Historical Irish Corpus
1600 - 1926

Feis Bhéil Feirsde

Title
Feis Bhéil Feirsde
Author(s)
Cú Uladh,
Pen Name
Cú Uladh
Composition Date
1912
Publisher
An Claidheamh Soluis

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926


Feis Bhéil Feirsde.



Tá an Fheis seo thart agus ba mhór thairbheach
an Fheis í. Is dóigh liom go mbéidh cunntas
oifigeamhail agat ar thoradh na Feise, an méid
bhaineann leis na comórtasaibh agus leis na
duaiseannaibh agus ar an adhbhar sin chá thráchtaim
ar an taoibh sin de'n obair, acht bhéarfaidh mé
tuairisg in mo dhóigh féin ar roinn do ghnéithibh
agus do bhuadhaibh na Feise. Bhí ós cionn 800
iontála acht bhí an chuid is mó aca san cheol,13970 san
amhránaidheacht agus san rinnce. Mar sin
féin bhí cuid mhaith comórtas san teangain
agus san litridheacht, agus thuig gach uile dhuine
do bhí ag an Fheis gur mhór an feabhas tháinig
ar an Ghaedhilg i mBéal Feirsde i rith na
bliadhna. Na comórtais a bhí ceaptha againn
do na craobhachaibh agus do na sgoltachaibh
Náisiúnta b'éigin dúinn iad sgaoileadh siar


L. 04


mar nach raibh go leor iontála le comórtasaibh
dlisdeanacha do dhéanamh. Fá dtaoibh de na
craobhachaibh, ní dóigh liom go bhfuil siad ag obair
comh maith is bhí siad anuraidh. Ar chuma ar bith
na daoine atá ag staidéar ionnta b'fhearr
leobhtha gabhail isteach ar chomórtas aonfhir
na ar rangaibh ó'n chraoibh. Na sgoltacha
Náisiúnta chá dearn siad mórán oibre ar chor
ar bith agus an beagán a rinneadar b'fhearr
leobhtha, is cosamhail, a dhéanamh ós ísiol agus
i ngainfhios nó leigint do'n tsluagh fhághail
amach go bhfuil siad ag obair. Ní'l gar a bheith
ag ag caint leobhtha, mar labhair an tEaspog comh
láidir leobhtha anuraidh is d'fhéadfadh duine
labhairt leobhtha, agus is cosamhail nach bhfuil
a dhath a mhaith ann. Comh fhad is tá an Bórd
gránda taobh shiar daobhtha agus go dtuigeann
na múinteoirí nach gcuirfear ró-chruaidh ortha
fá'n Ghaedhilg rachaidh an Ghaedhilg ar leathtaoibh.
An Bórd do bhriseadh agus cumhacht éigin do
chur in'ionad a bhéas freagarthach do mhuintir
na tíre, sin a bhfuil de léigheas ar an sgéal.
Trí sgoltacha ar fad do chuir páisdí isteach
i roinn na sgolaidheachta agus ó nach raibh siad
ar aon chéim le chéile i gceachdar aca, b'éigin
dúinn an comórtas leigint ar lár. Ach rinn-
eamar comórtas nuadh do na páisdibh iad féin
agus fuaramar amach go bhfuil na sgoltacha
a chuir isteach na páisdí ag teagasg na
Gaedhilge go breagh. Anuraidh chuir páisdí
a tháinig ó Ghleann Airtheach iongantas ar a
raibh i láthair ar fheabhas a nGaedhilge, acht i
mbliadhna bhí an chraobh le gearr-chailíníbh ó
sgoil Náisiúnta na mBan-riagalta ó Bhaile-Mhic
Airt i mBéil Feirsde. Sgoil Náisiúnta eile
do rug buaidh mór san teangain agus san
cheol iseadh sgoil Naoimh Ioseph(gasúr) ó Lios
na gCearrbhach. Thaisbeán an dá sgoil seo an
méid is féidir a dhéanamh má tá fonn oibre
ar na múinteoiribh. Is dóighthe go bhfuil an
clár céadna le múnadh ins na sgoltachaibh seo
is tá ins na sgoltachaibh eile agus eirigheann
leobhtha an Ghaedhilg a thabhairt do na páisdíbh
san am céadna. Agus chan eadh go dteag-
asgann siad beagán de'n Gaedhilg do réir
an chláir acht bheireann siad an teanga go beo
binn blasta do na páisdibh. Dubhairt duine
de na moltóiribh go raibh sé 'na mholtóir go
minic ar Fheiseannaibh, cuid aca san Ghaedheal-
tacht, agus nár casadh air go dtí sin cailíní de'n
aois céadna a raibh Gaedhilg níos fearr aca
na cailíní beaga Bhaile Mhic Airt. Mar sin
cibé ar bith leithsgéal déantar ó na sgoltachaibh
Náisiúnta is cinnte gur féidir an obair a
dhéanamh ionnta ach' fonn oibre do bheith ar na
múinteóiribh. Bhí suas le leath na gcomór-
tasaidhthe ag an Fheis ó sgoltacha na mBráthar
i mBéal Feirsde. Chá raibh comórtas sgoltach
ar bhféidir leobhtha seo gabhail isteach air, acht bhí
cuid aca istigh ar comórtasaibh eile in ar
bhféidir tuairim a thabhairt ar a n-eolas ar
Ghaedhilg. Is í an tuairim atá agam féin gur
beag an méid Ghaedhilge múintear go fóill
ins an sgoltachaibh seo. Tá ceol aca, tá rinnce
aca, tá athriseoracht aca, tá stair aca, acht
ní'l an Ghaedhilg aca. B'fhéidir go bhfuil mé
cearr ins an tuairim sin agus chan fhuil ann acht
tuairim ach' sin í mo thuairim-se. Agus ní
thuigim an sgéal. Chan fhuil an Bórd Náisiúnta
malluighthe ós a gcionn agus tá na Bráithre
seo againn báidheamhail, agus an-bháidheamhail,
do'n Gaedhilg agus tá na múinteoirí
Gaedhilge aca, ach ní'l an Ghaedhilg ag na
gasraibh nó ní'l mórán Gaedhilge aca. Goidé'n
fáth nach mbeadh Gaedhilg ag gach gasúr ag sgol-
tachaibh na mBráthar comh maith is tá ag na
caiíníbh beaga ar sgoil na mBan-riaghalta
Bhaile Mhic Airt, atá níos óige na iadsan agus
nach bhfuil ag foghluim Gaedhilge níos mó 'na
cúpla bliadhan? Tá lúb ar lár i n-áit éighinteach.
Tá buachaillí na mBráthar ag teacht 'un na
Feise le ceithre bliadhna; budh ceart go mbeadh
siad 'na nGaedhilgeoiribh chliste anois. Cén
uair a bhéidh siad 'na nGaedhilgeoiribh?



