Seachtmhain na Gaedhilge.
Do Chineadh Ghaedheal.
Bíodh go bhfuil lucht poilitidheachta agus
fothram agus gleó aca agus lucht oibre agus
iad ar buaidhreamh, is éigean dúinn-ne, atá
ag labhairt i bpáirt teanga na hÉireann
d'aithbheochaint, ár nguth d'árdughadh i dtreo
go mbadh soiléire cloisfear é 'na riamh.
Is beag dream san aimsir seo go raibh níos
mó deacarachta 'na ngó 'ná mar atá i ngnó
lucht na Gaedhilge agus siúd is go bhfuil san
amhlaidh is beag dream in aon chor gur eirigh
leo chomh maith is d'eirigh le lucht na Gaedhilge.
Sara dtáinig lucht na Gaedhilge do chosaint
is fánach duine nár chuma leis cá ndeintí a
chuid éadaigh mó na hearraidhe do bhíodh ina
thigh aige. Do caithtí na milliúin púnt gach
bliadhain ar earraidhibh Gallda gan aon
chuimhneamh ar cia aca díoghbháil nó maitheas do
dhéanfadh sé dÉirinn, go dtí gur chuir lucht
na Gaedhilge 'na luighe ar na daoine gurab é a
leas é, agus go raibh se de dhualgas ortha
earraidhe na hÉireann do cheannach. Le cúig
bliadhna déag anuas ní hamháin go bhfuilimíd
ghá theagasg dos na daoine a riachtanaighe
atá sé dhóibh an Ghaedhealg do bhuan-choimeád
acht atáimíd ghá shíor-theagasg dóibh go bhfuil
sé ceangailte ortha gan acht earraidhe na
hÉireanann do cheannach, agus an té 'nar móide
sochar a ghnótha an teagasg sin ní foláir nó
is suarach an tÉireannach é má's rud é ná
cabhróchaidh sé linn agus gur sinn-ne fé ndeara
tuilleadh éilimh do bheith ar a chuid earraidhe.
Lucht na Gaedhilge fé ndeara muintear na
hÉireann do bheith chomh mór i bhfabhar earraidhe
Ghaedhealacha do cheannach is atáid. Go dtí go
dtáinig lucht na Gaedhilge do bhí sé de nós ag
cách uile nách mór gan acht earraidhe anall ó
shean-Shasana nó ó thíorthaibh eile do cheannach.
Is mór an t-atharughadh atá curtha againn-ne
ar an sgéal agus d'atharóchaimís tuilleadh é
dá bhfaighmís an congnamh is dual dúinn ó chách
agus go mór mór ós na daoinibh 'na bhfuil breis
éilimh ar a gcuid earraidhe de bhárr ár dteagaisg.
Is é bunphréamh na hoibre againn, ámh, ná
an Ghaedhealg do choimeád ina beathaidh agus
do leathadh ar fuaid na hÉireann. Is í an
Ghaedhealg comhartha so-aithne agus crann
cosanta anam agus aigne cine Gaedheal. Is
dual sinsir dúinn gan í do leigean uainn.
Gach aon cine bhíonn iarraidh saoirse do
bhaint amach dóibh fein coimeádaid siad greim
daingean diúid ar a dteangain agus níor
claoidheadh riamh aon náisiún do choimeád a
dteanga dhuthchais. Ní féidir an sean-fhocal do
shárughadh —
“Teanga saor-aicme chlaoidheas i mbéalaibh
daor-aicme claoidhte, go dtí sin ní daoirse.”
Le congnamh na gcomhairlí bpoiblidhe go léir
nách mór atá lucht na Gaedhilge tar éis a chur
i n-áirighthe ná leigfear aoinne isteach in Iolsgoil
na hÉireann feasta muna mbeidh Gaedhealg aige.
Ós éigean do dhuine Gaedhealg do bheith aige
roimh dhul isteach san Iolsgoil dó badh chóir
go mbeadh an Ghaedhealg ina príomh-adhbhar
léighinn ins na coláistibh agus ins na hárd-
sgoileannaibh agus ina gnáth-adhbhar léighinn
riachtanach ins na bun-sgoileannaibh. Go deimhin
badh chóir go mbeadh deallramh fíor-Ghaedhealach
ar sgoluigheacht na hÉireann ar fad i gceann
cúpla bliadhain.
Acht siúd is gur mór an misneach dhúinn
féachaint siar ar an méid bóthair atá curtha
dhínn againn is tairbhighe go mór dúinn
agus is riachtanaighe féachaint romhainn ar na
constaicí móra go bhfuil orainn gabháil thársa
fós. Atá comhairlí ceannais sgoluigheachta
sa tslighe orainn agus iad go namhadmhar agus
fuadar nimhe fuatha.
