Historical Irish Corpus
1600 - 1926
Historical Dictionary of Irish
Search the corpus
Browse the Text Archive 1600-1926
Cúrsaí an tSaoghail - Ag Margaidheacht.
Title
Cúrsaí an tSaoghail - Ag Margaidheacht.
Author(s)
Cú Uladh,
Pen Name
Cú Uladh
Composition Date
1912
Publisher
An Claidheamh Soluis
Téacs
Comhad TEI
Gnáth-Théacs
Comhad ePub
Search Texts
Enter word/phrase
Search Type
Headword
Standardised
Exact match
Phrase
Word Type
All
Adjective
Noun
Preposition
Pronoun
Verb
Verbal Noun
Poetry/Prose
Both
Prose
Poetry
Set Dates
1600
1926
Cúrsaí an tSaoghail. Ag Margaidheacht. Tá muintear na hÉireann ar tí margadh dhéanamh le Seaghán Bhuidhe, má eirigheann leobhtha. Agus tá súil ag Seaghán chóir margadh dhéanamh leobhtha má eirigheann leis. Sé an rud a theas- tuigheann ó mhuintir na hÉireann an oiread de'n tsaoirse is is féidir leobhtha fhághail fá láthair, agus sé an rud a theastuigheann ó Sheaghán iad do shásughadh agus a laghad saoirse is is féidir do thabhairt dóbhtha agus an laghad duadha do chur ar féin. 'Deir muintear na nÉireann gur cineadh fá leith iad agus gur leobhtha an tír seo agus nach bhfuil de cheart ag Seaghán chur isteach ortha ar chor ar bith, acht ó thárla go bhfuil sé ann seo agus gréim tachta aige orainn go mbeidhmid sásta dé go fóill má bhogann sé a ghreim beagán aniar i modh gur féidir linn ar n-anál do tharraingt agus sos beag d'fhághail in ar saoghal féin. Nílmid ar aon inntinn ar fad fá'n méid fuasgalta do shásóchadh sinn agus níl muintear Sheagháin ar aon inntinn goidé an méid fuasgalta do shásóchadh sinn nó goidé an méid chaithfidh sé thabhairt dúinn le n-ár sásadh. Go dtí anois féin bhí cuid mhaith de mhuintir na hÉireann a rádh nach raibh faic dhe mhaith i rud ar bith acht saoirse iomlán agus neamh-thuillimeacht do'n tsaoghal mhór. Go dtí ar na moillibh fosda bhí muintear Sheagháin a rádh nach cineadh ar leith sinn ar chor ar bith acht dream de mhuintir a Impireachta féin; agus le corradh agus céad bliadhain d'imir siad a seacht ndícheall le cuimhne na cinidheachta do mhúchadh ionainn. Sin é an fáth ar cuireadh Acht an Aontuighthe i bhféidhm san bhliadhain 1800. Sin é an fáth ar cuireadh deireadh le cisde na hÉireann san bhliadhain 1817. Sin é an fáth ar cuireadh na sgolta Gallda ar bun 'san bhliadhain 1837. Sin é an fáth ar leigeadh do leath-mhilliún daoine bás d'fhághail leis an ghorta san bliaidhain 1847. Sin é an fáth ar tugadh lámh shaor do na tighearnaí talmhan cúpla milliún eile daoine do dhíbirt as an tír. Sin é an fáth ar 'dubhradh le Domhnall Ó Conaill, le Butt, agus le Parnell nach gcuirfidhe aon athrughadh ar Riaghaltas na hÉireann a choidhche nó go bráthach, ciaca d'fhóirfeadh an t-athrughadh d'Éirinn nó nach bhfóirfeadh. Acht má bhí Seaghán teann bhí Tadhg roighin agus tar éis céad bliadhan do throid is do chiapáil eatorra tá an bheirt aca anois ag cainnt ar shocrughadh do dhéanamh. Tuigeann Tadhg go bhfuil ag gabhail air go bhfuil sé ag eirghe lag agus a námha ag gabháil i neart agus go dteastuigheann seal spáis uaidh ar a laghad go nach n-éalóchaidh an t-anam as ar fad. Tuigeann Seaghán siúd is gur eirigh leis Éire do chur faoi chois nár eirigh leis inntinn na nGaedheal do chlaoidh