Cúrsaí an tSaoghail.
Ag Margaidheacht.
Tá muintear na hÉireann ar tí margadh
dhéanamh le Seaghán Bhuidhe, má eirigheann leobhtha.
Agus tá súil ag Seaghán chóir margadh dhéanamh
leobhtha má eirigheann leis. Sé an rud a theas-
tuigheann ó mhuintir na hÉireann an oiread
de'n tsaoirse is is féidir leobhtha fhághail fá
láthair, agus sé an rud a theastuigheann ó
Sheaghán iad do shásughadh agus a laghad saoirse
is is féidir do thabhairt dóbhtha agus an laghad
duadha do chur ar féin. 'Deir muintear na
nÉireann gur cineadh fá leith iad agus gur
leobhtha an tír seo agus nach bhfuil de cheart ag
Seaghán chur isteach ortha ar chor ar bith, acht
ó thárla go bhfuil sé ann seo agus gréim tachta
aige orainn go mbeidhmid sásta dé go fóill
má bhogann sé a ghreim beagán aniar i modh gur
féidir linn ar n-anál do tharraingt agus sos
beag d'fhághail in ar saoghal féin. Nílmid ar
aon inntinn ar fad fá'n méid fuasgalta do
shásóchadh sinn agus níl muintear Sheagháin ar
aon inntinn goidé an méid fuasgalta do
shásóchadh sinn nó goidé an méid chaithfidh sé
thabhairt dúinn le n-ár sásadh. Go dtí anois
féin bhí cuid mhaith de mhuintir na hÉireann
a rádh nach raibh faic dhe mhaith i rud ar bith
acht saoirse iomlán agus neamh-thuillimeacht
do'n tsaoghal mhór. Go dtí ar na moillibh fosda
bhí muintear Sheagháin a rádh nach cineadh ar leith
sinn ar chor ar bith acht dream de mhuintir a
Impireachta féin; agus le corradh agus céad
bliadhain d'imir siad a seacht ndícheall le
cuimhne na cinidheachta do mhúchadh ionainn. Sin é
an fáth ar cuireadh Acht an Aontuighthe i
bhféidhm san bhliadhain 1800. Sin é an fáth
ar cuireadh deireadh le cisde na hÉireann san
bhliadhain 1817. Sin é an fáth ar cuireadh na
sgolta Gallda ar bun 'san bhliadhain 1837.
Sin é an fáth ar leigeadh do leath-mhilliún
daoine bás d'fhághail leis an ghorta san
bliaidhain 1847. Sin é an fáth ar tugadh lámh shaor
do na tighearnaí talmhan cúpla milliún eile
daoine do dhíbirt as an tír. Sin é an fáth ar
'dubhradh le Domhnall Ó Conaill, le Butt, agus
le Parnell nach gcuirfidhe aon athrughadh ar
Riaghaltas na hÉireann a choidhche nó go bráthach,
ciaca d'fhóirfeadh an t-athrughadh d'Éirinn nó
nach bhfóirfeadh.
Acht má bhí Seaghán teann bhí Tadhg roighin
agus tar éis céad bliadhan do throid is do
chiapáil eatorra tá an bheirt aca anois ag
cainnt ar shocrughadh do dhéanamh. Tuigeann
Tadhg go bhfuil ag gabhail air go bhfuil sé ag
eirghe lag agus a námha ag gabháil i neart
agus go dteastuigheann seal spáis uaidh ar
a laghad go nach n-éalóchaidh an t-anam as ar
fad. Tuigeann Seaghán siúd is gur eirigh
leis Éire do chur faoi chois nár eirigh leis inntinn
na nGaedheal do chlaoidh nó fuath Gaedheal
do mhaoladh. Tuigeann sé gur doras ar leathadh
Éire do'n námhaid is déine atá aige amhail is
mar bhí an cás i n-aimsir Bholf Tóin, agus tuigeann sé fosda
gurab iomdha tuisle baintear as ins na tíor-
thaibh i gcéin ag Gaedhealaibh thar lear. Tuigeann
sé na ruda seo go rí-mhaith siúd is gur annamh
leigeann sé air féin go dtuigeann. An
Siuirsilleach ag cainnt ag Béilfeirsde an lá
fá dheireadh thrácht sé ar na neithibh seo agus
creathan ina ghlór ag smaoiteadh ortha dó.
