Historical Irish Corpus
1600 - 1926

Sgéala ó Ameiricá

Title
Sgéala ó Ameiricá
Author(s)
Giolla na Luaithe,
Pen Name
Giolla na Luaithe
Composition Date
1912
Publisher
An Claidheamh Soluis

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926


Sgéala ó Ameiricá.



Is dearbh go bhfuil gleó agus ceól ghá dhéanamh
ag na tosgairíbh annso agus do réir mar a
chloisim ní staonfaid de go cionn tamaill.
Má tá na Gaedhil annso 'n suan, dúiseochar
iad agus b'fhéidir go mbainfidhe preab as cuid
aca. Níor bhinne liom sgéal do chloisfinn.



An séamhadh lá de'n mhí seo dorighneadh
oireacht mór dóibh i Newark i Stát New Jersey
agus do bhí cinn agus taoisigh an phobail do
láthair. Is é bhí mar cheann comhairle .i. an
Sirriam Ó Monacháin. Do thug aithne do'n
sluagh ar an sagart binn-bhriathrach Micheál
Ó Flannagáin agus 'na dhiaidh sin do thosnuigh
ár mbille ar a innsint dóibh cad ba bhun leis an
obair seo na Gaedhilge i nÉirinn. Níor stad
ná níor staon go cionn uaire chluig agus ba
mhinic ar feadh na haimsire sin dorighne an
sluagh “gártha maoidhimh agus lúthgháire” ar
chloisint dóibh cionnus do bhí an cath ghá chur ar
Gallaibh i nÉirinn. Gurab é adubhairt lucht
na bpáipéar ann a haithle an oireachta gur fada
an lá nár cloiseadh a chomh-mhaith de chainteoir
ins an áit sin agus go mbeadh fáilte is fiche
roimhe aon uair feasta do gheobhadh an tslighe.
Annsan do labhair Seaghán Leslí leo agus do
chaith sé roinnt cainnte leó ná léigfidh ndear-
mad go cionn tamaill geallaim díbh.



Dorighneadh oireacht eile i mBayonne an seacht-
mhadh lá agus do bhí an bheirt aca air arís. Do
bhí sluagh mór daoine do láthair agus is é do
bhí mar cheann ortha .i. an Maor Ó Cróinín. Do
chuaidh sé go dtí an stáisiún 'na gcoinne mar aon
le buidhin de na saighdiuiríbh dá ngoirthear
“The Irish Volunteers” agus d'imrigheadar
ceól as san go dtí an áit 'na ndearnadh an
oireacht. Dorighne Seaghán Leslí seanchus
dóibh ar sean-láimh-sgríbhnibh na hÉireann, a
seandacht, a ndeiseacht, a mbreaghdhacht, agus
adubhairt go raibh de dhualgas ar Ghaedhealaibh
na haimsire seo leabhra do dhéanamh díobh.



Annsan d'eirigh ár sagart sámh suairc agus
dorighne an sluagh an oiread san gártha gurbh'
éigin do fanamhaint 'na thost ar feadh a dó nó
trí de nómantáibh. An chaint dorighne sé,
ba chaint le héirim agus le héifeacht í, faobhar
ar gach focal agus gan aon fhocal gan adbhar.
“Inneósad daoibh an éacht atá déanta ag lucht
na Gaedhilge,” ar sé. “Do chuireadar d'fhiachaibh
ar lucht ceannuis an oideachais an Ghaedhealg
do chur ghá múineadh i dtrí mhíle de sgoileannaibh
agus ní fhógarfar an cath i leath-taoibh go múinfear
í i ngach sgoil ó Dhún na nGall go bruach 'na
Laoi.”



Dorighne Domhnall Ó Conchubhar éacht agus
gaisge i bProvidence i Stát Rhode Island
.i. Feis mhór do dhéanamh ann an t-ochtmhadh lá
de'n mhí seo. Do bhí Seaghán Leslí le bheith ar an
bhfeis sin i dteannta ár sagairt acht tharla
go raibh traochta taréis a ndearna de chaint
ar an dá oireacht eile. Dorighneadh an Fheis ins
an halla is mó dá bhfuil ann agus do bhí sé
lán go bruach. Adeirthear go raibh dá mhíle
duine ann.



Do chuaidh an Maor agus Zanislaus Lee .i.
National President American Irish History
Society, agus daoine móra eile go dtí an
stáisiún agus cóiste gan ceann (.i. Motor
car) aca i gcoinne an tsagairt, agus d'árduigh-
eadar leó é go dtí teach iostais mar a raibh
suipéar mór ullamh aca dó. Thar éis dóibh an
phroinn do chaitheamh do chuadar go dtí an Fheis
agus dorighne an tAthair Micheál roinnt
cainnte an oidhche sin gur dheacair a shárughadh
ar bhinneas agus ar líomhthacht. Is fada a
chuineochaidh muinntir Providence gur ghabh
sé an tslighe.