nó fuath Gaedheal do mhaoladh. Tuigeann sé gur doras ar leathadh Éire do'n námhaid is déine atá aige amhail is mar bhí an cás i n-aimsir Bholf Tóin, agus tuigeann sé fosda gurab iomdha tuisle baintear as ins na tíor- thaibh i gcéin ag Gaedhealaibh thar lear. Tuigeann sé na ruda seo go rí-mhaith siúd is gur annamh leigeann sé air féin go dtuigeann. An Siuirsilleach ag cainnt ag Béilfeirsde an lá fá dheireadh thrácht sé ar na neithibh seo agus creathan ina ghlór ag smaoiteadh ortha dó. Is léir do chách anois go dtuigeann an bheirt úd a chéile .i. Tadhg agus Seaghán. Teastuigheann margadh éigin uatha araon agus sé a ghnó an margadh is fearr is féidir fhághail d'fhághail ó na chéile. Agus sin an locht atá agam ar cheann- portaibh na nGaedheal go bhfuil béal sgaoilte agus croidhe bog aca nuair theastuigheann béal dúnta agus croidhe teann uatha. Níl fhios againn go dtí anois goidé tá Seaghán ar tí tairgsint dúinn mar shocrughadh acht is fada an lá ó nochtuigh Seaghán Réamonn a aigne do'n domhan mhór. In Ameriocá agus i Sasanaibh luaidh sé na ruda nach dteastuigheann uainn, dar leis, agus b'fhada an liosta chuir sé síos. Agus an lá fá dheireadh arís i mBéil Feirsde chá raibh béal glic an tSiuirsillighe acht druidhte nuair phreab an Reámonnach 'na sheasamh agus dubhairt go béal-sgaoilteach agus go neamh-aineach gur ghlac sé le gach uile rud ar dubhairt an fear eile. Go bhfóiridh Dia orainn, goidé an seort fir dhéanta margaidh é an Réamonnach ar chor ar bith. Dá gcuirfinnse maor liom 'un aonaigh le bó do dhíol agus go nglacfadh sé go buidhe buidheach leis an chéad tairgsint a bhfuighbheadh sé ar an bhoin goidé an meas do bheadh agam air mar mhaor? Agus dá mbeadh sé a' sgairteadh amach ag gabhail an bhealaigh dhó 'un aonaigh nár theastuigh uaidh acht luach beag bídeach an mbéinn sásta dé mar mhaor ar a theacht 'na bhaile dó? Acht b'fhéidir go n-déanfar liom nach bhfuil gar dúinn ruda d'éileamh nach bhfuil rún ag Seaghán a thabhairt dúinn, na cána, cuir i gcás, agus obair thighe an phoist? Chuirfeadh sé mí-chomhgar ar Sheaghán na ruda sin a thabhairt uaidh agus ní thiubhraidh sé uaidh iad agus goidé an tairbhe dúinne bheith á n-iarraidh. Mo fhreagair ar sin go dteastuigheann na neidhthe sin uainn, agus gur ceart dúinn a n-éileamh agus bíodh ar Sheaghán a chás féin do phléidhe. Is maith is féidir leis labhairt ar a son féin agus ní lúigheann sé orainne a chás a phléidhe. Teastuigheann comhthrom agus ceart uainne, sé sin, saoirse iomlán in ár dtír féin agus taobh amuich dár dtír féin, agus badh cheart go mbeadh de mheisneach againn an méid sin do chur i dtuigsint do Sheaghán. Má thairgeann sé níos lugha ná an ceart dúinn b'fhéidir go mbadh críona an rud glacadh leis go fóill mura dtig linn an t-iomlán d'fhághail uaidh, acht ná bímís ró-bhog leis roimhe ré agus ná bímís fó-bhuidheach dé tar a éis. Má bheireann sé dadaidh uaidh is ar mhaithe leis féin a dhéanfaidh sé é. Agus níl ceart ar bith aige 'sa tír seo a bheag nó a mhór. Is fada siar an lá go mbeidh ár gcuid féin againn uaidh agus go nuige sin níl gar a bheith a' maoidheamh a chuid chinealtais ná a fhéile. Cú Uladh.
19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services