Historical Irish Corpus
1600 - 1926

An Chamóg

Title
An Chamóg
Author(s)
Ní Dhonnchadha, Cáit,
Composition Date
1912
Publisher
An Claidheamh Soluis

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926


An Chamóg.



An seachtmhadh lá déag de mhí an Abráin,
agus i mórbhrogh chathrach Bhaile Átha Cliath 'seadh
tionólfar an cruinnniughadh cinn na bliadhna
den chamóig. Beidh an Bhainiarla Fine Gall
mar ceann ar an gcruinniughadh. Na daoine
amháin go mbeidh pas aca do leogfar isteach
chun an chruinnighthe, agus gheóbhthar an pas soin
acht fios do chur air chun Rúnaidhe Coiste na
Camóige. Ní mór do'n té a chuireann a tuairisc
bheith i gcúram na camóige cheana féin nó í
bheith ar intinn an chamóg do chur ar bun i
gcaitheamh na haithbhliadhna. Ní maoidhte orainn
an chuma atá uirthi fós, acht táimid ag brath
ar atharach treó dá bhreith tar éis an chruinnighthe.
Do ghabhamair misneach bliadhain an taca so
agus d'athchuireamair ar bun í. Do rug an
mheirg agus an leisce ar a lucht leanmhana i
n-áiteannaibh le linn ré na doininne ar chor
gur leasc le cuid againn a admháil a aindeise
atá sí i láthair na huaire. Dá bhrigh sin caithfear
cur go mór le n-a dul agus le n-scóip. Ní
thaitneann an gléas imtheartha le cuid againn,
ní mó ná mar a thaiteann scóip a himeartha
le tuilleadh againn. Ní hé an locht céadna a
gheibhtear uirthi ins gach aon bhall. Ní haon
dóichín gach éinne do shásamh. Is fearra dhúinn
amhthach glacadh leis an sgéal go toiltheannach
agus an treó is fearr is féidir do chur uirthi.
Chuig sin níor mhiste do lucht a himtheartha
teacht i gceann a chéile sa tuaith is sa chathair
is a gcúrsaí gearáin do chur i láthair a chéile
i dtaobh a himtheartha is an scéal do chur chugainn
- mar dtagann leó fein teacht - le haghaidh
an chruinnighthe ionnus go mbeadh sí i dtreó
a buanaighthe againn nuair a bhéarfaidh an
samhradh orainn. Tá súil againn go raghaidh
stiúrtheóirí ar seol i gcabhair dúinn i mbliadhna,
mar 'sé tuairim an dream is tuiscionaighe
orainn gur suarach is fiú bheith ag soathar na taobh
go dtí go gcuirfear ar mharthain i n-ionadaidh
léighinn na tíre í. Sid é an bheart is mó atá
dár gcéasadh. Tá an galldachas, maille
leis an neamhshuim ag gabháil do lucht riaradh
ár léighinn, is is deacair iad do bhogadh ar thaobh
an Ghaedhil. D'fhonn an dream soin a Ghaedheal-
ughadh ní mór dúinn féachaint cad tá n-ar gcóir
mar le dream ná cuireann a bheag nó a mhór do
spéis sa gnó so na Gaedhilge i n-aon chor, agus
ní lugha ná a fhonn atá ortha é dheanamh. Acht ní
gádh dhúinn eagla a bheith orainn ná go mbeidh
an lá linn.



Tá corn airgid fachta againn ó'n uachtarán
le haghaidh ceannus na camóige. Níl cur síos
ná innsint sgéil ar an gcaitheamh aimsire atá
nar gcóir ag tnúith le chéile féachaint cá
ngeobhaidh craobh na camóíge. Ní cúrsaí iongnaidh
dhúinn a chlos go mbítear ag cleachtadh na cóir
cheana féin. Focal amháin do lucht an himtheartha:
níor mhór dóibh bheith ana-aireach ar fad agus
gan faillighe a dhéanamh na ndualgas dá
dheascaibh. Spórt breagh sláinteamhail 'seadh
í do'n na daoine a bhíonn ag claoidhe le cúrsaí
léighinn. Bíonn smacht ar an ndream soin
ámh, seachas an dream go mbíonn cead gcos
aca.



Tá ré shaoghail istigh againn i nÉirinn indiu
agus éinne a mhearbhóchadh treó an tsaoghail
sin le haon chruinneas ní féidir dhó gan a bheith
go mór i n-amhras i dtaobh na críche a bhéarfaidh
sinn. Tá tírín deas gleóite againn, acht
annsúd ar ar n-aghaidh tá adhgáin an ghall-
dachais dá breith, má ráinigheann dúinn leogaint
do'n luith chleas so do thugamair ar an saoghal
dul isteach i n-doimhne na haindeise uainn ní
bheidh puinn d'iarsmaibh an tseanashaoghail fanta
againn Ar bhantracht na hÉireann tá ár
seasamh chun ár gcosaint ar an olc sain.
Feiceam a ngíomh sa ghuais seo atá ag bagairt
orainn.



Cáit Ní Dhonnchadha.

19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services