Historical Irish Corpus
1600 - 1926
Historical Dictionary of Irish
Search the corpus
Browse the Text Archive 1600-1926
Seachtmhain na Gaedhilge
Title
Seachtmhain na Gaedhilge
Author(s)
de hÍde, Dubhghlas; Ó Dálaigh, Pádruig; Bairéad, S,
Composition Date
1912
Publisher
An Claidheamh Soluis
Téacs
Comhad TEI
Gnáth-Théacs
Comhad ePub
Search Texts
Enter word/phrase
Search Type
Headword
Standardised
Exact match
Phrase
Word Type
All
Adjective
Noun
Preposition
Pronoun
Verb
Verbal Noun
Poetry/Prose
Both
Prose
Poetry
Set Dates
1600
1926
Seachtmhain na Gaedhilge. Do Chineadh Ghaedheal. Bíodh go bhfuil lucht poilitidheachta agus fothram agus gleó aca agus lucht oibre agus iad ar buaidhreamh, is éigean dúinn-ne, atá ag labhairt i bpáirt teanga na hÉireann d'aithbheochaint, ár nguth d'árdughadh i dtreo go mbadh soiléire cloisfear é 'na riamh. Is beag dream san aimsir seo go raibh níos mó deacarachta 'na ngó 'ná mar atá i ngnó lucht na Gaedhilge agus siúd is go bhfuil san amhlaidh is beag dream in aon chor gur eirigh leo chomh maith is d'eirigh le lucht na Gaedhilge. Sara dtáinig lucht na Gaedhilge do chosaint is fánach duine nár chuma leis cá ndeintí a chuid éadaigh mó na hearraidhe do bhíodh ina thigh aige. Do caithtí na milliúin púnt gach bliadhain ar earraidhibh Gallda gan aon chuimhneamh ar cia aca díoghbháil nó maitheas do dhéanfadh sé dÉirinn, go dtí gur chuir lucht na Gaedhilge 'na luighe ar na daoine gurab é a leas é, agus go raibh se de dhualgas ortha earraidhe na hÉireann do cheannach. Le cúig bliadhna déag anuas ní hamháin go bhfuilimíd ghá theagasg dos na daoine a riachtanaighe atá sé dhóibh an Ghaedhealg do bhuan-choimeád acht atáimíd ghá shíor-theagasg dóibh go bhfuil sé ceangailte ortha gan acht earraidhe na hÉireanann do cheannach, agus an té 'nar móide sochar a ghnótha an teagasg sin ní foláir nó is suarach an tÉireannach é má's rud é ná cabhróchaidh sé linn agus gur sinn-ne fé ndeara tuilleadh éilimh do bheith ar a chuid earraidhe. Lucht na Gaedhilge fé ndeara muintear na hÉireann do bheith chomh mór i bhfabhar earraidhe Ghaedhealacha do cheannach is atáid. Go dtí go dtáinig lucht na Gaedhilge do bhí sé de nós ag cách uile nách mór gan acht earraidhe anall ó shean-Shasana nó ó thíorthaibh eile do cheannach. Is mór an t-atharughadh atá curtha againn-ne ar an sgéal agus d'atharóchaimís tuilleadh é dá bhfaighmís an congnamh is dual dúinn ó chách agus go mór mór ós na daoinibh 'na bhfuil breis éilimh ar a gcuid earraidhe de bhárr ár dteagaisg. Is é bunphréamh na hoibre againn, ámh, ná an Ghaedhealg do choimeád ina beathaidh agus do leathadh ar fuaid na hÉireann. Is í an Ghaedhealg comhartha so-aithne agus crann cosanta anam agus aigne cine Gaedheal. Is dual sinsir dúinn gan í do leigean uainn. Gach aon cine bhíonn iarraidh saoirse do bhaint amach dóibh fein coimeádaid siad greim daingean diúid ar a dteangain agus níor claoidheadh riamh aon náisiún do choimeád a dteanga dhuthchais. Ní féidir an sean-fhocal do shárughadh — “Teanga saor-aicme chlaoidheas i mbéalaibh daor-aicme claoidhte, go dtí sin ní daoirse.” Le congnamh na gcomhairlí bpoiblidhe go léir nách mór atá lucht na Gaedhilge tar éis a chur i n-áirighthe ná leigfear aoinne isteach in Iolsgoil na hÉireann feasta muna mbeidh Gaedhealg aige. Ós éigean do dhuine Gaedhealg do bheith aige roimh dhul isteach san Iolsgoil dó badh chóir go mbeadh an Ghaedhealg ina príomh-adhbhar léighinn ins na coláistibh agus ins na hárd- sgoileannaibh agus ina gnáth-adhbhar léighinn riachtanach ins na bun-sgoileannaibh. Go deimhin badh chóir go mbeadh deallramh fíor-Ghaedhealach ar sgoluigheacht na hÉireann ar fad i gceann cúpla bliadhain. Acht siúd is gur mór an misneach dhúinn féachaint siar ar an méid bóthair atá curtha dhínn againn is tairbhighe go mór dúinn agus is riachtanaighe féachaint romhainn ar na constaicí móra go bhfuil orainn gabháil thársa fós. Atá comhairlí ceannais sgoluigheachta sa tslighe orainn agus iad go namhadmhar agus fuadar nimhe fuatha. Atá Comhairle na Bun-sgoluigheachta cuir i gcás. Na coláistí atá ar sgáth na Comhairle sin, tháinig asta i mbliadhna cúig chéad agus seacht múinteoirií déag ar fhichid agus gan ortha sa acht triúr is cheithre fichid ábalta ar an nGaedhilg do mhúineadh. Atá lucht na Gaedhilge lán-deimhnightheach