Historical Irish Corpus
1600 - 1926
Historical Dictionary of Irish
Search the corpus
Browse the Text Archive 1600-1926
Cúrsaí an tSaoghail - Cad do dhéanfaidh an Gaedheal?
Title
Cúrsaí an tSaoghail - Cad do dhéanfaidh an Gaedheal?
Author(s)
Ní Dhonnchadha, Cáit,
Composition Date
1912
Publisher
An Claidheamh Soluis
Téacs
Comhad TEI
Gnáth-Théacs
Comhad ePub
Search Texts
Enter word/phrase
Search Type
Headword
Standardised
Exact match
Phrase
Word Type
All
Adjective
Noun
Preposition
Pronoun
Verb
Verbal Noun
Poetry/Prose
Both
Prose
Poetry
Set Dates
1600
1926
Cúrsaí an tSaoghail. Cad do dhéanfaidh an Gaedheal? Is beag duine i nÉirinn fé láthair ná fuil súil i n-áirde aige féachaint cad do thiocfaidh de bhárr na feise nua so atá geallta dúinn. Ní'l pioc dá mhearaidhe orainn ná go mbéarfaidh atharú mór sinn dá dhéine a cuirfear n-a choinnibh. Ní gan duadh bainfear maitheas as an atharú so má's áil linn a riaradh le cóir. Acht cá bhfuil an duine gur leasc leis duadh do ghabháil air féin nuair a bheadh súil aige a shaoirse do bhuadhachaint dá bhárr. An té atá dílis dá dhuthchas is eól do a neamhthairbhighe dhó bheith ag braith ar an bhfeis chun gach dualgas dá thír do chomhlíonadh. Ní dhéanfaidh riaghaltas dá fheabhas ár ngearán a leigheas. Raghaidh sí i leas dúinn do réir mar a riarfaimid í. Is mairg, dar liom, gan muintir na hÉireann ar aon toil i dtaobh na feise seo. Minic cheana galar an easaontais dár lot is dár ndeighilt ó n-a chéile. Nach shin é a thoradh go léir i ngach lic dár seanachus, an seana-aos agus an t-aos óg i n-achrann i na chéile le neamhthruaghmhéil agus bláth ár sean ag imtheacht san uaigh fé tháir an chinidh atá ag teacht n-a ndiaidh, go bhfuil atharrach saoghail agus atharrach treó ortha seachus a sinnsear do lonnuigh abhus fé'n síor-achrann. Acht cad tá sa saoghal so n-a bhfuilimíd acht an síor-atharú. Leis an intinn sin do céad- chúmadh é. Ní leómhfar d'aon-nídh ar neamh ná ar thalamh — fiú fé Dhia amháin — gan a bheag nó a mhór d'atharú do dhul air i n-aghaidh an lae chomh fada agus a théidheann eolas an duine ar imtheachtaibh a Thighearna. Tá an síor-atharú soin ag breith an nádúr ó thosach is dá riaradh le cóir ó shoin in leith. Is maith leis an duine claoidhe leis an saoghal go ndeaghaidh n-a thaithighe; is deacair dó an sean-nós do mhalartughadh ar nós nua dá fheabhas é; is leasc leis cúl a thabhairt ar saoghal atá ar a eólas chun dul i dtathaighe an tsaoghail atá ain-eólach air. Acht ní'l dul uaidh aige, agus má's duine le tuiscint é, beidh a leas ar an gcuma go mearbhuigheann sé roimhis an fhaid is do ghabhann le hatharú an lae chuige. Cad é mar a bhéarfadh chun suaimhnis furmhór de gach glúin dár gcineadh breis foidhne do bheith aca chun a chéile agus dul dá ndeóin le himtheachtaibh an tsaoghail fébh mar a bheireann ortha. Nach é an scrios é a liach díobh a thugann bláth a saoghail fé shaothar dá ndúthchas agus searbhas, maille le héadóchas, dá mbreith — ar leabaidh a mbáis — an searbhas de dheascaibh ar dheineadar do bheith curtha ó thairbhthe, dar leó, agus an t-éadóchas dá ngabháil de bhrigh gur bh'eagal leo an aindeise a bheith oighrighthe ar a dtír. Acht ar theacht na feise nua so fóirfidh sí mar comhartha ceangail dúinn chun sinn féin d'iomchar ar mhaithe linn féin agus ar mhaithe le nár dtír. Is suarcch is fiú dhúinn bheith ag braith air go mbeimíd ar dheighilt ó Shasanna i láthair na huaire, agus a dheallramh air ná beidh an sgéal amhlaidh, againn an fhaid agus a leanfaidh a chomhacht di siúd. Táid cainteóirí an Bhéarla dá athchuinge orainn bheith dílis dár nduthchas. Leamh dúinn bheith ag síorchaint i mBéarla bhláthmhar bhriochtshnuighthe is dá rádh nach Sasannaigh sinn! Cad a bheidh n-a chomhartha orainn gur Gaedhil sinn sa tráth atá ag teacht. Mara mbíonn ár gcaint féin againn is beag meas a bheidh ag an bhfear thall orainn. Acht ní dhéanfaidh Gaedhilg amháin slacht agus treó a chur ar chúrsaibh na tíre; ní fuláir tabhairt suas ar fheabhas, maille le tuiscint agus ciall, bheith againn. 'Sé tuairim a lán má bhíonn Gaedhilg againn nár lugha linn sioc samhraidh ná an saoghal a bhogadh léi! Ní mó ná maith a dheineann Críostaighe don tsórd soin. Cáit Ní Dhonnchadha.
19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services