
Pronoun
Verb
Verbal Noun
Poetry/Prose
Both
Prose
Poetry
Set Dates
1600
1926
An Chamóg. An seachtmhadh lá déag de mhí an Abráin, agus i mórbhrogh chathrach Bhaile Átha Cliath 'seadh tionólfar an cruinnniughadh cinn na bliadhna den chamóig. Beidh an Bhainiarla Fine Gall mar ceann ar an gcruinniughadh. Na daoine amháin go mbeidh pas aca do leogfar isteach chun an chruinnighthe, agus gheóbhthar an pas soin acht fios do chur air chun Rúnaidhe Coiste na Camóige. Ní mór do'n té a chuireann a tuairisc bheith i gcúram na camóige cheana féin nó í bheith ar intinn an chamóg do chur ar bun i gcaitheamh na haithbhliadhna. Ní maoidhte orainn an chuma atá uirthi fós, acht táimid ag brath ar atharach treó dá bhreith tar éis an chruinnighthe. Do ghabhamair misneach bliadhain an taca so agus d'athchuireamair ar bun í. Do rug an mheirg agus an leisce ar a lucht leanmhana i n-áiteannaibh le linn ré na doininne ar chor gur leasc le cuid againn a admháil a aindeise atá sí i láthair na huaire. Dá bhrigh sin caithfear cur go mór le n-a dul agus le n-scóip. Ní thaitneann an gléas imtheartha le cuid againn, ní mó ná mar a thaiteann scóip a himeartha le tuilleadh againn. Ní hé an locht céadna a gheibhtear uirthi ins gach aon bhall. Ní haon dóichín gach éinne do shásamh. Is fearra dhúinn amhthach glacadh leis an sgéal go toiltheannach agus an treó is fearr is féidir do chur uirthi. Chuig sin níor mhiste do lucht a himtheartha teacht i gceann a chéile sa tuaith is sa chathair is a gcúrsaí gearáin do chur i láthair a chéile i dtaobh a himtheartha is an scéal do chur chugainn - mar dtagann leó fein teacht - le haghaidh an chruinnighthe ionnus go mbeadh sí i dtreó a buanaighthe againn nuair a bhéarfaidh an samhradh orainn. Tá súil againn go raghaidh stiúrtheóirí ar seol i gcabhair dúinn i mbliadhna, mar 'sé tuairim an dream is tuiscionaighe orainn gur suarach is fiú bheith ag soathar na taobh go dtí go gcuirfear ar mharthain i n-ionadaidh léighinn na tíre í. Sid é an bheart is mó atá dár gcéasadh. Tá an galldachas, maille leis an neamhshuim ag gabháil do lucht riaradh ár léighinn, is is deacair iad do bhogadh ar thaobh an Ghaedhil. D'fhonn an dream soin a Ghaedheal- ughadh ní mór dúinn féachaint cad tá n-ar gcóir mar le dream ná cuireann a bheag nó a mhór do spéis sa gnó so na Gaedhilge i n-aon chor, agus ní lugha ná a fhonn atá ortha é dheanamh. Acht ní gádh dhúinn eagla a bheith orainn ná go mbeidh an lá linn. Tá corn airgid fachta againn ó'n uachtarán le haghaidh ceannus na camóige. Níl cur síos ná innsint sgéil ar an gcaitheamh aimsire atá nar gcóir ag tnúith le chéile féachaint cá ngeobhaidh craobh na camóíge. Ní cúrsaí iongnaidh dhúinn a chlos go mbítear ag cleachtadh na cóir cheana féin. Focal amháin do lucht an himtheartha: níor mhór dóibh bheith ana-aireach ar fad agus gan faillighe a dhéanamh na ndualgas dá dheascaibh. Spórt breagh sláinteamhail 'seadh í do'n na daoine a bhíonn ag claoidhe le cúrsaí léighinn. Bíonn smacht ar an ndream soin ámh, seachas an dream go mbíonn cead gcos aca. Tá ré shaoghail istigh againn i nÉirinn indiu agus éinne a mhearbhóchadh treó an tsaoghail sin le haon chruinneas ní féidir dhó gan a bheith go mór i n-amhras i dtaobh na críche a bhéarfaidh sinn. Tá tírín deas gleóite againn, acht annsúd ar ar n-aghaidh tá adhgáin an ghall- dachais dá breith, má ráinigheann dúinn leogaint do'n luith chleas so do thugamair ar an saoghal dul isteach i n-doimhne na haindeise uainn ní bheidh puinn d'iarsmaibh an tseanashaoghail fanta againn Ar bhantracht na hÉireann tá ár seasamh chun ár gcosaint ar an olc sain. Feiceam a ngíomh sa ghuais seo atá ag bagairt orainn. Cáit Ní Dhonnchadha.
19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services