Historical Irish Corpus
1600 - 1926
Historical Dictionary of Irish
Search the corpus
Browse the Text Archive 1600-1926
Cailín Beag na Lasóg
Title
Cailín Beag na Lasóg
Author(s)
Liam Ó Domhnaill,
Translator
Ó Domhnaill, Liam
Composition Date
1912
Publisher
An Claidheamh Soluis
Téacs
Comhad TEI
Gnáth-Théacs
Comhad ePub
Search Texts
Enter word/phrase
Search Type
Headword
Standardised
Exact match
Phrase
Word Type
All
Adjective
Noun
Preposition
Pronoun
Verb
Verbal Noun
Poetry/Prose
Both
Prose
Poetry
Set Dates
1600
1926
Cailín Beag na Lasóg. (ó'n Fhrainncis bunaidh) Lá deireannach na bliadhna do bhí ann. Bhí an sneachta ag tuitim agus dorchadas na hoidhche ag teacht. Bhí nimh sa ghaoith. I lár an fhuachta chidhfá go doiléir, cailín beag bídeach ag dul thart sa tsráid, a ceann gan caidhp a cosa gan bróg, gan stoca. Ag díol lasóg do chaith sí an lá; agus bhí a praisgín lán de bhosgaibh anois; óir níor ceannuigheadh oiread is aon bhosga amháin uaithi an lá soin. Badh a dubhach doilbh aici é is gan leith-phingin i n-a póca dá éis. Bhí an fuacht ag goilleamhain uirthi go mór agus an t-ocras. Ní hiongnadh gan an séan do bheith ar lasadh i n-a súilibh, an cailín bocht! Bhí na sláma sneachta ag tuitim ar a folt cas; acht ní ag smaoineamh ar a folt cas do bhí sí. Bhí soilsí ar lasadh i bhfuinneogaibh na dteach agus boladh cumhra an bhídh le fághail ag lucht siubhail na sráideann. Do shuigh sé síos i gcúinne idir dhá thigh agus í go faon, lag, tinn. Bhí an fuacht ag dul i ngéire agus é ghá claoidh acht ní leigfeadh an eagla dhi dul a bhaile. Ní raibh na lasóga díolta. Ní raibh aon airgead aici de bhárr an lae. Do ghabhfadh a hathair uirthi. Agus rud eile, ní raibh sa mbaile acht fuacht agus ocras, freisin. Ní raibh acu acht droch-sheomra fá dhíon an tighe agus dob olc an díon é. Bhí an bhraon anuas ann is séideán gaoithe isteach. I n-ionad gloine do bheith is na fuinneogaibh is amhlaidh bhí tuighe is ciortacha... D'fhanfadh sí lasmuigh. B'fhéile na sráideanna 'na an teach. Acht nach fuar do bhí a lámha beaga caola! B'fhéidir go ndéanfadh lasóigín an fhuil do cur ag preabadh ionnta arís! An mbeadh de mheisneach aici aon lásóg amháin do tharraing as a cuid earraí agus í chuimil de'n bhalla? Do las sí ceann acu. Cárbh aoibhinn réaltach do shoilsigh an solus sa dorchadas! Choinnigh sí a dhá láimh timcheall ar an lasóig agus do dhearc sí ar an solas isteach. Do shamhluigheadh di mar do bheadh oighean mór iarainn ann is cnaipí ornáideacha air agus clúdach práis go glé taitneamhach agus teine bhreagh ag cur teasa ar gach ní. Do shín an cailín bocht a cosa fuara chun na teineadh d'fhonn na cosa do ghoradh chomh maith leis na lámhaibh. Do múchadh an lasóg. D'imithigh an t-oighean as amharc. Bhí sí i n-a suighe sa bhfuacht agus gan aici i n-a láimh acht smut beag de'n lasóig dóighte. Do las sí an dara ceann. Do shoilsigh an lasóg go lonnrach glégeal ar an mballa. Chuaidh an solas tré'n mballa amhail is dá mbudh ghloine é. Do chonnaic an leanbh beag