Is léir do chách anois go dtuigeann an bheirt
úd a chéile .i. Tadhg agus Seaghán. Teastuigheann
margadh éigin uatha araon agus sé a ghnó an
margadh is fearr is féidir fhághail d'fhághail ó na
chéile. Agus sin an locht atá agam ar cheann-
portaibh na nGaedheal go bhfuil béal sgaoilte
agus croidhe bog aca nuair theastuigheann
béal dúnta agus croidhe teann uatha. Níl
fhios againn go dtí anois goidé tá Seaghán
ar tí tairgsint dúinn mar shocrughadh acht is
fada an lá ó nochtuigh Seaghán Réamonn a aigne
do'n domhan mhór. In Ameriocá agus i
Sasanaibh luaidh sé na ruda nach dteastuigheann
uainn, dar leis, agus b'fhada an liosta chuir sé
síos. Agus an lá fá dheireadh arís i mBéil
Feirsde chá raibh béal glic an tSiuirsillighe
acht druidhte nuair phreab an Reámonnach 'na
sheasamh agus dubhairt go béal-sgaoilteach agus
go neamh-aineach gur ghlac sé le gach uile rud
ar dubhairt an fear eile. Go bhfóiridh Dia
orainn, goidé an seort fir dhéanta margaidh é
an Réamonnach ar chor ar bith. Dá gcuirfinnse
maor liom 'un aonaigh le bó do dhíol agus
go nglacfadh sé go buidhe buidheach leis an
chéad tairgsint a bhfuighbheadh sé ar an bhoin
goidé an meas do bheadh agam air mar mhaor?
Agus dá mbeadh sé a' sgairteadh amach ag
gabhail an bhealaigh dhó 'un aonaigh nár theastuigh
uaidh acht luach beag bídeach an mbéinn sásta
dé mar mhaor ar a theacht 'na bhaile dó?
Acht b'fhéidir go n-déanfar liom nach bhfuil
gar dúinn ruda d'éileamh nach bhfuil rún ag
Seaghán a thabhairt dúinn, na cána, cuir i gcás,
agus obair thighe an phoist? Chuirfeadh sé
mí-chomhgar ar Sheaghán na ruda sin a thabhairt
uaidh agus ní thiubhraidh sé uaidh iad agus goidé
an tairbhe dúinne bheith á n-iarraidh. Mo
fhreagair ar sin go dteastuigheann na neidhthe
sin uainn, agus gur ceart dúinn a n-éileamh
agus bíodh ar Sheaghán a chás féin do phléidhe.
Is maith is féidir leis labhairt ar a son féin
agus ní lúigheann sé orainne a chás a phléidhe.
Teastuigheann comhthrom agus ceart uainne,
sé sin, saoirse iomlán in ár dtír féin agus
taobh amuich dár dtír féin, agus badh cheart
go mbeadh de mheisneach againn an méid sin
do chur i dtuigsint do Sheaghán. Má thairgeann
sé níos lugha ná an ceart dúinn b'fhéidir go
mbadh críona an rud glacadh leis go fóill
mura dtig linn an t-iomlán d'fhághail uaidh,
acht ná bímís ró-bhog leis roimhe ré agus ná
bímís fó-bhuidheach dé tar a éis. Má bheireann
sé dadaidh uaidh is ar mhaithe leis féin a dhéanfaidh
sé é. Agus níl ceart ar bith aige 'sa tír seo a
bheag nó a mhór. Is fada siar an lá go mbeidh
ár gcuid féin againn uaidh agus go nuige sin
níl gar a bheith a' maoidheamh a chuid chinealtais
ná a fhéile.
Cú Uladh.