Historical Irish Corpus
1600 - 1926
Historical Dictionary of Irish
Search the corpus
Browse the Text Archive 1600-1926
Feis Bhéil Feirsde
Title
Feis Bhéil Feirsde
Author(s)
Cú Uladh,
Pen Name
Cú Uladh
Composition Date
1912
Publisher
An Claidheamh Soluis
Téacs
Comhad TEI
Gnáth-Théacs
Comhad ePub
Search Texts
Enter word/phrase
Search Type
Headword
Standardised
Exact match
Phrase
Word Type
All
Adjective
Noun
Preposition
Pronoun
Verb
Verbal Noun
Poetry/Prose
Both
Prose
Poetry
Set Dates
1600
1926
Feis Bhéil Feirsde. Tá an Fheis seo thart agus ba mhór thairbheach an Fheis í. Is dóigh liom go mbéidh cunntas oifigeamhail agat ar thoradh na Feise, an méid bhaineann leis na comórtasaibh agus leis na duaiseannaibh agus ar an adhbhar sin chá thráchtaim ar an taoibh sin de'n obair, acht bhéarfaidh mé tuairisg in mo dhóigh féin ar roinn do ghnéithibh agus do bhuadhaibh na Feise. Bhí ós cionn 800 iontála acht bhí an chuid is mó aca san cheol,13970 san amhránaidheacht agus san rinnce. Mar sin féin bhí cuid mhaith comórtas san teangain agus san litridheacht, agus thuig gach uile dhuine do bhí ag an Fheis gur mhór an feabhas tháinig ar an Ghaedhilg i mBéal Feirsde i rith na bliadhna. Na comórtais a bhí ceaptha againn do na craobhachaibh agus do na sgoltachaibh Náisiúnta b'éigin dúinn iad sgaoileadh siar
mar nach raibh go leor iontála le comórtasaibh dlisdeanacha do dhéanamh. Fá dtaoibh de na craobhachaibh, ní dóigh liom go bhfuil siad ag obair comh maith is bhí siad anuraidh. Ar chuma ar bith na daoine atá ag staidéar ionnta b'fhearr leobhtha gabhail isteach ar chomórtas aonfhir na ar rangaibh ó'n chraoibh. Na sgoltacha Náisiúnta chá dearn siad mórán oibre ar chor ar bith agus an beagán a rinneadar b'fhearr leobhtha, is cosamhail, a dhéanamh ós ísiol agus i ngainfhios nó leigint do'n tsluagh fhághail amach go bhfuil siad ag obair. Ní'l gar a bheith ag ag caint leobhtha, mar labhair an tEaspog comh láidir leobhtha anuraidh is d'fhéadfadh duine labhairt leobhtha, agus is cosamhail nach bhfuil a dhath a mhaith ann. Comh fhad is tá an Bórd gránda taobh shiar daobhtha agus go dtuigeann na múinteoirí nach gcuirfear ró-chruaidh ortha fá'n Ghaedhilg rachaidh an Ghaedhilg ar leathtaoibh. An Bórd do bhriseadh agus cumhacht éigin do chur in'ionad a bhéas freagarthach do mhuintir na tíre, sin a bhfuil de léigheas ar an sgéal. Trí sgoltacha ar fad do chuir páisdí isteach i roinn na sgolaidheachta agus ó nach raibh siad ar aon chéim le chéile i gceachdar aca, b'éigin dúinn an comórtas leigint ar lár. Ach rinn- eamar comórtas nuadh do na páisdibh iad féin agus fuaramar amach go bhfuil na sgoltacha a chuir isteach na páisdí ag teagasg na Gaedhilge go breagh. Anuraidh chuir páisdí a tháinig ó Ghleann Airtheach iongantas ar a raibh i láthair ar fheabhas a nGaedhilge, acht i mbliadhna bhí an chraobh le gearr-chailíníbh ó sgoil Náisiúnta na mBan-riagalta ó Bhaile-Mhic Airt i mBéil Feirsde. Sgoil Náisiúnta eile do rug buaidh mór san teangain agus san cheol iseadh sgoil Naoimh Ioseph(gasúr) ó Lios na gCearrbhach. Thaisbeán an dá sgoil seo an méid is féidir a dhéanamh má tá fonn oibre ar na múinteoiribh. Is dóighthe go bhfuil an clár céadna le múnadh ins na sgoltachaibh seo is tá ins na sgoltachaibh eile agus eirigheann leobhtha an Ghaedhilg a thabhairt do na páisdíbh san am céadna. Agus chan eadh go dteag- asgann siad beagán de'n Gaedhilg do réir an chláir acht bheireann siad an teanga go beo binn blasta do na páisdibh. Dubhairt duine de na moltóiribh go raibh sé 'na mholtóir go minic ar Fheiseannaibh, cuid aca san Ghaedheal- tacht, agus nár casadh air go dtí sin cailíní de'n aois céadna a raibh Gaedhilg níos