Atá Comhairle na Bun-sgoluigheachta cuir
i gcás. Na coláistí atá ar sgáth na Comhairle
sin, tháinig asta i mbliadhna cúig chéad agus
seacht múinteoirií déag ar fhichid agus gan
ortha sa acht triúr is cheithre fichid ábalta ar an
nGaedhilg do mhúineadh. Atá lucht na Gaedhilge
lán-deimhnightheach nach féidir sgoileanna na
hÉireann do Ghaedhealughadh choidhche muna ndéantar
léigheann Ghaedhlach agus tabhairt suas Gaedhlach
do chur ar na múinteoirí bheidh ag seoladh na
sgoileanna sin uair éigin, agus atá lucht na
Gaedhilge ag brath ar congnamh ó mhuintir
na hÉireann san iarracht atáid siad do dhéanamh
ar a chur d'fhiachaibh ar Chomhairle na Bun-sgoiluigh-
eachta gan aenne do leigean isteach i n-aon
cheann des na coláistí sin aca gan teanga
éigin eile seachas Béarla do bheith aige ar
dtúis agus léighean sa teangain eile sin do
chur air faid a bheidh sé ar an gcoláiste. Dá
n-eiridheadh an ní sin le lucht na Gaedhilge is
í dara teanga do thoghfadh furmhór na múinteoirí
ná an Ghaedhealg agus ar theacht as na coláistí
dhóibh do bheidís ábalta ar an nGaedhilg do
mhúineadh sa cheart agus na sgoileanna do
Ghaedhealughadh amuich is amach. Ní féidir fíor-
sgoluigheacht do chur ar siubhal is na háiteanna
ina labhartar Gaedhealg agus Béarla go dtí
go mbeidh múinteoirí againn bheidh ábalta ar gach
aon ní do mhúineadh tré Ghaedhilg agus tré
Bhéarla, acht níl an Chomhairle seo againn toil-
teanach ar a leithéid do sholáthar dúinn. A
bhuidhe le lucht na Gaedhilge, ámh, do chuir na
coláistí Gaedhealacha ar bun, agus leis na
múinteoirí 'na bhfuil de mhéid a ngeana le
Gaedhilg agus le Gaedhlaibh go dtéid siad chum
na gcoláistí sin, atá roinnt bheag múinteoirí
againn 'na bhfuil eolas maith ar réim an dá
theangadh aca agus atáid siad ag dul i líon-
mhaireacht in aghaidh na bliadhna. Acht atá dian-
ghábhadh leis na céadta eile dá samhail i gcóir
na Gaedhltachta mar a bhfuil na daoine ag
dul ó thaithighe do dhéanamh den Ghaedhilg do
labhairt agus le n-a linn sin gur beag má tá
ní ar bith ghá dhéanamh ag an gComhairle seo againn
chum cosg dho chur leis an meathlughadh sin na
Gaedhilge. Agus na daoine do chuirfeadh cosg
leis .i. lucht na Gaedhilge, is beag le rádh an
congnamh do-gheibhid siad ó chríochaibh saidhbhre
na hÉireann. Do-gheobhaimís obair do oiread
eile timthirí agus múinteoirí Gaedhilge agus dá
thuilleadh dá mbeadh an t-airgead oireamhnach
againn, acht níl. Ní fada anois go mbeidh
cuntaisí bliadhna an airgid dá socrughadh againn
agus mar is gnáth linn do dhéanamh gach bliadhain
atáimíd ag iarraidh tuilleadh airgid i dtreo go
bhféadfaimíd leanmhaint ar an obair níos
déine agus níos fóirleitheadamhla 'ná riamh.
Aenne gur mhaith leis teanga na hÉireann do
leathadh ar fud na hÉireann, badh cheart dó
teacht dár gcabhair sa chath agus airgead do
sholáthar dúinn. Atá an teanga sin i mbaoghal
in a dainginibh féin, agus badh mhaith linn tuilleadh
timthirí agus múinteoirí do sheoladh chúichi dá
furtacht. A gcabhrócha tusa linn, a léightheóir,
chum a dhéanta sin? Siar cois fairrge agus
ar imeall bhórdaibh sléibhte is ann is mó labhartar
Gaedhealg, agus siúd is go bhfuil furmhór lucht
a labhartha go dealbh is fial sin thugaid uatha
gach cóir chatha. Tháinig chughainn anuraidh ó
Chontae Mhuigheo £150, agus ó Chiarraighe £115, agus
ó'n gClár breis is £116, gan trácht ar an
méid do caitheadh ins na háiteanna sin ar an
nGaedhilg do mhúineadh. Ní tháinig ós na
cúntaethibh saidhbhre ámhthach oiread is badh chóir
do theacht uatha.
Ní gábhadh dhúinn mórán do rádh leis na
seadairí bhí ag síor-obair ar son na Gaedhilge.
Níl aon bhliadhain dá dtagann ná go dtugaid
siad uatha deimhniughadh éigin ar a ndílse. Is
mór de dhuadh na hoibre do-gheibhid siad i rith
na bliadhna acht nuair thagann seachtmhain na
Gaedhilge bíd siad ollamh ar aghaidh do thabhairt
ar gach aon deacaracht d'fhonn ciste na Gaedhilge
do líonadh. Atáimíd ghá iarraidh ortha i mbliadhna
a dhá oiread nirt agus fuinimh do chur ins
gach iarracht dá ndéanfaid siad. Bhadh mhaith
linn céim mhór do thabhairt ar aghaidh, agus
is le n-a gcongnamh sin amháin fhéadfaimid é
do dhéanamh.
Atá dóchas againn mar sin go ndéanfaid ár
gcomh-obrightheoirí i nÉirinn agus sa Bhreatain
Mhóir éisteacht go haireach leis an nglaodh so
thar caladh agus tosnughadh lom láithreach agus
a ndícheall do dhéanamh ar níos mó airgid do
bhiliughadh i gcóir na Gaedhilge i mbliadhna
'ná mar do bailigheadh fós riamh.
Sinn-ne,
Dubhghlas de hÍde, Uachtarán.
Pádruig Ó Dálaigh, Árdrúnaidhe.
Stiophán Bairéad, Cisteoir.