Tá rud amháin buailte isteach in m'inntinn .i.
go gcaithfidh an Coisde Ceanntair amharc i
ndiaidh na sgoltacha níos mó na rinneadar
go dtí anois, agus níos mó saothair a ghlacadh
féachaint an bhfuil an Gaedhilg dhá múnadh
dáiríribh ionnta.



San sgéalaidheacht, san aithriseoracht, san
damsadh, agus san cheol bhí biseach mór ar an
obair i mbliadhna. Ins na comórtasaibh liteardha
bhí níos mó comórtasaidhthe agus bhí an obair
níos fearr aca. San drámaidheacht fuaramar
mion-dráma amháin atá go maith.



I roinn na staire; seo an chéad bhliadhain
ar rinneadh an fomhadh i nGaedhilg agus
d'eirigh linn go breagh. Cuirim chugat na ceis-
teanna ar cuireadh ar na sinnsearaibh agus
'théidhfidh tú nach ró-bhog na ceisteanna iad ach'
d'eirigh le buachaillibh ó Choláisde Naoimh
Mhaolmhaodhoig iad d'fhuasgailt go measardha
maith.



Rud amháin do theastuigheann go mór uainn
i ngach fheis i nÉirinn go mbeadh cothrom
céime againn dha' sgrúdughadh ar fud
na tíre i modh go dtuigfidhe an gabhail 'un
tosaigh atá dhá dhéanamh gach uile bhliadhain agus
i modh nach dtiubhraidhe duais d'aon duine gan
gabhail ar aghaidh éighinteach déanta aige san
bhliadhain. Is mithid do Choisde an Oireachtais
tabhairt faoi'n obair seo agus buidhean do
thabhairt le chéile do dhaoinibh stuamdha a bhfuil
eolas ar fheisidheacht aca le réim fromhtha do
cheapadh do na feiseannaibh. Is mór an chaill-
eamhaint dúinn gan a leithéid do bheith againn.



Tá mé ag cur chugat somplaí d'agallamh
beirte, d'aithriseoracht, agus de cheisteannaibh
staire a bhí againn ag an Fheis súil go gcuirfidh
tú i gcló iad agus go mbéidh siad fóirstineach
do lucht feise eile. Ní éigin duit iad do chur
i gClaidheamh na seachtmhaine seo. Ó is
againne i mBéal Feirsde céad fheis na bliadhna
ní misde chur in umhail do dhaoinibh eile an obair
a bhíonn ar cois againn.



Is ceart domh a rádh sul a chríochnuighim
go dtug Domhnall Ó Baoighill, timthire, cuidiughadh
tábhachtach dúinn aismsir na Feise; agus gur
thaitin ceol Sheamuis de Chlandilliúin go mór
le gach duine ag an chuirm ceoil do bhí againn
dia hAoine.



Cú Uladh.

19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services