As san go Philadelphia dho fhéachaint
cionnus do bhí ag éirighe leis an dream atá ag
cur i gcóir chum oireacht mór do dheanamh dhóibh
i mí na Márta agus thar n-ais go chathair Nua
Eabhraigh i gcionn lae nó dhó arís. Atá an-
chuid oibre le déanamh san oifig agus b'éigin
do trí nó ceathair de laethibh do chur isteach ag
deunamh léirighthe.



Dorighne cuallacht ban dá ngoirtear “The
American Daughters of Ireland” oireacht
fáilte (.i. Reception) do ins an tigh iostais
is mó agus is uaisle dá bhfuil annso .i. The
Waldorf-Astoria Hotel, an ceathramhadh lá
déag. Togha agus rogha ban na cathrach atá ar
an gcuallacht so. Déanfaid oireacht eile an
seachtmhadh lá fichead chum airgead do bhailiughadh
agus beidh Seaghán Leslí ann chum óráid do
dhéanamh.



Dorighne Domhnall Ó Conchubhar Feis mhór i
Worcester an cúigmhadh lá déag agus do bhí
an bheirt ann. Is é is cathughadh le Domhnall
anois go raibh an halla ró-chumhang do n-a raibh
de dhaoinibh ann. Do thaithnigh an rinnce
Gaedhealach agus an ceól caoin cathach leis an
sluagh agus do chuireadar san i n-iumhail le
gárthaibh móra.



Ansan do chuaidh an Maor .i. Dáithí Ó
Conaill, agus Micheal Ó Flannagáin agus
Seaghán Leslí i n-áirde ar an árdán, agus do
thug an Maor aithne dhóibh ar an bheirt tosgairí.
Nuair d'eirigh an sagart chum labhartha do
leigeadar “trí gártha ar cnuic,” agus ní
shásóchadh “trí gártha” iad mar do leanadar
de go dtáinig tochtán ortha agus b'éigin do
Mhicheál fanamhaint 'na thost mar ní chloisfidhe
a ghlór dá labharfadh le trumpa le méid an gleó.
Ionnus gurab é adubhairt an “Worcester
Evening Post” gur beag nár bhaineadar an
ceann de'n tigh. Níor chuireadh a leithéid
d'fháilte roimhe ó tháinig sé go hAmeiriocá.
Do luigh sé chun na cainnte annsan agus níor
stad go cionn leath uaire chluig, gur bhain
gáire as a raibh de láthair nuair d'innis dóibh
sgéalta do bhain do'n dream do chur chuallacht
Cosnamha na Gaedhilge ar bun.



Do leig an sluagh “trí gártha” arís nuair
d'eirigh Seaghán Leslí chum a innsint dóibh gur
gairid go mbeadh deireadh le réim lucht an
Ghalldachais i nÉirinn. “Dob fhearr liom
bheith im Gaedheal cham chlaon,” arsa sé, “na
im Shasanach gan cháim. Agus dob' fhearr liom
bheith im' pheacadh Gaedhealach ná im' Naomh
Ghallda. Agus cé nár rugadh i nÉirinn mé, atá
súil agam go bhfuighead bás i nÉirinn. Agus
dob' fhearr liom bás le crochadh i nÉirinn ná
bás le hadhairt i Sasana.”



Do chuaidh an sagart go dtí Philadelphia an
seachtmhadh lá déag agus do chuir de go dtí
Buffalo oidhche an lae sin. Déanfar oireacht
do féin agus do Sheaghán ann an cúigmhadh lá
fichead.



Iomthús Fhionáin, atá sé i mBuffalo i mbun
an Teasbánaidh agus beidh ann go dtí an dara
lá de mhí na Márta. Do réir na sgéala do
tháinig uaidh atá ag eirghe go háluinn leis agus
is mó an spéis a chuirtear ann anois ná riamh
roimhe seo. Rachaidh sé as san go Blocks i
Stát Indiano (is é is caill leis seo i dteanga na
nIndiach .i. talamh na nIndiach) agus beidh ann
ó'n tríomhadh lá de mhí na Márta go dtí an
séamhadh la déag. Cloisim go bhfuil obair
ag lucht an Teasbánaidh go dtí deireadh an
Abráin.



Is dóigh gurbh' iongnadh le n-a lán daoine a
chlos go bhfuiltear ag déanamh an oiread airgid
as an Teasbánadh so is a dhíolann costas na
gCailín, costas Fhionáin, costas Dhomhnaill
Uí Chonchubhair agus costas Mhichíl Uí Fhlannagáin,
agus cuid mhaith airgid fágtha 'na dhiaidh sin go
léir. Ba mhaith an smaoineamh ó'n sagart a
thabhairt amach.



Giolla na Luaithe.



Cathair Nua Eabhraigh, 20:02:'12

19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services