Historical Irish Corpus
1600 - 1926
Historical Dictionary of Irish
Search the corpus
Browse the Text Archive 1600-1926
Sgéala ó Ameiricá
Title
Sgéala ó Ameiricá
Author(s)
Giolla na Luaithe,
Pen Name
Giolla na Luaithe
Composition Date
1912
Publisher
An Claidheamh Soluis
Téacs
Comhad TEI
Gnáth-Théacs
Comhad ePub
Search Texts
Enter word/phrase
Search Type
Headword
Standardised
Exact match
Phrase
Word Type
All
Adjective
Noun
Preposition
Pronoun
Verb
Verbal Noun
Poetry/Prose
Both
Prose
Poetry
Set Dates
1600
1926
Sgéala ó Ameiricá. Is dearbh go bhfuil gleó agus ceól ghá dhéanamh ag na tosgairíbh annso agus do réir mar a chloisim ní staonfaid de go cionn tamaill. Má tá na Gaedhil annso 'n suan, dúiseochar iad agus b'fhéidir go mbainfidhe preab as cuid aca. Níor bhinne liom sgéal do chloisfinn. An séamhadh lá de'n mhí seo dorighneadh oireacht mór dóibh i Newark i Stát New Jersey agus do bhí cinn agus taoisigh an phobail do láthair. Is é bhí mar cheann comhairle .i. an Sirriam Ó Monacháin. Do thug aithne do'n sluagh ar an sagart binn-bhriathrach Micheál Ó Flannagáin agus 'na dhiaidh sin do thosnuigh ár mbille ar a innsint dóibh cad ba bhun leis an obair seo na Gaedhilge i nÉirinn. Níor stad ná níor staon go cionn uaire chluig agus ba mhinic ar feadh na haimsire sin dorighne an sluagh “gártha maoidhimh agus lúthgháire” ar chloisint dóibh cionnus do bhí an cath ghá chur ar Gallaibh i nÉirinn. Gurab é adubhairt lucht na bpáipéar ann a haithle an oireachta gur fada an lá nár cloiseadh a chomh-mhaith de chainteoir ins an áit sin agus go mbeadh fáilte is fiche roimhe aon uair feasta do gheobhadh an tslighe. Annsan do labhair Seaghán Leslí leo agus do chaith sé roinnt cainnte leó ná léigfidh ndear- mad go cionn tamaill geallaim díbh. Dorighneadh oireacht eile i mBayonne an seacht- mhadh lá agus do bhí an bheirt aca air arís. Do bhí sluagh mór daoine do láthair agus is é do bhí mar cheann ortha .i. an Maor Ó Cróinín. Do chuaidh sé go dtí an stáisiún 'na gcoinne mar aon le buidhin de na saighdiuiríbh dá ngoirthear “The Irish Volunteers” agus d'imrigheadar ceól as san go dtí an áit 'na ndearnadh an oireacht. Dorighne Seaghán Leslí seanchus dóibh ar sean-láimh-sgríbhnibh na hÉireann, a seandacht, a ndeiseacht, a mbreaghdhacht, agus adubhairt go raibh de dhualgas ar Ghaedhealaibh na haimsire seo leabhra do dhéanamh díobh. Annsan d'eirigh ár sagart sámh suairc agus dorighne an sluagh an oiread san gártha gurbh' éigin do fanamhaint 'na thost ar feadh a dó nó trí de nómantáibh. An chaint dorighne sé, ba chaint le héirim agus le héifeacht í, faobhar ar gach focal agus gan aon fhocal gan adbhar. “Inneósad daoibh an éacht atá déanta ag lucht na Gaedhilge,” ar sé. “Do chuireadar d'fhiachaibh ar lucht ceannuis an oideachais an Ghaedhealg do chur ghá múineadh i dtrí mhíle de sgoileannaibh agus ní fhógarfar an cath i leath-taoibh go múinfear í i ngach sgoil ó Dhún na nGall go bruach 'na Laoi.” Dorighne Domhnall Ó Conchubhar éacht agus gaisge i bProvidence i Stát Rhode Island .i. Feis mhór do dhéanamh ann an t-ochtmhadh lá de'n mhí seo. Do bhí Seaghán Leslí le bheith ar an bhfeis sin i dteannta ár sagairt acht tharla go raibh traochta taréis a ndearna de chaint ar an dá oireacht eile. Dorighneadh an Fheis ins an halla is mó dá bhfuil ann agus do bhí sé lán go bruach. Adeirthear go raibh dá mhíle duine ann. Do chuaidh an Maor agus Zanislaus Lee .i. National President American Irish History Society, agus daoine móra eile go dtí an stáisiún agus cóiste gan ceann (.i. Motor car) aca i gcoinne an tsagairt, agus d'árduigh- eadar leó é go dtí teach iostais mar a raibh suipéar mór ullamh aca dó. Thar éis dóibh an phroinn do chaitheamh do chuadar go dtí an Fheis agus dorighne