nach féidir sgoileanna na hÉireann do Ghaedhealughadh choidhche muna ndéantar léigheann Ghaedhlach agus tabhairt suas Gaedhlach do chur ar na múinteoirí bheidh ag seoladh na sgoileanna sin uair éigin, agus atá lucht na Gaedhilge ag brath ar congnamh ó mhuintir na hÉireann san iarracht atáid siad do dhéanamh ar a chur d'fhiachaibh ar Chomhairle na Bun-sgoiluigh- eachta gan aenne do leigean isteach i n-aon cheann des na coláistí sin aca gan teanga éigin eile seachas Béarla do bheith aige ar dtúis agus léighean sa teangain eile sin do chur air faid a bheidh sé ar an gcoláiste. Dá n-eiridheadh an ní sin le lucht na Gaedhilge is í dara teanga do thoghfadh furmhór na múinteoirí ná an Ghaedhealg agus ar theacht as na coláistí dhóibh do bheidís ábalta ar an nGaedhilg do mhúineadh sa cheart agus na sgoileanna do Ghaedhealughadh amuich is amach. Ní féidir fíor- sgoluigheacht do chur ar siubhal is na háiteanna ina labhartar Gaedhealg agus Béarla go dtí go mbeidh múinteoirí againn bheidh ábalta ar gach aon ní do mhúineadh tré Ghaedhilg agus tré Bhéarla, acht níl an Chomhairle seo againn toil- teanach ar a leithéid do sholáthar dúinn. A bhuidhe le lucht na Gaedhilge, ámh, do chuir na coláistí Gaedhealacha ar bun, agus leis na múinteoirí 'na bhfuil de mhéid a ngeana le Gaedhilg agus le Gaedhlaibh go dtéid siad chum na gcoláistí sin, atá roinnt bheag múinteoirí againn 'na bhfuil eolas maith ar réim an dá theangadh aca agus atáid siad ag dul i líon- mhaireacht in aghaidh na bliadhna. Acht atá dian- ghábhadh leis na céadta eile dá samhail i gcóir na Gaedhltachta mar a bhfuil na daoine ag dul ó thaithighe do dhéanamh den Ghaedhilg do labhairt agus le n-a linn sin gur beag má tá ní ar bith ghá dhéanamh ag an gComhairle seo againn chum cosg dho chur leis an meathlughadh sin na Gaedhilge. Agus na daoine do chuirfeadh cosg leis .i. lucht na Gaedhilge, is beag le rádh an congnamh do-gheibhid siad ó chríochaibh saidhbhre na hÉireann. Do-gheobhaimís obair do oiread eile timthirí agus múinteoirí Gaedhilge agus dá thuilleadh dá mbeadh an t-airgead oireamhnach againn, acht níl. Ní fada anois go mbeidh cuntaisí bliadhna an airgid dá socrughadh againn agus mar is gnáth linn do dhéanamh gach bliadhain atáimíd ag iarraidh tuilleadh airgid i dtreo go bhféadfaimíd leanmhaint ar an obair níos déine agus níos fóirleitheadamhla 'ná riamh. Aenne gur mhaith leis teanga na hÉireann do leathadh ar fud na hÉireann, badh cheart dó teacht dár gcabhair sa chath agus airgead do sholáthar dúinn. Atá an teanga sin i mbaoghal in a dainginibh féin, agus badh mhaith linn tuilleadh timthirí agus múinteoirí do sheoladh chúichi dá furtacht. A gcabhrócha tusa linn, a léightheóir, chum a dhéanta sin? Siar cois fairrge agus ar imeall bhórdaibh sléibhte is ann is mó labhartar Gaedhealg, agus siúd is go bhfuil furmhór lucht a labhartha go dealbh is fial sin thugaid uatha gach cóir chatha. Tháinig chughainn anuraidh ó Chontae Mhuigheo £150, agus ó Chiarraighe £115, agus ó'n gClár breis is £116, gan trácht ar an méid do caitheadh ins na háiteanna sin ar an nGaedhilg do mhúineadh. Ní tháinig ós na cúntaethibh saidhbhre ámhthach oiread is badh chóir do theacht uatha. Ní gábhadh dhúinn mórán do rádh leis na seadairí bhí ag síor-obair ar son na Gaedhilge. Níl aon bhliadhain dá dtagann ná go dtugaid siad uatha deimhniughadh éigin ar a ndílse. Is mór de dhuadh na hoibre do-gheibhid siad i rith na bliadhna acht nuair thagann seachtmhain na Gaedhilge bíd siad ollamh ar aghaidh do thabhairt ar gach aon deacaracht d'fhonn ciste na Gaedhilge do líonadh. Atáimíd ghá iarraidh ortha i mbliadhna a dhá oiread nirt agus fuinimh do chur ins gach iarracht dá ndéanfaid siad. Bhadh mhaith linn céim mhór do thabhairt ar aghaidh, agus is le n-a gcongnamh sin amháin fhéadfaimid é do dhéanamh. Atá dóchas againn mar sin go ndéanfaid ár gcomh-obrightheoirí i nÉirinn agus sa Bhreatain Mhóir éisteacht go haireach leis an nglaodh so thar caladh agus tosnughadh lom láithreach agus a ndícheall do dhéanamh ar níos mó airgid do bhiliughadh i gcóir na Gaedhilge i mbliadhna 'ná mar do bailigheadh fós riamh. Sinn-ne, Dubhghlas de hÍde, Uachtarán. Pádruig Ó Dálaigh, Árdrúnaidhe. Stiophán Bairéad, Cisteoir.
19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services