Historical Irish Corpus
1600 - 1926

Cúrsaí an tSaoghail - Cad do dhéanfaidh an Gaedheal?

Title
Cúrsaí an tSaoghail - Cad do dhéanfaidh an Gaedheal?
Author(s)
Ní Dhonnchadha, Cáit,
Composition Date
1912
Publisher
An Claidheamh Soluis

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926


Cúrsaí an tSaoghail.



Cad do dhéanfaidh an Gaedheal?



Is beag duine i nÉirinn fé láthair ná fuil
súil i n-áirde aige féachaint cad do thiocfaidh
de bhárr na feise nua so atá geallta dúinn.
Ní'l pioc dá mhearaidhe orainn ná go mbéarfaidh
atharú mór sinn dá dhéine a cuirfear n-a choinnibh.
Ní gan duadh bainfear maitheas as an atharú
so má's áil linn a riaradh le cóir. Acht cá
bhfuil an duine gur leasc leis duadh do ghabháil
air féin nuair a bheadh súil aige a shaoirse do
bhuadhachaint dá bhárr. An té atá dílis dá
dhuthchas is eól do a neamhthairbhighe dhó bheith ag
braith ar an bhfeis chun gach dualgas dá thír do
chomhlíonadh. Ní dhéanfaidh riaghaltas dá fheabhas
ár ngearán a leigheas. Raghaidh sí i leas dúinn
do réir mar a riarfaimid í. Is mairg, dar liom,
gan muintir na hÉireann ar aon toil i dtaobh
na feise seo. Minic cheana galar an easaontais
dár lot is dár ndeighilt ó n-a chéile. Nach
shin é a thoradh go léir i ngach lic dár seanachus,
an seana-aos agus an t-aos óg i n-achrann
i na chéile le neamhthruaghmhéil agus bláth ár
sean ag imtheacht san uaigh fé tháir an chinidh
atá ag teacht n-a ndiaidh, go bhfuil atharrach
saoghail agus atharrach treó ortha seachus a
sinnsear do lonnuigh abhus fé'n síor-achrann.



Acht cad tá sa saoghal so n-a bhfuilimíd acht
an síor-atharú. Leis an intinn sin do céad-
chúmadh é. Ní leómhfar d'aon-nídh ar neamh ná
ar thalamh — fiú fé Dhia amháin — gan a bheag
nó a mhór d'atharú do dhul air i n-aghaidh an lae
chomh fada agus a théidheann eolas an duine ar
imtheachtaibh a Thighearna. Tá an síor-atharú
soin ag breith an nádúr ó thosach is dá riaradh
le cóir ó shoin in leith. Is maith leis an duine
claoidhe leis an saoghal go ndeaghaidh n-a thaithighe;
is deacair dó an sean-nós do mhalartughadh ar
nós nua dá fheabhas é; is leasc leis cúl a
thabhairt ar saoghal atá ar a eólas chun dul i
dtathaighe an tsaoghail atá ain-eólach air. Acht
ní'l dul uaidh aige, agus má's duine le tuiscint
é, beidh a leas ar an gcuma go mearbhuigheann
sé roimhis an fhaid is do ghabhann le hatharú
an lae chuige. Cad é mar a bhéarfadh chun
suaimhnis furmhór de gach glúin dár gcineadh
breis foidhne do bheith aca chun a chéile agus dul
dá ndeóin le himtheachtaibh an tsaoghail fébh
mar a bheireann ortha. Nach é an scrios é a liach
díobh a thugann bláth a saoghail fé shaothar dá
ndúthchas agus searbhas, maille le héadóchas,
dá mbreith — ar leabaidh a mbáis — an searbhas
de dheascaibh ar dheineadar do bheith curtha ó
thairbhthe, dar leó, agus an t-éadóchas dá
ngabháil de bhrigh gur bh'eagal leo an aindeise a
bheith oighrighthe ar a dtír. Acht ar theacht na feise
nua so fóirfidh sí mar comhartha ceangail dúinn
chun sinn féin d'iomchar ar mhaithe linn féin
agus ar mhaithe le nár dtír. Is suarcch is fiú
dhúinn bheith ag braith air go mbeimíd ar dheighilt
ó Shasanna i láthair na huaire, agus a dheallramh
air ná beidh an sgéal amhlaidh, againn an fhaid
agus a leanfaidh a chomhacht di siúd. Táid
cainteóirí an Bhéarla dá athchuinge orainn
bheith dílis dár nduthchas. Leamh dúinn bheith
ag síorchaint i mBéarla bhláthmhar bhriochtshnuighthe
is dá rádh nach Sasannaigh sinn! Cad a bheidh
n-a chomhartha orainn gur Gaedhil sinn sa tráth
atá ag teacht. Mara mbíonn ár gcaint féin
againn is beag meas a bheidh ag an bhfear thall
orainn. Acht ní dhéanfaidh Gaedhilg amháin
slacht agus treó a chur ar chúrsaibh na tíre; ní
fuláir tabhairt suas ar fheabhas, maille le
tuiscint agus ciall, bheith againn. 'Sé tuairim a
lán má bhíonn Gaedhilg againn nár lugha linn
sioc samhraidh ná an saoghal a bhogadh léi! Ní mó
ná maith a dheineann Críostaighe don tsórd soin.



Cáit Ní Dhonnchadha.

19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services