an tAthair Micheál roinnt cainnte an oidhche sin gur dheacair a shárughadh ar bhinneas agus ar líomhthacht. Is fada a chuineochaidh muinntir Providence gur ghabh sé an tslighe. As san go Philadelphia dho fhéachaint cionnus do bhí ag éirighe leis an dream atá ag cur i gcóir chum oireacht mór do dheanamh dhóibh i mí na Márta agus thar n-ais go chathair Nua Eabhraigh i gcionn lae nó dhó arís. Atá an- chuid oibre le déanamh san oifig agus b'éigin do trí nó ceathair de laethibh do chur isteach ag deunamh léirighthe. Dorighne cuallacht ban dá ngoirtear “The American Daughters of Ireland” oireacht fáilte (.i. Reception) do ins an tigh iostais is mó agus is uaisle dá bhfuil annso .i. The Waldorf-Astoria Hotel, an ceathramhadh lá déag. Togha agus rogha ban na cathrach atá ar an gcuallacht so. Déanfaid oireacht eile an seachtmhadh lá fichead chum airgead do bhailiughadh agus beidh Seaghán Leslí ann chum óráid do dhéanamh. Dorighne Domhnall Ó Conchubhar Feis mhór i Worcester an cúigmhadh lá déag agus do bhí an bheirt ann. Is é is cathughadh le Domhnall anois go raibh an halla ró-chumhang do n-a raibh de dhaoinibh ann. Do thaithnigh an rinnce Gaedhealach agus an ceól caoin cathach leis an sluagh agus do chuireadar san i n-iumhail le gárthaibh móra. Ansan do chuaidh an Maor .i. Dáithí Ó Conaill, agus Micheal Ó Flannagáin agus Seaghán Leslí i n-áirde ar an árdán, agus do thug an Maor aithne dhóibh ar an bheirt tosgairí. Nuair d'eirigh an sagart chum labhartha do leigeadar “trí gártha ar cnuic,” agus ní shásóchadh “trí gártha” iad mar do leanadar de go dtáinig tochtán ortha agus b'éigin do Mhicheál fanamhaint 'na thost mar ní chloisfidhe a ghlór dá labharfadh le trumpa le méid an gleó. Ionnus gurab é adubhairt an “Worcester Evening Post” gur beag nár bhaineadar an ceann de'n tigh. Níor chuireadh a leithéid d'fháilte roimhe ó tháinig sé go hAmeiriocá. Do luigh sé chun na cainnte annsan agus níor stad go cionn leath uaire chluig, gur bhain gáire as a raibh de láthair nuair d'innis dóibh sgéalta do bhain do'n dream do chur chuallacht Cosnamha na Gaedhilge ar bun. Do leig an sluagh “trí gártha” arís nuair d'eirigh Seaghán Leslí chum a innsint dóibh gur gairid go mbeadh deireadh le réim lucht an Ghalldachais i nÉirinn. “Dob fhearr liom bheith im Gaedheal cham chlaon,” arsa sé, “na im Shasanach gan cháim. Agus dob' fhearr liom bheith im' pheacadh Gaedhealach ná im' Naomh Ghallda. Agus cé nár rugadh i nÉirinn mé, atá súil agam go bhfuighead bás i nÉirinn. Agus dob' fhearr liom bás le crochadh i nÉirinn ná bás le hadhairt i Sasana.” Do chuaidh an sagart go dtí Philadelphia an seachtmhadh lá déag agus do chuir de go dtí Buffalo oidhche an lae sin. Déanfar oireacht do féin agus do Sheaghán ann an cúigmhadh lá fichead. Iomthús Fhionáin, atá sé i mBuffalo i mbun an Teasbánaidh agus beidh ann go dtí an dara lá de mhí na Márta. Do réir na sgéala do tháinig uaidh atá ag eirghe go háluinn leis agus is mó an spéis a chuirtear ann anois ná riamh roimhe seo. Rachaidh sé as san go Blocks i Stát Indiano (is é is caill leis seo i dteanga na nIndiach .i. talamh na nIndiach) agus beidh ann ó'n tríomhadh lá de mhí na Márta go dtí an séamhadh la déag. Cloisim go bhfuil obair ag lucht an Teasbánaidh go dtí deireadh an Abráin. Is dóigh gurbh' iongnadh le n-a lán daoine a chlos go bhfuiltear ag déanamh an oiread airgid as an Teasbánadh so is a dhíolann costas na gCailín, costas Fhionáin, costas Dhomhnaill Uí Chonchubhair agus costas Mhichíl Uí Fhlannagáin, agus cuid mhaith airgid fágtha 'na dhiaidh sin go léir. Ba mhaith an smaoineamh ó'n sagart a thabhairt amach. Giolla na Luaithe. Cathair Nua Eabhraigh, 20:02:'12
19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services