fearr aca na cailíní beaga Bhaile Mhic Airt. Mar sin cibé ar bith leithsgéal déantar ó na sgoltachaibh Náisiúnta is cinnte gur féidir an obair a dhéanamh ionnta ach' fonn oibre do bheith ar na múinteóiribh. Bhí suas le leath na gcomór- tasaidhthe ag an Fheis ó sgoltacha na mBráthar i mBéal Feirsde. Chá raibh comórtas sgoltach ar bhféidir leobhtha seo gabhail isteach air, acht bhí cuid aca istigh ar comórtasaibh eile in ar bhféidir tuairim a thabhairt ar a n-eolas ar Ghaedhilg. Is í an tuairim atá agam féin gur beag an méid Ghaedhilge múintear go fóill ins an sgoltachaibh seo. Tá ceol aca, tá rinnce aca, tá athriseoracht aca, tá stair aca, acht ní'l an Ghaedhilg aca. B'fhéidir go bhfuil mé cearr ins an tuairim sin agus chan fhuil ann acht tuairim ach' sin í mo thuairim-se. Agus ní thuigim an sgéal. Chan fhuil an Bórd Náisiúnta malluighthe ós a gcionn agus tá na Bráithre seo againn báidheamhail, agus an-bháidheamhail, do'n Gaedhilg agus tá na múinteoirí Gaedhilge aca, ach ní'l an Ghaedhilg ag na gasraibh nó ní'l mórán Gaedhilge aca. Goidé'n fáth nach mbeadh Gaedhilg ag gach gasúr ag sgol- tachaibh na mBráthar comh maith is tá ag na caiíníbh beaga ar sgoil na mBan-riaghalta Bhaile Mhic Airt, atá níos óige na iadsan agus nach bhfuil ag foghluim Gaedhilge níos mó 'na cúpla bliadhan? Tá lúb ar lár i n-áit éighinteach. Tá buachaillí na mBráthar ag teacht 'un na Feise le ceithre bliadhna; budh ceart go mbeadh siad 'na nGaedhilgeoiribh chliste anois. Cén uair a bhéidh siad 'na nGaedhilgeoiribh? Tá rud amháin buailte isteach in m'inntinn .i. go gcaithfidh an Coisde Ceanntair amharc i ndiaidh na sgoltacha níos mó na rinneadar go dtí anois, agus níos mó saothair a ghlacadh féachaint an bhfuil an Gaedhilg dhá múnadh dáiríribh ionnta. San sgéalaidheacht, san aithriseoracht, san damsadh, agus san cheol bhí biseach mór ar an obair i mbliadhna. Ins na comórtasaibh liteardha bhí níos mó comórtasaidhthe agus bhí an obair níos fearr aca. San drámaidheacht fuaramar mion-dráma amháin atá go maith. I roinn na staire; seo an chéad bhliadhain ar rinneadh an fomhadh i nGaedhilg agus d'eirigh linn go breagh. Cuirim chugat na ceis- teanna ar cuireadh ar na sinnsearaibh agus 'théidhfidh tú nach ró-bhog na ceisteanna iad ach' d'eirigh le buachaillibh ó Choláisde Naoimh Mhaolmhaodhoig iad d'fhuasgailt go measardha maith. Rud amháin do theastuigheann go mór uainn i ngach fheis i nÉirinn go mbeadh cothrom céime againn dha' sgrúdughadh ar fud na tíre i modh go dtuigfidhe an gabhail 'un tosaigh atá dhá dhéanamh gach uile bhliadhain agus i modh nach dtiubhraidhe duais d'aon duine gan gabhail ar aghaidh éighinteach déanta aige san bhliadhain. Is mithid do Choisde an Oireachtais tabhairt faoi'n obair seo agus buidhean do thabhairt le chéile do dhaoinibh stuamdha a bhfuil eolas ar fheisidheacht aca le réim fromhtha do cheapadh do na feiseannaibh. Is mór an chaill- eamhaint dúinn gan a leithéid do bheith againn. Tá mé ag cur chugat somplaí d'agallamh beirte, d'aithriseoracht, agus de cheisteannaibh staire a bhí againn ag an Fheis súil go gcuirfidh tú i gcló iad agus go mbéidh siad fóirstineach do lucht feise eile. Ní éigin duit iad do chur i gClaidheamh na seachtmhaine seo. Ó is againne i mBéal Feirsde céad fheis na bliadhna ní misde chur in umhail do dhaoinibh eile an obair a bhíonn ar cois againn. Is ceart domh a rádh sul a chríochnuighim go dtug Domhnall Ó Baoighill, timthire, cuidiughadh tábhachtach dúinn aismsir na Feise; agus gur thaitin ceol Sheamuis de Chlandilliúin go mór le gach duine ag an chuirm ceoil do bhí againn dia hAoine. Cú Uladh.
19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services