seomra taobh thiar de'n “ghloine” agus bórd fá éadach cláir chomh geal le brághaid na heala. Bhí gach aon chineál méise ag taithneamh ar an mbórd agus gé rósta agus gal aisti ar mhéis acu. Bhí boladh na gé ag teacht chuici. Acht thug an ghé léim go hobann i dtreo an chailín bhig. Bhí gabhal is sgian ar mhuin na gé. Bhí béile blasta le bheith aici. Acht do múchadh an lasóg. Ní raibh os a comhair acht an balla agus é go dorcha fuar. Do las sí an tríomhadh ceann. Do-chidh sé gan mhoill í féin i n-a suidhe fá árd-chrann aoibhinn Nodlag. B'fhearr de chrann é agus budh dheise ná an crann Nodlag do chonnaic sí tré fhuinneóig siopadóra shaidhbhir an lá fá dheireadh. Bhí na mílte coinneal iol-dathach ag spréacharnaigh ar chraobhacha glasa an chrainn. Bhíodar ag mion-gháire go fial fáilteamhail, dar léi. Do shín sí a lámh i n-áirde. Do múchadh an lasóg agus do múchadh na mílte coinneal. Ní raibh os cionn an leinbh bhoicht acht an spéir go glan, gorm, árd is réalta ar lasadh chun seaca tar éis an tsneachta. Do thuit réalt díobh is earball soilseach leis. “Sin duine atá ag fághail bháis,” ar an cailín bocht léi féin. Fuair sí an t-eolas soin ó n-a sean-mháthair, an t-aon duine do bhí i n-a ceann maith dhi. Sul d'imithigh sí sin ar shlighe na fírinne adubhairt sí leis an leanbh: “Nuair a thuiteann réalt anuas ó' spéir comhartha é sin go bhfuil anam duine ag dul suas chun Dé atá sa bhFlaitheas.” Do las sí lasóg eile fós. Do lonnruigh an solus go haoibhinn taithneamhach soilseach. Bhí a sean-mháthair i n-a seasamh i lár an tsoluis is í ag dearcadh ar an gcailín beag go caoin, glórmhar. “A shean-mháthair dhílis,” ar an cailín bocht, “glac chugat mé. Nuair múchfar an lasóg ní bheidh tú ann. Imtheochaidh tú mar d'imthigh an t-oighean, agus an ghé rósta, agus an crann aoibhinn úd na Nodlag.” Do las sí annsin a raibh de lasógaibh sa bhosga mar budh mhian léi cuideachta na sean- mháthar do bheith aici agus do thug na lasóga solus lonnrach chomh geal leis an lá. Níor chuimhin léi am ar bith cheana an tseamháthair do bheith chomh maiseach soin. Thóg sí an cailín beag i n-a baclainn, dhuadar ag eitill i n-aoinfheacht i lár an tsoluis. D'éirigheadar is d'éirigheadar go hárd sa spéir agus níor stadadar gur shroicheadar an Ríoghacht i nach bhfuil fuacht ná ocras ná triob- láid. Bhíodar i láthair Dé. Ar dteacht na maidne fuaire bhí an cailín bocht in-a luighe sa chúinne idir an dá thigh. Dath gorm liath-ghlas i n-a gruadhnaibh agus mion-gháire ar a beolaibh… Bhí sí tar éis báis agus an chéad lá de'n áith-bhliadhain ann. D'éirigh an lá go dubhach ar an gcorpáinín bocht sínte sa tsneachta is bosgaí lasóg i n-a thimcheall. Bhí aon bhosga amháin is a raibh ann i n-a luaithreadh. “Budh mhaith léi a goradh do dhéanamh!” arsa duin' éigin… Ní raibh a fhios ag an saoghal na neithe áluinne do chonnaic an cailín bocht agus an tosnughadh glórmhar do-rinne sí i gcóir na bliadhna nuaidhe. Liam Ó Domhnaill.
19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services